31 Deireadh Fómhair 2010

ceann gan cholainn?



An macalla de “shealgaireacht ceann” na Sean-Cheilteach é an lampa tornapa seo?

Bhí sé de nós ag gaiscígh Cheilteacha ar an Mór-roinn cinn a gcuid naimhde a theascadh agus a bhreith leo abhaile mar thrófaithe. Luaitear an nós céanna i seanscéalta na nGael. Sa sliocht seo as Scéal Muice Mhic Dathó tá laochra na hÉireann ag sáraíocht ag féasta faoi cé acu is cróga. Beidh cead ag an laoch is fearr an mhuc a roinnt agus an churadhmhír a ithe.

“Ata imorro,” ar Conall.

“Luím luighe mo thuaithe, ó ghabh mé ga im láimh, ní minic a bhí mé gan cheann Connachtaigh faoi mo cheann ag codladh, agus gan duine a mharbh gach aon lá agus gach aon oíche.”

“Toṅgu na toṅgat mo thuath, o ra-gabus gai im láim, nach menic robá cen chend Connachtaig fóm chind oc cotlud, ocus cen guin duine cech oen lá ocus cech oen aidchi.”

“Is fíor,” arsa Cead, “gur laoch níos fearr ná mise tusa. Dá mbeadh Anluan sa teach, thabharfadh sé comhrac ar chomhrac duit. Is náire dúinn nach bhfuil sé istigh.

“Is fir," or Cet, "at ferr do laéch andó-sa. Mad Anluan no-beth is taig, doberad comram ar araile duit. Is anim dún na fil is taig.”

“Ach tá,” arsa Conall, ag tabhairt cheann Anluain as a chrios. Agus radann sé ar ucht Cheid é le gur bhris brúcht fola ar a bhéal.

“Atá imorro,” ar Conall ic tabairt chind Ánlúain assa chriss, ocus nos-leice do Chet ar a bhruinni, cor-roimid a loim fola for a beolu.

30 Deireadh Fómhair 2010

síthe na hÉireann



Laud 610, f120v

badair oslaicte sidha eireann im samain

Bhí síthe na hÉireann oscailte um Shamhain.

Agus céard go díreach a thiocfadh astu dá mbeidis ar oscailt i mbliana?

Tá an abairt seo as Macgnímartha Finn, atá scríofa i lámhscríbhinn Gaelach atá i mbraighdeanas fós ag na hOxonians thall i Sasana.

28 Deireadh Fómhair 2010

Tiarna na Marbh


Mictlantecuhtli

Ciallaíonn an t-ainm Nahuatl seo “Tiarna Mictlan”. Is ionann Mictlan agus “Tír na Marbh” i miotaseolaíocht na nAstacach. Tá an íomhá seo le feiceáil sa Museo Rufino Tamayo in Oaxaca, ceann de na músaemanna beaga is fearr ar domhan (i mo thuairimse).

Mar a dúirt mé i nóta tráchta ceangailte leis an mblagmhír roimh an gceann seo, tá daoine i SAM, Críostaithe bunchreidmheacha den chuid is mó, a smaoiníonn go raibh “dia na marbh” ag na Gaeil, agus gur “Samhain” an t-ainm a bhí air. Tá breall orthu.

Ach is cosúil go raibh pearsa miotaseolaíochta eile ag na Sean-Ghaeil ar a dtugtar “Tiarna na Marbh” uaireanta, .i. Donn. Tá cónaí air i dTeach Duinn, oileán beag carraigeach amach ó Inbhear Scéine (Kenmare Bay), in aice le hOileán Baoi (Dursey), a dtugtar “An Tarbh” air inniu. Tá scéilín sa Dinnseanchas a mhíníonn an miotas seo, cé go dtugann sé spin críostaí dó. Tá an bunleagan ar fáil anseo. Seo agaibh an scéal i nGaeilge an lae inniu:

Teach Dhuinn (Tech nDuinn), cad as don ainm sin? Ní hansa.

Nuair a chuaigh mic Mhíl aniar go hÉirinn, dúirt a ndraoi leo, “Má théann fear agaibh suas ar chrann na loinge,” ar seisean, “agus má chanann sé dícheadail in aghaidh Tuatha Dé ar dtús, brisfidh an cath orthu (.i. cloífear iad) agus is linn a bheas a dtír go brách. Agus éagfaidh an fear a chanfas an briocht.”

Bhí crannchur acu agus thit sé ar chrann Dhuinn a dhul suas ar chrann na loinge. Sin mar a rinneadh. Chuaigh Donn suas ar an seol agus chan sé briochtaí ina n-aghaidh, agus chuaigh sé síos ansin agus dúirt: “Dar déithe, ní bheidh ceart ná cóir daoibh feasta!”

Ansin chan Tuatha Dé dícheadail ina n-aghaidh ar ais ón tír mar fhreagra. Tar éis dóibh Donn a mhallú tháinig crith-ghalar isteach sa long gan mhoill. Dúirt Amhairghein, “Gheobhaidh Donn bás, agus ní bheadh sé rathúil dúinn a chorp a choinneáil, ar eagla go dtolgfaidh muid an galar. Má thugtar Donn i dtír linn, beidh an galar in Éirinn go brách.” Dúirt Donn, “Beirtear mo chorp chuig aon cheann de na hinsí seo agus tabharfaidh mo mhuintir beannacht orm go brách.”

Tháinig stoirm mhór orthu ansin de dheasca bhriochtaí na ndraíonna agus bádh an bárc a raibh Donn ann. “Beirtear a chorp go dtí an charraig úd thall,” arsa Amhairghein. “Tiocfaidh a mhuintir go dtí an áit sin.” Teach Dhuinn a thugtar air dá bhrí sin.

Is ar an ábhar sin a thagann anamacha na bpeacacha go dtí Teach Dhuinn ar dtús ar a mbealach go hifreann, de réir na bpágánach, lena mbeannacht a chur ar anam Dhuinn. Más anam fíréanta an aithrigh atá ann, áfach, feiceann sé an áit i bhfad uaidh agus ní théann sé amú. Is é sin creideamh na bpágánach. Teach Dhuinn a thugtar air dá bhrí sin.

26 Deireadh Fómhair 2010

Muck Olla, nó...


... trick or treating ar Oíche Shamhna i gContae Chorcaí sa naoú haois déag:

Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland, Volume 2 (1892)
pp. 308-09

Maidir leis na foregoing fables, is scéalta ón mbéaloideas iad faoi mhuc mhór nó muca móra a chreach is a bhánaigh an ceantar agus a mharaigh Gearaltach éigin. Is féidir, ar ndóigh, gurb ionann “muck” agus “muc” agus go bhfuil baint ag “olla” leis an aidiacht “oll = ollmhór”. Ní dóigh liomsa gur muc déanta as olann atá i gceist!

Pé scéal é, tá an láir bhán chéanna le feiceáil fós i lár an gheimhreadh sa Bhreatain Bheag, mar a dtugtar Mari Lwyd uirthi. Téann sí ar thosach na ndaoine a théann ó dhoras go doras ar Oíche Chinn Bhliana thall ansin.

Déantar tagairt thuas do na rannta a chan na daoine a lean an láir in Éirinn, agus go háirithe don second distich a raibh coarse expressions ann. Is cosúil go mbeidh a fhios agaibh céard go díreach atá i gceist má tá sibh sách archaeological.


An bhfuil níos mó faoin scéal seo ag éinne anseo?

luí na gréine i bPáras


7 Deireadh Fómhair 2010
(cliceáil le méadú)

Fuair mé dornán grianghrafanna ó Mhaxime (a chonaic sibh sa chistin cúpla blagmhír ó shin) inné, grianghrafanna a thóg sé óna árasán i bPáras den ghrian ag dul faoi ó lá go lá. Is dóigh liom go bhfuil an ceann seo go hiontach.

25 Deireadh Fómhair 2010

leathlitreacha


Deirtear go dtuigeann lucht an léinn leathfhocal. Tuigeann lucht léite lámhscríbhinní leathlitir freisin. Seo dhá cheann acu:

corp

Níl san “r” seo ach an dara leath den litir R. Ní bhactar leis an gcuaille.

cen
(gan)

Séard atá in easnamh anseo ná an trasnán sa litir eE. Déantar an litir a shíneadh freisin le go mbíonn spás ina hucht (nó ina baclainn?) i gcónaí le haghaidh na litreach a thagann ina diaidh, an “n” sa chás seo.



Seo é an t-aon leathlitir atá coitianta, go bhfios dom, i gclódóireacht an Bhéarla: an i a chaill a phonc in ascaill an f.

24 Deireadh Fómhair 2010

béile Liobánach


Sheol mo neacht Jessica dornán grianghrafanna chugam inné, pictiúir a thóg sí le linn cuairte orainn i Mí Lúnasa. Rinne Maxime-le-Parisien, a bhí ar cuairt orainn san am céanna, béile mór Liobánach dúinn oíche amháin. Ba cheart dom “lá amháin” a rá, toisc gur chaith beagnach an lá ar fad sa chistin á chur le chéile. Mionghearrtar go cúramach chuile rud a théann isteach i mbéile mar seo.


Seo radharc ar an bhféasta, díreach roimh shuí chun boird dúinn:


Bhí 1o mias againn, móide arán pita agus fíon, gan trácht ar an milseog!