30 Meán Fómhair 2010

Déardaoin Dubh


An tAsal faoi Bhréagriocht an Tíogair
le Uffe Christoffersen

Tá leaganacha den seanscéal seo le fáil ar fud an domhain: in Panchatantra na hIndia, i bhfabhalscéalta de chuid Aesop agus La Fontaine, agus sa tSín, mar a nglacann gabhar páirt an asail.

Fadó, fadó, bhí fear níocháin darbh ainm Suddhapata ina chónaí i sráidbhaile. Bhí asal aige agus bhí an t-asal seo fann toisc nach bhfuair sé a dhóthain le hithe. Lá amháin fuair Suddhapata tíogar marbh sa choill. “Tig liom an craiceann a bhaint de agus a chur ar mhuin m'asail,” a dúirt sé leis féin. “Cuirfidh mé ar féarach é sna gorta arbhair é. Beidh eagla ag na tuathánaigh roimhe. Íosfaidh sé a sháith agus éireoidh sé láidir.” Agus sin mar a tharla. Ach lá amháin thosaigh an t-asal ag grágaíl, bhí sé chomh sásta sin leis féin. Chuala na tuathánaigh an fhuaim sin. Thuig siad go tobann an bob a bualadh orthu. Tháinig siad le bataí is maidí agus mharaigh siad an t-asal.


Céard a tharla ansin do Shuddhapata, a rinne dochar dá chuid comharsana agus nach raibh asal aige a thuilleadh leis an níochán a iompar? Ní deirtear linn.

28 Meán Fómhair 2010

Ag beachtaíocht ar an nGaeilge...


... na céadta bliain ó shin:

Ni maith an gaeidhlge

ata ar a lan don leabur so

Scríobh mo dhuine an gearán seo ar leathanach 20 den lámhscríbhinn 1436 de chuid Choláiste na Tríonóide. Aistriúchán den tráchtas leighis De Dosibus Medicinarum le Gualterus Agilon atá sa chuid sin den lámhscríbhinn. Is é Cormac Mac Duinn Shléibhe, “basilér a fisigecht”, an duine a chuir Gaeilge ar an tráchtas seo sa bhliain 1459. Ball de “Irish medical family” iomráiteach ab ea é.

Níl a fhios agam cér scríobh an nóta imill seo, ná cathain.

27 Meán Fómhair 2010

Michael ag breathnú...


... ar an ealaíon is nua ar an mballa thuas staighre:

Scuab Fiacla le Gerrad Stockdale

Cliceáil orthu leis an gceann seo agus an ceann thíos a mhéadú.

Seo cor nua sa tseanstíl a d'fhorbair na hIndiaigh anseo sa Phacific Northwest, stíl a bhí ann roimh theacht do na hEorpaigh go dtí an ceantar seo. Tá áthas orm a rá go bhfuil fuinneamh fúithe fós.



Is maith liom an dóigh ar thug Stockdale an “ghramadach ealaíne” seo isteach sa saol atá inniu ann. Is dá bhrí sin gur thug mé an pictiúr seo leis isteach i mo theach féin!

26 Meán Fómhair 2010

in periculis


Tá an francach ar tí an eangach a ghearradh agus na colúir a shaoradh. Tá an léaráid seo as an leabhar Directorium humanae vitae, alias parabolae antiquorum sapientium .i.Comhairle ar bheatha an duine, nó seanfhocail na sean-saoithe”. Scéalta teagascacha i riocht finscéalta faoi ainmhithe atá ann.

Agus seo sean-seanfhocal Éireannach ón 9ú haois, a thosaíonn i Sean-Ghaeilge agus a chríochnaíonn i Laidin. Tá leagan níos gonta againn i nGaeilge an lae inniu, mar atá “Aithnítear cara i gcruatan.”


is and = is ansin
asgniintar = aithnítear iad
in charait = na cairde
in tan = an uair
mbither = a bhítear
in periculis = i gcontúirt

Aithnítear na cairde nuair a bhítear i gcontúirt.


Seo léarscáil as Kalîla wa Dimna, leagán Araibise den díolaim chéanna. Aistríodh é ón bhunleagan Sanscraite, an Panchatantra, scéalta a bhfuil aithne ag chuile dhuine orthu fós san India.

24 Meán Fómhair 2010

Ganesh in Éirinn


“Ganesh an Píobaire”
An Tóchar, Co. Chill Mhantáin

Tá an dealbh seo agus seacht gcinn eile le feiceáil anseo agus anseo.

Ganesh trí shúile Subodh Kerkar


Chuir na líníochtaí seo leis an ealaíontóir Subodh Kerkar gliondar orm nuair a fuair mé iad ar an idirlíon ar maidin. Ach is cosúil gur chuir siad olc ar mhionlach Hiondúch, daoine nach bhfuil acmhainn grinn dá laghad acu, de réir dealraimh.

Ní luch é an t-ainmhí beag sa chúinne. Is francach é. Bíonn vâhana nó “feithicil” ag chuile dhia Hiondúch: tarbh ag Shiva, eala ag Sarasvati, tíogar ag Kali... agus francach ag Ganesh!


Is léir nach svelte an dia é Ganesh. Ní raibh sé tanaí riamh agus is breá leis milseáin. Feictear domsa go raibh sé “chun tosaigh ar an gcuar” sa mhéid seo, áfach. Tá an saol mór (agus a mháthair, a athair agus a chuid páistí) á leanúint anois. Féach The World is Fat ar an New York Times an tseachtain seo.


Deirtear go ndónn an smaointeoireacht a lán calraí. Nó an wishful thinking é sin?


Seo Ganesh eile a thaitníonn liom!

22 Meán Fómhair 2010

Ganesh Chaturthi


Ganesh, i riocht íomhá, á iompar i Mumbai
go dtí an Mhuir Arabach,
mar a bhfágfar san uisce é
ag deireadh na féile

Rith an fhéile bhliantúil Ganesh Chaturthi (गणेश चतुर्थी) ó 11 Meán Fómhair go 22 Meán Fómhair i mbliana.

Cloiseann muid gan stad faoin bPápa agus a Eaglais agus a gcuid trioblóidí, faoi na Giúdaigh is na Moslamaigh agus a gcuid achrann, ach is beag a chloiseann muid faoi na Hiondúigh agus a gcuid déithe. Tá an dia áirithe seo, Ganesh, thar a bheith लोकप्रिय (.i. daoine-ionúin .i. tá sé i bpáirt le gach duine) san India. Fuair mé na pictiúir seo ón Times of India. Dá mbeadh orm dia a adhradh, thoghfainn Ganesh.

An bhanaisteoir Bollywood Hema Malini ag déanamh Ganesh Vandan

Íomhá den dia á hiompar ón gceardlann ag tús na féile

Dhéantaí na híomhánna seo as cré sa sean-am. Tumann lucht leanúna Ganesh na híomhánna i loch nó in abhann nó sa mhuir ag deireadh na féile. Leáidís ar ais sa chlábar sna laethanta sin gan dochar dá laghad a dhéanamh. Ach anois déantar as plástar Pháras iad de ghnáth. Ní leánn siad chomh héasca sin agus déanann siad dochar don chomhshaol. Mar sin, tá feachtas ar siúl leis an seanstíl a thabhairt ar ais.