Focal deas gonta eile nach bhfuil sa teanga a thuilleadh:
á

A fhir há!
A fhiacail!
Is ar éigean atá an focal beag seo le fáil sa tSean-Ghaeilge féin ach amháin i gcineál meafair ar a dtugtar kenning. (Is oth liom nach bhfuil Gaeilge ar an bhfocal seo fós.) Is ionann “á” agus “béal”, agus is ionann “fer á” agus “fear béil” .i. “fiacail”. An-deas mar íomhá, nach ea? Dála an scéil, níl sa ‘h’ thuas ach iarracht ar bheagán téagair a thabhairt don fhocal beag seo. Ba sheanchleas é seo ag na scríobhaithe: “hí” in áit “i” agus mar sin de.
Séard atá sna focail thuas ná an chéad líne den rann seo, a chuirtear i mbéal Phádraig Naofa in Bethu Pátraic, nó Vita Tripartita Sancti Patricii (cuid a dó, línte 1618-21). Deirtear gur bhain Pádraig fiacail as a bhéal agus gur thug sé do Easpag Bróin í mar bhí an naomh an-cheanúil air.
A ḟir há,
ocus mennután immbá,
ó [a]táam i n-ar [m]bíu
nochot acca cosindíu.
ocus mennután immbá,
ó [a]táam i n-ar [m]bíu
nochot acca cosindíu.
A fhir bhéil,
agus an teachín ina raibh tú,
ó táimid inár mbeatha
ní fhaca mé go dtí inniu thú.
Tá trí rann eile sa dán seo, ach is leor an chéad cheann anois.















