26 Deireadh Fómhair 2010

luí na gréine i bPáras


7 Deireadh Fómhair 2010
(cliceáil le méadú)

Fuair mé dornán grianghrafanna ó Mhaxime (a chonaic sibh sa chistin cúpla blagmhír ó shin) inné, grianghrafanna a thóg sé óna árasán i bPáras den ghrian ag dul faoi ó lá go lá. Is dóigh liom go bhfuil an ceann seo go hiontach.

25 Deireadh Fómhair 2010

leathlitreacha


Deirtear go dtuigeann lucht an léinn leathfhocal. Tuigeann lucht léite lámhscríbhinní leathlitir freisin. Seo dhá cheann acu:

corp

Níl san “r” seo ach an dara leath den litir R. Ní bhactar leis an gcuaille.

cen
(gan)

Séard atá in easnamh anseo ná an trasnán sa litir eE. Déantar an litir a shíneadh freisin le go mbíonn spás ina hucht (nó ina baclainn?) i gcónaí le haghaidh na litreach a thagann ina diaidh, an “n” sa chás seo.



Seo é an t-aon leathlitir atá coitianta, go bhfios dom, i gclódóireacht an Bhéarla: an i a chaill a phonc in ascaill an f.

24 Deireadh Fómhair 2010

béile Liobánach


Sheol mo neacht Jessica dornán grianghrafanna chugam inné, pictiúir a thóg sí le linn cuairte orainn i Mí Lúnasa. Rinne Maxime-le-Parisien, a bhí ar cuairt orainn san am céanna, béile mór Liobánach dúinn oíche amháin. Ba cheart dom “lá amháin” a rá, toisc gur chaith beagnach an lá ar fad sa chistin á chur le chéile. Mionghearrtar go cúramach chuile rud a théann isteach i mbéile mar seo.


Seo radharc ar an bhféasta, díreach roimh shuí chun boird dúinn:


Bhí 1o mias againn, móide arán pita agus fíon, gan trácht ar an milseog!

suas ó dheas, síos ó thuaidh



An ndeir éinne agaibh “síos ó thuaidh” nó “d'eitil mé síos go hÍoslainn”? Bhíodh an córas seo coitianta i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban tráth den saol. Cuireadh an úsáid seo de “síos” agus “suas” i gcuimhne dom aréir nuair a bhí mé ag léamh scéal Gàidhlig ó Albain Nua*:

“Thuirt e gu robh iad cho fada sios as an tuath [= sa tuaisceart] agus gun cluinneadh iad air oidhche gheamhraidh, gun cluinneadh iad an nighean aig Santa Claus a’ cluich ’sa chlàrsach mhór shios.”

Agus níos faide anonn sa scéal:

“’S an ceann bliadhna neo dhà as dheaghaidh sin [= ina dhiaidh sin] chaidh an duine sin suas dha na Staitean Aonaichte agus chaidh e gu lighiche sònraichte [lia speisialta] a bha shuas ann a’ New York....”

Tá “suas go Corcaigh, south to Cork” agus “síos go Cúige Uladh, north to Ulster” in FGB, ceart go leor, ach ní cuimhin liom iad seo a léamh i nGaeilge an lae inniu. Theip orm samplaí díobh a fháil i Sean-Ghaeilge.

* “Am Fear a Chaidh an Ceann a Ghearradh Dheth” le Eòs Nìll Bhig (Joe Neil MacNeil) in The Blue Mountains and Other Gaelic Stories from Cape Breton / Na Beanntaichean Gorma agus Sgeulachdan Eile à Ceap Breatainn, curtha in eagar le John Shaw, McGill-Queen's University Press, 2007

22 Deireadh Fómhair 2010

i dtaisce



Murab ionann agus cat Néidí, ní bheireann mo dhá chat féiríní chugam. An mhalairt ar fad. Beireann siad rudaí beaga leo “ar iasacht” agus cailleann siad iad. Ní raibh an peann nua a thaitin go mór liom ar mo dheasc anocht. Mar a dúirt mé anseo tamall ó shin, “Is maith le Michael pinn, tairní, agus cipíní itheacháin,” mar sin is airsean a smaoinigh mé láithreach bonn. Síos ar mo ghlúine liom, ag smúrthacht faoin radaitheoir. Ní bhfuair mé an peann ansin, ach seo thuas an dá rud a fuair mé: bonn tíu krónur ón Íoslainn agus liathróid phlaisteach a bhfuil bolgáin sholais LED inti. Lasann siad nuair a bhogtar an liathróid. Cheannaigh mé do na cait í níos mó ná bliain ó shin agus chuaigh sí as amharc i gceann lá nó dhó. Bhí áthas ar Mhichael í a fheiceáil arís!

Ach tá an peann nua caillte fós. Agus ní raibh mé riamh san Íoslainn.

neamhlíneacht




Cén fáth a bhfuil an dá fhocal seo, “hangeul” agus “iarsin”, cosúil lena chéile?

Ní hansa. Tá siad beirt scríofa le litreacha. Ach ní thagann na litreacha ar lorg a chéile i líne dhíreach.

San fhocal Gaeilge (nó Sean-/Meán-Ghaeilge, le bheith cruinn), tá an R in shuí faoin A i bhfoirm trasnáin. Tá an déghraf seo AR an-choitianta sna lámhscríbhinní. Sa dara leath den fhocal, tá an I suite faoin S, agus tá an N ag foluain os cionn an SI mar thrasnán forscríofa. Tá an giorrúchán seo an-choitianta freisin. Is ionann “iarsin” agus “ansin” nó “ina dhiaidh sin”.

Is focal Cóiréise é an dara ceann. Séard atá ann ná ainm na scripte, HangeulHangul, a úsáidtear leis an teanga sin a scríobh. Seo miondealú den fhocal:



Tá neamhlíneacht le fáil ar fud na háite i lámhscríbhinní Gaeilge. Murab ionann agus Hangul, bhí sí roghnach i nGaeilge. Ní raibh iallach ar an scríobhaí na litreacha a charnadh ar mhuin a chéile. Rinne sé é seo uaireanta le spás a choigilt, agus uaireanta (sílim) toisc gur bhain sé taitneamh as neamhlíneacht.

21 Deireadh Fómhair 2010

borradh faoi Oíche Shamhna



De réir alt ar an Wall Street Journal inné, tá siopadóirí is miondíoltóirí i Meiriceá ag tabhairt “an dara Nollaig” mar leasainm ar Oíche Shamhna na laethanta seo. Ceannaíonn níos mó againn maisiúcháin le haghaidh na féile seo (68% againn) ná le haghaidh na Nollag + Hanukkah + Kwanzaa (66%) ná le haghaidh na Cásca (34%).

Bhí mé sásta gur luaigh an t-alt bunús Gaelach na féile. Bhí an fuaimniú ceart den ainmfhocal Gaeilge ann freisin, cé nach dtuigtear -- mar is iondúil -- nach ionann Samhain agus Oíche Shamhna.

The holiday has roots in the Celtic holiday of Samhain (pronounced SOW-win), a night when the veil between the natural and supernatural worlds was thought to be most transparent.