06 Eanáir 2011

níos fearr ná marmaláid



Rollóg arán caiscín, tóstáilte le seacláid uirthi! Tháinig an tseacláid - seacláid dhubh, ar ndóigh - ó phuimcín seacláide a raibh brat óir - an-tanaí ar fad - air. Tá an t-ór, atá inite, le brath ar chraiceann na seacláide leáite.

05 Eanáir 2011

666



Léim an uimhir seo amach nuair a d'oscail mé an blag ar maidin. An é an chaoi go bhfuil rud éigin fíor-dhiabhlaí ag baint leis an mblagmhír roimhe seo, uimhir a 666? Tá marbhán ann a bhfuil deatach ag teacht as a bhéal, tar éis an tsaoil.

Cloch mhíle eile atá ann, ar aon nós. Go raibh maith agaibh as na blúirí seo a léamh.

03 Eanáir 2011

deatach as a bhéal


(Tá an íomhá seo inmhéadaithe le clic mar is iondúil.)

Seo sliocht as Leabhar Mór Leacain. Scríobhadh é ar imeall uachtarach an leathanaigh (f. 70v) mar aguisín le cuntas ar Dáithí mac Fiachrach (nó Nath Í, mar a thugtar air freisin). Píosa aisteach seanchais atá ann. Tá an teanga gar do Ghaeilge an lae inniu:

An tan tainig saighed ghealain do nemh chuigi co fuair bás 7 do cuiredar na sloigh spongc re lasadh na beol asa saoilfedh cách combeadh sé beo 7 gura bí a anáil do bheith ag techt amach tar a beol.

An uair a tháinig splanc thintrí de neamh chuige go bhfuair sé bás agus do chuir na sluaite sponc ar lasadh ina bhéal le go saoilfeadh cách go raibh sé beo agus gurbh é a anáil a bhí ag teacht amach as a bhéal.

Níor léigh mé faoin gcleas seo áit ar bith eile, ach ní bheadh ionadh orm dá mbeadh sé le fáil i scéalta eile ón mheánaois i dtíortha eile. Níl mé cinnte cé hiad na heochairfhocail ba cheart dom a úsáid le haghaidh cuardach Google.

cuairteoir sa chlós tosaigh



Thóg mé an pictiúr seo arú inné. Seabhac Cooper (Accipiter cooperii) atá ann, mura bhfuil dul amú orm. Ní fhaca mé ceann riamh sa chomharsanacht seo, ach ní raibh ionadh orm é a fheiceáil. Tá an seabhac seo sách coitianta ar fud Meiriceá Thuaidh.

Níl siad chomh meabhrach leis na préacháin (ná chomh callánach leo!) ach is eitleoirí iontacha agus sealgairí éifeachtacha iad. Itheann siad éin eile den chuid is mó. Bhí cúpla scréachóga gorma sa chrann seo díreach roimh theacht don seabhac. Chonaic mé ceann acu níos déanaí i bhfolach i dtom in aice leis an gcrann, é an-chiúin, a cheann crom agus a chírín íseal.



Seo pictiúr a fuair mé ó Íomhánna Google den éan céanna san aer.

01 Eanáir 2011

féileacáin



An bhfeiceann tú iad?
Féileacáin.
Ar an bpáipéar leithris.
Bím ag glanadh mo thóna
le féileaceáin!

dán uimhir a haon le haghaidh na bliana 2011

1-1-11


(Nó A A O, más mar litreacha oghaim a léitear é.)

Rann dúinn uilig ó Bhetha Colmáin maic Lúacháin:

Bendacht duine, bendacht Dé,
robet ort ule 'malle,
fort chlaind, fort chiniud cen cess
nachustarla anfaitchess.

Beannacht duine, beannacht Dé,
go raibh siad uile ort le chéile,
ar do chlann, ar do shliocht gan bhrón,
nár tharlaí anachain dóibh.

31 Nollaig 2010

an lá deireanach de 2010



Na Sléibhte Olympic
an radharc ó mo chnoc ag meán lae inniu

Tá sé fuar anseo sa chathair arís, ach tirim:

Spéartha geala
gan aon sneachta,
gan cheo meala,
ach neart seaca.