02 Deireadh Fómhair 2010

an fhéile idirnáisiúnta ar chuir na Gaeil tús léi


sa tSeapáin


i Nua-Eabhrac


sa sean-am

Comhaireamh síos go hOíche Shamhna: 29 oíche!

01 Deireadh Fómhair 2010

fáinne fí




Cé a chum an téarma seo?

Ciorcal lochtach a thugann de Bhaldraithe, FGB (Ó Dónaill) agus Collins ar vicious circle (cé go bhfuil fáinne lochtach ag Collins freisin). Tá ciorcal lochtach ar an idirlíon freisin, ach ní fiú mórán a lán de na samplaí ansin. (Dála an scéil, defective circle an chiall a bhainim féin as, .i. ciorcal nach bhfuil foirfe.)

Fáinne fí atá ag focal.ie agus Pota Focal araon ar vicious circle, agus tá an leagan seo le fáil ar fud an idirlín. Is cosúil gur téarma réasúnta nua é. An chéad sampla de a fuair mé ar scáileán mo ríomhaire ná an ceann seo ó Dhíospóireachtaí Dála, 16 Samhain, 2000. Éamon Ó Cuív a bhí ag caint:

“Cén chaoi is féidir linn an fáinne fí a bhí ann ariamh maidir leis an Ghaeilge a bhriseadh, sé sin an fáinne fí go bhfoghlaimíonn go leor daoine an Ghaeilge sa scoil, bíonn ard-chumas sa teanga acu ag fágáil na scoile dóibh agus deich mbliana i ndiaidh sin ceal úsáide bíonn an teanga dearmadtha acu.”

Is breá liom an téarma seo agus is breá liom an dóigh ar glacadh leis go forleathan agus go sciobtha. Tá an chéad fhocal soiléir. Ach cad as don dara focal? Ní féidir gurb é an t-ainm briathar figh = weave) atá ann - go gramadúil ar aon nós - toisc go mbeadh an ginideach fite ag teastáil ar lorg fáinne.

Ach tá eile ann. Nó bhíodh sé ann. Focal ársa fileata atá i gceist agam, focal a bhí sa tSean-Ghaeilge. Venom, poison, evil an chiall atá leis. Mínítear é i Leabhar na hUidhre: Fí ainm d'ulc & d'anríad. Is ionann ulc agus olc, ar ndóigh, agus is ionann ainríad agus drochiompar. An é seo an atá againn in fáinne fí?

Chseoin



Seo rann greannmhar ón ochtú haois déag (An Coláiste Ollscoil, BÁC: LS A33, lch. 108) a bhfuil litriú an-suimiúil ar fhocal amháin: Chseoin in áit Sheoin.

An bríste sin Chseoin, ní hiongna a bheith fann;
bíon san lá air a thóin, & san oídhche air a cheann.

Tá loighic leis an litriú Chseoin, bíodh is go bhfuil sé sách aisteach. Míniú ag éinne?

30 Meán Fómhair 2010

Déardaoin Dubh


An tAsal faoi Bhréagriocht an Tíogair
le Uffe Christoffersen

Tá leaganacha den seanscéal seo le fáil ar fud an domhain: in Panchatantra na hIndia, i bhfabhalscéalta de chuid Aesop agus La Fontaine, agus sa tSín, mar a nglacann gabhar páirt an asail.

Fadó, fadó, bhí fear níocháin darbh ainm Suddhapata ina chónaí i sráidbhaile. Bhí asal aige agus bhí an t-asal seo fann toisc nach bhfuair sé a dhóthain le hithe. Lá amháin fuair Suddhapata tíogar marbh sa choill. “Tig liom an craiceann a bhaint de agus a chur ar mhuin m'asail,” a dúirt sé leis féin. “Cuirfidh mé ar féarach é sna gorta arbhair é. Beidh eagla ag na tuathánaigh roimhe. Íosfaidh sé a sháith agus éireoidh sé láidir.” Agus sin mar a tharla. Ach lá amháin thosaigh an t-asal ag grágaíl, bhí sé chomh sásta sin leis féin. Chuala na tuathánaigh an fhuaim sin. Thuig siad go tobann an bob a bualadh orthu. Tháinig siad le bataí is maidí agus mharaigh siad an t-asal.


Céard a tharla ansin do Shuddhapata, a rinne dochar dá chuid comharsana agus nach raibh asal aige a thuilleadh leis an níochán a iompar? Ní deirtear linn.

28 Meán Fómhair 2010

Ag beachtaíocht ar an nGaeilge...


... na céadta bliain ó shin:

Ni maith an gaeidhlge

ata ar a lan don leabur so

Scríobh mo dhuine an gearán seo ar leathanach 20 den lámhscríbhinn 1436 de chuid Choláiste na Tríonóide. Aistriúchán den tráchtas leighis De Dosibus Medicinarum le Gualterus Agilon atá sa chuid sin den lámhscríbhinn. Is é Cormac Mac Duinn Shléibhe, “basilér a fisigecht”, an duine a chuir Gaeilge ar an tráchtas seo sa bhliain 1459. Ball de “Irish medical family” iomráiteach ab ea é.

Níl a fhios agam cér scríobh an nóta imill seo, ná cathain.

27 Meán Fómhair 2010

Michael ag breathnú...


... ar an ealaíon is nua ar an mballa thuas staighre:

Scuab Fiacla le Gerrad Stockdale

Cliceáil orthu leis an gceann seo agus an ceann thíos a mhéadú.

Seo cor nua sa tseanstíl a d'fhorbair na hIndiaigh anseo sa Phacific Northwest, stíl a bhí ann roimh theacht do na hEorpaigh go dtí an ceantar seo. Tá áthas orm a rá go bhfuil fuinneamh fúithe fós.



Is maith liom an dóigh ar thug Stockdale an “ghramadach ealaíne” seo isteach sa saol atá inniu ann. Is dá bhrí sin gur thug mé an pictiúr seo leis isteach i mo theach féin!

26 Meán Fómhair 2010

in periculis


Tá an francach ar tí an eangach a ghearradh agus na colúir a shaoradh. Tá an léaráid seo as an leabhar Directorium humanae vitae, alias parabolae antiquorum sapientium .i.Comhairle ar bheatha an duine, nó seanfhocail na sean-saoithe”. Scéalta teagascacha i riocht finscéalta faoi ainmhithe atá ann.

Agus seo sean-seanfhocal Éireannach ón 9ú haois, a thosaíonn i Sean-Ghaeilge agus a chríochnaíonn i Laidin. Tá leagan níos gonta againn i nGaeilge an lae inniu, mar atá “Aithnítear cara i gcruatan.”


is and = is ansin
asgniintar = aithnítear iad
in charait = na cairde
in tan = an uair
mbither = a bhítear
in periculis = i gcontúirt

Aithnítear na cairde nuair a bhítear i gcontúirt.


Seo léarscáil as Kalîla wa Dimna, leagán Araibise den díolaim chéanna. Aistríodh é ón bhunleagan Sanscraite, an Panchatantra, scéalta a bhfuil aithne ag chuile dhuine orthu fós san India.