Thug cara liom, a rugadh is a tógadh san Eilvéis, próca dom leis an lipéad “Bire i Rotwy” air. Is é sin le rá “piorrai i bhfíon dearg”. Rinne sé féin iad. D'ith mé ceann acu anocht. Bhí sé an-bhlasta in éindí le daba mór den iógart seo:
Ach, a dúirt mé liom féin, céard is ciall le “chobani”? Iógart Gréagach atá ann, ach ní aithním “chobani” mar fhocal Gréigise. Níl cuma na Gréigise air ar chor ar bith. Beagán taighde san áit iondúil agus voilà: is focal Tuircise é a chiallaíonn “tréadaí”. (Dála an scéil, is i dTexas a dhéantar an iógart “Gréagach” seo.)Ansin chuimhnigh mé ar scéal a léigh mé cúpla mí ó shin faoi fhear Gréagach a bhfuil a aghaidh le feiceáil ar "iógart Turcach” a dhéantar sa tSualainn:
Is cosúil go raibh ionadh an domhain ar mo dhuine, a rugadh is a tógadh sa Ghréig agus atá ina chónaí ann fós, nuair a dúirt cara leis a bhí ar chuairt sa tSualainn go bhfaca sé ansin é, ar iógart Turcach!
Cad é an Ghaeilge ar “turnabout is fair play”?













