17 Deireadh Fómhair 2010

Jaaghey Meelowit


Cén teanga í seo?

16 Deireadh Fómhair 2010

Cé atá ag breathnú ort?


Nó céard?

Aguisín:


Ulchabhán cosúil leis an ceann seo a fheicimse san M thuas. Dá mbeadh GIMP foghlamtha agam, thabharfainn iarracht ar an M a fhorshuíomh ar an ngrianghraf seo.

Aguisín eile: Tig libh an M a fheiceáil forshuite ar an ulchabhán anseo, a bhuí le Dubhaltach.

Tá dúcheist agam daoibh.


nach rucad 7 nach berthar

Ca mac nach rucad 7 nach bérthar 7 mac d'ainm fair?

Cén mac nach rugadh is nach béarfar agus mac mar ainm air?

Tá an dúcheist seo le fáil i Leabhar Fhear Maighe. Má dhéantar cuardach Google (nó eile) gheofar an freagra. An bhfuil sé agat gan chuardach a dhéanamh?

13 Deireadh Fómhair 2010

briochtaí ban


Plomb du Larzac

Seo íomhá d'inscríbhinn ar bhileog luaidhe a fuarthas sa Fhrainc sa bhliain 1983. Is ceann de na téacsanna is faide a fuarthas riamh i nGaillis, teanga ársa na nGall (Gauls).


Seo dhá fhocal ón inscríbhinn thuas, a scríobh sna litreacha ar a dtugtar “scríbhneoireacht reatha Rómhánach” nó Latin cursive:

bnanom bricto[m]



Agus seo dhá fhocal ó Leabhar na hUidhre (líne 10015):

brectu ban

An dá fhocal ceannann céanna atá iontu, dáiríre, cé gur scríobhadh an leagan Gaeilge timpeall 1,000 bliain níos déanaí. Is cosúil go raibh eagla ar na Ceiltigh roimh dhraíocht na mban leis na mílte bliain anuas! Sa lúireach seo a chuirtear i leith Phádraig Naofa deir sé:

Tocuiriur etrum indiu inna huli nert-so [...]
fri brichtu ban ocus gobann ocus druad!

Cuirim idir mé [agus olc] inniu gach uile neart
in aghaidh briochtaí ban agus gaibhne agus draoithe!

12 Deireadh Fómhair 2010

iógart Turcach & iógart Gréagach


Thug cara liom, a rugadh is a tógadh san Eilvéis, próca dom leis an lipéad “Bire i Rotwy” air. Is é sin le rá “piorrai i bhfíon dearg”. Rinne sé féin iad. D'ith mé ceann acu anocht. Bhí sé an-bhlasta in éindí le daba mór den iógart seo:

Ach, a dúirt mé liom féin, céard is ciall le “chobani”? Iógart Gréagach atá ann, ach ní aithním “chobani” mar fhocal Gréigise. Níl cuma na Gréigise air ar chor ar bith. Beagán taighde san áit iondúil agus voilà: is focal Tuircise é a chiallaíonn “tréadaí”. (Dála an scéil, is i dTexas a dhéantar an iógart “Gréagach” seo.)

Ansin chuimhnigh mé ar scéal a léigh mé cúpla mí ó shin faoi fhear Gréagach a bhfuil a aghaidh le feiceáil ar "iógart Turcach” a dhéantar sa tSualainn:


Is cosúil go raibh ionadh an domhain ar mo dhuine, a rugadh is a tógadh sa Ghréig agus atá ina chónaí ann fós, nuair a dúirt cara leis a bhí ar chuairt sa tSualainn go bhfaca sé ansin é, ar iógart Turcach!

Cad é an Ghaeilge ar “turnabout is fair play”?

10 Deireadh Fómhair 2010

gorm, glas, uaine?


Leabhar Laighneach 54a 36

Tucait dano cucu a fáinne ... 7 a n-étguda eter chorcair 7 gorm 7 dub 7 úaine, buide 7 brecc 7 lachtna, odor, alad 7 riabach.

Ansin tugann siad chucu a gcuid fáinní ... agus a gcuid éadaí, idir chorcra is gorm is dubh is uaine, buí is breac is lachna, odhar, ballach is riabhach.

Ní luaiter an focal “glas” sa sliocht seo ón Táin, ach bhí sé sa Sean-Ghaeilge freisin. Seo agaibh a bhfuil le rá ag DIL (Foclóir na Sean- agus na Meán-Ghaeilge) faoi roinnt agus úsáid na ndathanna sa teanga anallód. Tá cuid mhaith den mhíniú seo fíor fós, i dteoiric ar aon nós. An fhírinne ná go leanann muid córas an Bhéarla chomh fada agus is féidir. (Ná stopaigí anseo, le bhur dtoil, mar tá ceist thábhachtach agam daoibh ag bun na blagmhíre seo!)

gorm
blue (generally deep-blue, caerulean, as opposed to “glas”)
  • of crystal, metallic sheen
  • often of weapons or armour
  • of sea or water
  • of sky
green
  • of verdure, vegetation; water
dark, swarthy, black

glas
various shades of light green and blue, passing from grass-green to grey, opposed on the one hand to “uaine” and on the other to “gorm”

green or greenish hue
  • of growing things, grass, trees, etc.
blue, greenish blue; greyish blue
  • of the blue dye extracted from woad (hence called “glasen”)
  • of metal
  • of frost or ice
shades of grey

wan (of complexion)

bluish, livid, discoloured

faded (of garments)

úaine
green, verdant
  • of fields, hills, etc.
  • of estuaries, rivers, etc. blue or green
  • in descriptions of people, of the eye
  • of clothes, armour etc.


An cheist anois! Mar a dúirt mé thuas, is dóigh liom go leanann an chuid is mó againn córas an Bhéarla an chuid is mó den am. D'fhoghlaim muid, ar ndóigh, go mbíonn daoine ón Afraic “gorm” de ghnáth, agus go bhfuil dath “glas” ar bhréidín roimh a dhathú. Tá go maith agus níl go holc, ach abraigí liom ...

Cén t-idirdhealú a dhéanann sibh idir “ghlas” agus “uaine”?

Ar chóir dom pictiúir a chur suas le go mbeidh deis agaibh glasuaine a thoghadh i ngach cás?

09 Deireadh Fómhair 2010

“á” #2


A .i. fen nó carr nó carpat

Á .i. féan nó carr nó carbad

Tá “á” eile sa tSean-Ghaeilge. Seo thuas an sainmhíniú de atá ag Cormac in Sanas Cormaic (ca. 900 A.D.). Tugann sé rann beag dúinn freisin a bhfuil an focal “á” i ngach líne de. Chuir mé an rann sin i mblagmhír eile beagán níos mó ná bliain ó shin, anseo.

Tá an focal féan beagnach marbh sa Ghaeilge. Tá sé againn in FGB mar fhocal Lit. leis an gciall wain, wagon. Is minic a bhíonn focail Ghaeilge a thosaíonn le f gaolmhar do fhocail a thosaíonn le v sa Laidin agus le w sa Bhéarla: fear ~ vir ~ were(wolf), mar shampla. Sa chás seo, tá féan, wain, agus wagon gaolmhar le chéile, agus le vehiculum agus via na Laidine chomh maith. Tagann siad uile ón bhfréamh Ind-Eorpaise *wegh-.