24 Deireadh Fómhair 2010

suas ó dheas, síos ó thuaidh



An ndeir éinne agaibh “síos ó thuaidh” nó “d'eitil mé síos go hÍoslainn”? Bhíodh an córas seo coitianta i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban tráth den saol. Cuireadh an úsáid seo de “síos” agus “suas” i gcuimhne dom aréir nuair a bhí mé ag léamh scéal Gàidhlig ó Albain Nua*:

“Thuirt e gu robh iad cho fada sios as an tuath [= sa tuaisceart] agus gun cluinneadh iad air oidhche gheamhraidh, gun cluinneadh iad an nighean aig Santa Claus a’ cluich ’sa chlàrsach mhór shios.”

Agus níos faide anonn sa scéal:

“’S an ceann bliadhna neo dhà as dheaghaidh sin [= ina dhiaidh sin] chaidh an duine sin suas dha na Staitean Aonaichte agus chaidh e gu lighiche sònraichte [lia speisialta] a bha shuas ann a’ New York....”

Tá “suas go Corcaigh, south to Cork” agus “síos go Cúige Uladh, north to Ulster” in FGB, ceart go leor, ach ní cuimhin liom iad seo a léamh i nGaeilge an lae inniu. Theip orm samplaí díobh a fháil i Sean-Ghaeilge.

* “Am Fear a Chaidh an Ceann a Ghearradh Dheth” le Eòs Nìll Bhig (Joe Neil MacNeil) in The Blue Mountains and Other Gaelic Stories from Cape Breton / Na Beanntaichean Gorma agus Sgeulachdan Eile à Ceap Breatainn, curtha in eagar le John Shaw, McGill-Queen's University Press, 2007

22 Deireadh Fómhair 2010

i dtaisce



Murab ionann agus cat Néidí, ní bheireann mo dhá chat féiríní chugam. An mhalairt ar fad. Beireann siad rudaí beaga leo “ar iasacht” agus cailleann siad iad. Ní raibh an peann nua a thaitin go mór liom ar mo dheasc anocht. Mar a dúirt mé anseo tamall ó shin, “Is maith le Michael pinn, tairní, agus cipíní itheacháin,” mar sin is airsean a smaoinigh mé láithreach bonn. Síos ar mo ghlúine liom, ag smúrthacht faoin radaitheoir. Ní bhfuair mé an peann ansin, ach seo thuas an dá rud a fuair mé: bonn tíu krónur ón Íoslainn agus liathróid phlaisteach a bhfuil bolgáin sholais LED inti. Lasann siad nuair a bhogtar an liathróid. Cheannaigh mé do na cait í níos mó ná bliain ó shin agus chuaigh sí as amharc i gceann lá nó dhó. Bhí áthas ar Mhichael í a fheiceáil arís!

Ach tá an peann nua caillte fós. Agus ní raibh mé riamh san Íoslainn.

neamhlíneacht




Cén fáth a bhfuil an dá fhocal seo, “hangeul” agus “iarsin”, cosúil lena chéile?

Ní hansa. Tá siad beirt scríofa le litreacha. Ach ní thagann na litreacha ar lorg a chéile i líne dhíreach.

San fhocal Gaeilge (nó Sean-/Meán-Ghaeilge, le bheith cruinn), tá an R in shuí faoin A i bhfoirm trasnáin. Tá an déghraf seo AR an-choitianta sna lámhscríbhinní. Sa dara leath den fhocal, tá an I suite faoin S, agus tá an N ag foluain os cionn an SI mar thrasnán forscríofa. Tá an giorrúchán seo an-choitianta freisin. Is ionann “iarsin” agus “ansin” nó “ina dhiaidh sin”.

Is focal Cóiréise é an dara ceann. Séard atá ann ná ainm na scripte, HangeulHangul, a úsáidtear leis an teanga sin a scríobh. Seo miondealú den fhocal:



Tá neamhlíneacht le fáil ar fud na háite i lámhscríbhinní Gaeilge. Murab ionann agus Hangul, bhí sí roghnach i nGaeilge. Ní raibh iallach ar an scríobhaí na litreacha a charnadh ar mhuin a chéile. Rinne sé é seo uaireanta le spás a choigilt, agus uaireanta (sílim) toisc gur bhain sé taitneamh as neamhlíneacht.

21 Deireadh Fómhair 2010

borradh faoi Oíche Shamhna



De réir alt ar an Wall Street Journal inné, tá siopadóirí is miondíoltóirí i Meiriceá ag tabhairt “an dara Nollaig” mar leasainm ar Oíche Shamhna na laethanta seo. Ceannaíonn níos mó againn maisiúcháin le haghaidh na féile seo (68% againn) ná le haghaidh na Nollag + Hanukkah + Kwanzaa (66%) ná le haghaidh na Cásca (34%).

Bhí mé sásta gur luaigh an t-alt bunús Gaelach na féile. Bhí an fuaimniú ceart den ainmfhocal Gaeilge ann freisin, cé nach dtuigtear -- mar is iondúil -- nach ionann Samhain agus Oíche Shamhna.

The holiday has roots in the Celtic holiday of Samhain (pronounced SOW-win), a night when the veil between the natural and supernatural worlds was thought to be most transparent.

19 Deireadh Fómhair 2010

taibhse an chnádáin


Is ó Rann na nGág a d'fhoghlaim mé an téarma “taibhse an chnádáin” (= the bogey man) an lá cheana. Mar is iondúil, is é an chéad cheist a chuir mé orm féin ná “cad as dó, cén scéal atá taobh thiar de?" Agus an dara ceist ná “cén cnádán atá i gceist?” Níl raibh mé cinnte, toisc nach bhfaca mé bogey man riamh (ar feadh m'eolais). Tá ar a laghad dhá chnádán sa Ghaeilge:

cnádán nó natterjack toad


cnádán úcaire nó leadán úcaire

Is suimiúil an rud é nach bhfuil an focal “cnádán = natterjack” in FGB, cé go bhfuil sé in de Bhaldraithe s.v. toad. Tá an dá fhocal ag focal.ie. Agus tá “cnádán” eile ag Pota Focal (cé go bhfuil sé ag FGB freisin mar “cnádánacht = bickering; irritating, disagreeable, talk”).

Cén cnádán atá i gceist? Agus cén fáth??

feel



Ar chuir tú dua ort féin riamh le Gaeilge a chur ar abairt Bhéarla a bhfuil an briathar “feel” inti? Céard faoi na trí cinn seo? Thug mé cúpla iarracht ar aistriúcháin. Níl sa dara ceann ach míniú, dáiríre. Tá an tríú ceann beagán aisteach (d'aon turas). Moltaí ag éinne?

I feel good.Tá aoibh mhaith orm.

You feel good.Is breá liom do chorp in aice liom.

This sunshine feels good.Taitníonn taitneamh seo na gréine liom.

18 Deireadh Fómhair 2010

dath an fhómhair



Níl a fhios agam cén t-ainm atá ar an bplanda seo. Fuair mé é ag fás i measc na fiaile cois an chosáin an lá cheana. Ghearr mé gas de toisc gur thaitin dath na mbláthanna liom: buí atá ag éirí donn. Seo é dath an fhómhair domsa.