

Cé a chum an téarma seo?
Ciorcal lochtach a thugann de Bhaldraithe, FGB (Ó Dónaill) agus Collins ar vicious circle (cé go bhfuil fáinne lochtach ag Collins freisin). Tá ciorcal lochtach ar an idirlíon freisin, ach ní fiú mórán a lán de na samplaí ansin. (Dála an scéil, defective circle an chiall a bhainim féin as, .i. ciorcal nach bhfuil foirfe.)
Fáinne fí atá ag focal.ie agus Pota Focal araon ar vicious circle, agus tá an leagan seo le fáil ar fud an idirlín. Is cosúil gur téarma réasúnta nua é. An chéad sampla de a fuair mé ar scáileán mo ríomhaire ná an ceann seo ó Dhíospóireachtaí Dála, 16 Samhain, 2000. Éamon Ó Cuív a bhí ag caint:
“Cén chaoi is féidir linn an fáinne fí a bhí ann ariamh maidir leis an Ghaeilge a bhriseadh, sé sin an fáinne fí go bhfoghlaimíonn go leor daoine an Ghaeilge sa scoil, bíonn ard-chumas sa teanga acu ag fágáil na scoile dóibh agus deich mbliana i ndiaidh sin ceal úsáide bíonn an teanga dearmadtha acu.”
Is breá liom an téarma seo agus is breá liom an dóigh ar glacadh leis go forleathan agus go sciobtha. Tá an chéad fhocal soiléir. Ach cad as don dara focal? Ní féidir gurb é an t-ainm briathar fí (ó figh = weave) atá ann - go gramadúil ar aon nós - toisc go mbeadh an ginideach fite ag teastáil ar lorg fáinne.
Ach tá fí eile ann. Nó bhíodh sé ann. Focal ársa fileata atá i gceist agam, focal a bhí sa tSean-Ghaeilge. Venom, poison, evil an chiall atá leis. Mínítear é i Leabhar na hUidhre: Fí ainm d'ulc & d'anríad. Is ionann ulc agus olc, ar ndóigh, agus is ionann ainríad agus drochiompar. An é seo an fí atá againn in fáinne fí?












