12 Meán Fómhair 2010

Fíon dearg eile, led thoil!



De réir páipéar nua san irisleabhar Alcoholism: Clinical and Experimental Research, tá an méid seo fíor, i Meiriceá Thuaidh ar aon nós:

1. Maireann óltóirí measartha (daoine a ólann idir 1 agus 3 dheoch an aghaidh an lae) níos faide ná óltóirí troma... agus níos faide ná staonairí.

2. Agus maireann óltóirí troma ... fan leis seo ... níos faide ná staonairí!

Nocht alt faoi seo sa leagan clóite de Time Magazine (20 Meán Fómhair) agus ar líne anseo.

In ainneoin an méid a dúirt Pól le Tiomóid sa chéad litir chuige, “Ná hól uisce leis féin a thuilleadh ach tóg braon fíona ar mhaithe leis an ngoile,” tá Críostaithe ann -- Mormannaigh, Ateachtaigh an tSeachtú Lá, mar shampla -- a dhiúltaíonn an chomhairle sin scun scan. Agus maidir leis na Moslamaigh, séard a deir an leabhar acu ná:

A chreidmhigh! Truailliú ó Shátan is ea deoch mheisciúil agus cearrbhachas agus lámhdhéithe agus saigheada fáistine. Seachain iad le go n-éireoidh leat. 5:90

09 Meán Fómhair 2010

Clodine et Madeleine


Clodine et Madeleine vont à la plage.


- An bhfeiceann tú éinne ansin?
- Ní fheicim.


- Agus thall ansin?
- Duine ná deoraí.


- An bhfuil tú cinnte?
- Chomh cinnte le breacadh an lae.


- Seo é do bhúrca mar sin. Fuair mé ceann deas chartreuse ar lascaine ó Hijab-R-Us.com. Caith ort go beo é. Ach dáiríre, chérie, nach mbeadh griansciath níos éasca??

Go raibh maith agat, Max, as na pictiúir!

Dia ag caint leis féin:



Mac: Mura mbeadh am ann?

Athair: Tharlódh chuile rud ag an am céanna.

Mac: Agus mura mbeadh spás ann?

Athair: Tharlódh chuile rud duitse! Agus domsa!

Mac: Agus don cholúr?

Athair: Agus don cholúr!

08 Meán Fómhair 2010

ab meánaoiseach trasghnéasach


oglach dobí in abdaine drumanaigh

Tá na focail seo le feiceáil i Leabhar Fhear Maighe, lámhscríbhinn de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. Is cuid iad den chéad abairt sa scéal “Ab Droimeanaigh a nDearnadh Bean De”. Tá an scéal seo le fáil i gceithre lámhscríbhinn. Cuireadh an téacs in eagar in Anecdota from Irish Manunscripts céad bliain ó shin. Tosaíonn sé mar seo:

Aroile óclách robæi i n-abdaine Druimenaigh, trialltair lais fled morchain do denam do fritheolad na cásc. Iar n-ullmughadh na fledhi téit int oclach amach asin mbruidhin 7 suidhidh for cnoc ardmor uráibhind bai ós cinn baile...

Bheadh sé réasúnta éasca Gaeilge an lae inniu a chur air. An litriú is mó a bheadh le hathrú. Léigh mé an scéal seo deich mbliana ó shin agus bhain sé gáire asam. Séard a tharraing m'aird arís air ná an bhlagmhír seo a léigh mé inniu, iontráil in Beachcombing's Bizarre History Blog. Tá aistriúchán Béarla den scéal ann, in éindí le míniú dá bhfuil taobh thiar de. Níl a fhios agam cá bhfuair sé an t-aistriúchán ná an míniú, áfach.

07 Meán Fómhair 2010

Chetwynde Downs



Tar éis sos rófhada tá Chetwynde Downs ar ais arís!

Ná cailligí é!

seanscríobh?


An focal é seo, nó abairt iomlán?

Tá an líníocht seo ón leabhar The Pictish Symbol Stones of Scotland. Ní deir údar an leabhair, Iain Fraser, gur “scríobh” atá sna pictiúir/comharthaí seo. Ach tá fear eile, an tOllamh Rob Lee ó Ollscoil Exeter, ag maíomh gur script atá ann agus go bhfuil cruthú matamaiticiúil aige go bhfuil an ceart aige. Pléann Phil Dunshea (Ollscoil Cambridge) an cheist anseo. Is léir ón bparagraf deireanach nach bhfuil chuile dhuine den tuairim go bhfuil aon substaint i teoiric an Ollaimh Lee. Mórán cainte ar bheagán cúise?

06 Meán Fómhair 2010

scríobh nua


An focal é seo, nó abairt iomlán?

Cliceáil le méadú.