09 Deireadh Fómhair 2010

“á” #2


A .i. fen nó carr nó carpat

Á .i. féan nó carr nó carbad

Tá “á” eile sa tSean-Ghaeilge. Seo thuas an sainmhíniú de atá ag Cormac in Sanas Cormaic (ca. 900 A.D.). Tugann sé rann beag dúinn freisin a bhfuil an focal “á” i ngach líne de. Chuir mé an rann sin i mblagmhír eile beagán níos mó ná bliain ó shin, anseo.

Tá an focal féan beagnach marbh sa Ghaeilge. Tá sé againn in FGB mar fhocal Lit. leis an gciall wain, wagon. Is minic a bhíonn focail Ghaeilge a thosaíonn le f gaolmhar do fhocail a thosaíonn le v sa Laidin agus le w sa Bhéarla: fear ~ vir ~ were(wolf), mar shampla. Sa chás seo, tá féan, wain, agus wagon gaolmhar le chéile, agus le vehiculum agus via na Laidine chomh maith. Tagann siad uile ón bhfréamh Ind-Eorpaise *wegh-.

08 Deireadh Fómhair 2010

“á” #1


Focal deas gonta eile nach bhfuil sa teanga a thuilleadh:

á

A fhir há!
A fhiacail!

Is ar éigean atá an focal beag seo le fáil sa tSean-Ghaeilge féin ach amháin i gcineál meafair ar a dtugtar kenning. (Is oth liom nach bhfuil Gaeilge ar an bhfocal seo fós.) Is ionann “á” agus “béal”, agus is ionann “fer á” agus “fear béil” .i. “fiacail”. An-deas mar íomhá, nach ea? Dála an scéil, níl sa ‘h’ thuas ach iarracht ar bheagán téagair a thabhairt don fhocal beag seo. Ba sheanchleas é seo ag na scríobhaithe: “hí” in áit “i” agus mar sin de.

Séard atá sna focail thuas ná an chéad líne den rann seo, a chuirtear i mbéal Phádraig Naofa in Bethu Pátraic, Vita Tripartita Sancti Patricii (cuid a dó, línte 1618-21). Deirtear gur bhain Pádraig fiacail as a bhéal agus gur thug sé do Easpag Bróin í mar bhí an naomh an-cheanúil air.

A ḟir há,
ocus mennután immbá,
ó [a]táam i n-ar [m]bíu
nochot acca cosindíu.

A fhir bhéil,
agus an teachín ina raibh tú,
ó táimid inár mbeatha
ní fhaca mé go dtí inniu thú.

Tá trí rann eile sa dán seo, ach is leor an chéad cheann anois.

an corp i nGaeilge


1. Nuair a léann tú an focal “lámh”, an smaoiníonn tú ar (a):


Nó ar (b):



Nuair a léann tú an focal “géaga”, an smaoiníonn tú ar (c):


Nó ar (d):



Ag breathnú ar an bpictiúr seo thíos:

cad é an focal is túisce a thagann i do cheann?

(e) lámh

(f) rí

(g) sciathán

Ba bhreá liom bhur bhfreagraí a chloisteáil.

06 Deireadh Fómhair 2010

focal deas gonta eile...


... nach bhfuil againn níos mó:


Is de dia·tá Cluain Carpat forsin dú sin
Is dá bhrí sin atá Cluain Carbad ar an áit sin
(LL 69b)

Is ionann “dú” agus “áit” nó “ionad”, mar atá soiléir ón abairt thuas sa Táin a mhíníonn an logainm Cluain Carbad. Tá “dú” le fáil sna Gluaiseanna Würzburg (ca. 750 AD), cuid de na téacsanna Sean-Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn. Bhí “dú” beo fós 650 bliain níos déanaí sa Leabhar Breac:

co dú i mbatar sruthi
chuig áit ina raibh sruithe
(LB, lch. 2)

Is focal simplí gonta é “dú”, ach ní mar sin a thosaigh sé, thiar i ré na hInd-Eorpaise. Tháinig “dú” ó *dʰeĝʰōm.

“Talamh” an chiall atá le *dʰeĝʰōm. D'athraigh an chiall seo de réir a chéile ó "talamh” go “píosa talún” go “áit ar an talamh” go “áit” le linn réamhstair na Gaeilge. Ní gá a rá gur athraigh cruth an fhocail go mór freisin. Tá col ceathracha ag “dú” i dteangacha Ind-Eorpacha eile, mar áta “χθών” i nGréigis (cf. “chthonic” i mBéarla).

Níos fearr fós, tá col ceathar ag “dú” i dteanga an lae inniu, focal atá beo beathach agus nach bhfuil i mbaol a bháis ar chor ar bith, focal a tháinig ó *dʰĝʰomios, focal Ind-Eorpaise a chiallaíonn “talmhaí”: duine.

05 Deireadh Fómhair 2010

“Na Seacht gCineál Meisce”


le Pádraig Ó Siadhail

Ar léigh éinne agaibh an leabhar seo? Léirmheas?

04 Deireadh Fómhair 2010

ó thornapa go puimcín...


... nó, coincheap a fuair meán a dhiongbhála san Oileán Úr




Tá draíocht ar leith ag baint le lasair sa dorchadas, ó choinneal go tine chnámh. Ba dearthóir ardéirime an chéad duine (an chéad Ghael?) a smaoinigh ar aibhleog a chur isteach i dtornapa a raibh aghaidh gearrtha ann. Ach is beag an canbhás é an tornapa don ealaíontóir. Ní raibh bláthú i ndán don ealaín seo go dtí gur casadh an lasair ar an bpuimcín!

03 Deireadh Fómhair 2010

focal maith


LS Rawl. B 502, fo. 56r sa Leabharlann Bodleian, Oxford

Leabhar na hUidhre, lch. 7 (LS 23 E 25, Acadamh Ríoga na hÉireann)

Fó ainm do maith is do míad

Fó, ainmfhocal a chiallaíonn maith is miadh
(agus is ionann miadh agus gradam, onóir)

Faightear “fó” agus “fí” le chéile sna sanasáin mheadaracha (metrical glossaries) sna lámhscríbhinní. Níor baineadh mórán úsáide as “fí” riamh, ach bhí rath ar “fó” sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge sula ndeachaigh sé as faisean.

Seo cúpla sampla. Scríobhadh an chéad cheann i lár an ochtú haois (Gluaiseanna Würzburg). Tá an chéad dá cheann eile ón naoú haois (Tecosca Cormaic). Tá an ceann deireanach ó In Cath Catharda, téacs Meán-Ghaeilge.

Is fo lium cia rafesid. = Is maith liom go mbeidh a fhios agaibh.

Cid as fó dam? = Cad is maith dom?

Fó cach tan teine. = Tá tine go maith am ar bith.

Ba fó leis a b[h]ádhadh féin acht co mbáidhedh a námhait leis.

Focal deas gonta é “fó”. Tá iarracht de bhrón orm nach bhfuil sé beo fós.