20 Nollaig 2010

An rud a rinne Molly anocht


láithreach na coire


déantóir na coire

claoine aiseach


21 Nollaig, Grianstad an Gheimhridh

claoine aiseach:
taisteal Eorpach
ina phraiseach.


claoine - ainmfhocal déanta ón aidiacht “claon”
aiseach - aidiacht déanta ón ainmfhocal “ais”, ón Laidin “axis”

19 Nollaig 2010

an dá sholas



Seo pictiúr a thóg mé ar maidin toisc gur thaitin solas na maidne liom. Husky Stadium de chuid Ollscoil Washington atá ar an taobh thall den uisce. Tig leat an íomhá a mhéadú, mar is iondúil.



Seo é an radharc céanna idir sholas an lae agus na hoíche. Thóg mé an ceann seo mí ó shin.

18 Nollaig 2010

fíon agus uisce



Ach cá bhfuil an leann dubh???

17 Nollaig 2010

recte


Focal Laidine a chiallaíonn “go ceart” is ea “recte”. Baintear úsáid as roimh cheartúcháin: ainm, dáta, nó fíric eile atá mícheart. Bainim féin úsáid (ró-úsáid?) as le mílitriú, dearmad cló nó mionbhotún gramadaí a shonrú. Is focal idirnáisiúnta é, cosúil leis na focail “nota bene (N.B.)”.

Is féidir linn “nod leat” a scríobh in áit “N.B.”. Shíl mé riamh go mbeadh sé go deas dá mbeadh leagan Gaeilge de “recte” ar fáil freisin. Is dóigh liom go bhfuair mé an focal atá ag teastáil.


COCART
/kogǝrt/

Tá an focal seo, scríofa in ogham, le feiceáil ar chúpla leathanach de lámhscríbhinn Laidine atá breac le nótaí i nGaeilge a scríobhadh sna blianta 850-851. Is ainm briathartha é, ón mbriathar “con·certa = ceartaíonn”. Ciallaíonn sé “ceartú, ceartúchán”. Tá an focal “coigeartú” againn fós. Tá sé ar intinn agam “coigeartú” a úsáid in ionad “recte” as seo amach.

16 Nollaig 2010

‘á’ aisteach


Cliceáil le méadú.

An aithníonn éinne an litir (?) a sheasann in áit ‘á’ nó ‘à’ sa teideal thuas? Taitníonn sí liom ach níl a fhios agam beo cad as di. Tarlaíonn malartú mar seo ó am go ham, ar ndóigh, ach ní fhaca mé an ceann seo riamh.

15 Nollaig 2010

sirtheoirí gutháin



Glaonn siad orainn ar an nguthán thart faoi am dinnéir nó níos déanaí. Ní fhágann siad teachtaireacht. Má thógaim an glacadóir níl éinne beo ar an líne ar dtús, ansin, má deirim “hello” (nó rud ar bith eile) tagann duine ar an líne. “Good evening sir,” a deir sé.

Bíonn a fhios agam roimh ré - toisc go bhfuil aitheantas glaoiteora (caller I.D.) againn - gur sirtheoir de shaghas éigin atá ann. Ní cara nó aitheantas atá ann nuair a deir an scáileán beag “Market Research Solutions” nó rud éigin mar sin!

Ní thógaim an glacadóir de ghnáth. Ní réiteach é sin dáiríre, áfach, toisc go nglaonn siad arís an chéad oíche eile, agus mar sin de. Uaireanta labhraím leo agus deirim leo gan glaoch ar ais. Ach ní oibríonn sé sin i gcónaí.

Tá straitéis nua agam. Lean mé an straitéis seo uair amháin cúpla seachtain ó shin agus níor ghlaoigh siad ar ais. Ní raibh éinne sa bhaile tráthnóna inniu ach mé féin agus na cait, mar sin bhain mé triail as arís. Tar éis do mo dhuine “Good evening” a rá thug mé AN SCRÉACH dó, díreach mar atá le feiceáil sa phictiúr thuas, i sean-ard mo chinn: AAAARRRGGGGHHHHHhhhhhhhh.

Scanraigh mé na cait, na créatúir.