
Ampersand an t-ainm atá ar an lógógram idir pay agus display san fhógra seo atá le feiceáil ar fud BÁC. Deir focal.ie gur cheart dúinn amparsan a thabhairt air i nGaeilge. Tá lógógram dár gcuid féin againn, ar ndóigh, atá le feiceáil thuas idir íoc agus taispeáin. Ach cén t-ainm atá air?
Tá an t-ainm ampersand réasúnta nua, dála an scéil. Bhíodh áit ag “&” mar an litir dheireanach den aibítir i scoileanna sa naoú haois déag. Nuair a d'aithrisídís mic léinn an aibítir, deiridís a, b, c, d ... x, y, z, and per se and. Is ó na ceithre fhocal seo ag deireadh na haithrise a tháinig ampersand.
Maidir leis an “amparsan Gaelach”, is nod é a tháinig ón Laidin. Is féidir é a scríobh leis an uimhir “7”, cé go bhfuil áit aige in Unicode ag pointe U+204A. Athraíonn an chuma atá air beagán ó chlófhoireann go clófhoireann: ⁊ ⁊ . Ach arís, cén t-ainm atá air?