09 Meán Fómhair 2010

Dia ag caint leis féin:



Mac: Mura mbeadh am ann?

Athair: Tharlódh chuile rud ag an am céanna.

Mac: Agus mura mbeadh spás ann?

Athair: Tharlódh chuile rud duitse! Agus domsa!

Mac: Agus don cholúr?

Athair: Agus don cholúr!

08 Meán Fómhair 2010

ab meánaoiseach trasghnéasach


oglach dobí in abdaine drumanaigh

Tá na focail seo le feiceáil i Leabhar Fhear Maighe, lámhscríbhinn de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann. Is cuid iad den chéad abairt sa scéal “Ab Droimeanaigh a nDearnadh Bean De”. Tá an scéal seo le fáil i gceithre lámhscríbhinn. Cuireadh an téacs in eagar in Anecdota from Irish Manunscripts céad bliain ó shin. Tosaíonn sé mar seo:

Aroile óclách robæi i n-abdaine Druimenaigh, trialltair lais fled morchain do denam do fritheolad na cásc. Iar n-ullmughadh na fledhi téit int oclach amach asin mbruidhin 7 suidhidh for cnoc ardmor uráibhind bai ós cinn baile...

Bheadh sé réasúnta éasca Gaeilge an lae inniu a chur air. An litriú is mó a bheadh le hathrú. Léigh mé an scéal seo deich mbliana ó shin agus bhain sé gáire asam. Séard a tharraing m'aird arís air ná an bhlagmhír seo a léigh mé inniu, iontráil in Beachcombing's Bizarre History Blog. Tá aistriúchán Béarla den scéal ann, in éindí le míniú dá bhfuil taobh thiar de. Níl a fhios agam cá bhfuair sé an t-aistriúchán ná an míniú, áfach.

07 Meán Fómhair 2010

Chetwynde Downs



Tar éis sos rófhada tá Chetwynde Downs ar ais arís!

Ná cailligí é!

seanscríobh?


An focal é seo, nó abairt iomlán?

Tá an líníocht seo ón leabhar The Pictish Symbol Stones of Scotland. Ní deir údar an leabhair, Iain Fraser, gur “scríobh” atá sna pictiúir/comharthaí seo. Ach tá fear eile, an tOllamh Rob Lee ó Ollscoil Exeter, ag maíomh gur script atá ann agus go bhfuil cruthú matamaiticiúil aige go bhfuil an ceart aige. Pléann Phil Dunshea (Ollscoil Cambridge) an cheist anseo. Is léir ón bparagraf deireanach nach bhfuil chuile dhuine den tuairim go bhfuil aon substaint i teoiric an Ollaimh Lee. Mórán cainte ar bheagán cúise?

06 Meán Fómhair 2010

scríobh nua


An focal é seo, nó abairt iomlán?

Cliceáil le méadú.

05 Meán Fómhair 2010

Tí'Swaq'



Seo grianghraf a thóg mé seachtain ó shin ón Union Bay Natural Area. “The Mountain” a thugann muid ar an sliabh de ghnáth, ach is é Mt. Rainier an t-ainm oifigiúil atá air. D'ainmnigh Sasanach amháin, an Captaen George Vancouver, as Sasanach eile é, cara leis leis darbh ainm Peter Rainier. Aimiréal a bhí ann nach bhfaca an sliabh riamh! Céard go díreach a rinne an tUasal Rainier riamh ar ár son le go mbeadh ómós buan againn dá ainm???

Is sliabh maorga é, volcán atá chomh hard go bhfuil sé clúdaithe le sneachta an bhliain ar fad. Tá níos mó ná 26 oighearshruth air. Tá sé níos sneachtúla ná aon bhinn eile sa tír seo taobh amuigh d'Alaska.



Feicim anois go bhfuil feachtas nua ar siúl le hainm eile -- seanainm de réir na ndaoine a thacaíonn leis -- a bhaisteadh ar An Sliabh. Níor chuala mé an t-ainm seo, Tí'Swaq', riamh roimhe seo. "Tacoma / Tahoma" (ó Tǝqúbǝd nó Təqʷúʔbəʔ) a chloistear de ghnáth mar mhalairt ar Rainier.

02 Meán Fómhair 2010

pubaill


Seo é an Khan Shatyr i gKazakhstan, an puball is mó ar domhan.


Agus seo é an ceárta gloine (“The Hot Shop”) ag an Museum of Glass i dTacoma. Ní puball atá ann dáiríre, ach tá an cruth céanna air: cón ar leathstuaic. Tá an cruth seo le feiceáil freisin sa tipi clasaiceach, puball Indiach Mheiriceá:



Cén fáth cón ar leathstuaic?


Is breá liom an cruth seo, agus an spás a chruthaítear istigh. Ar an drochuair, ní bhíonn saol fada ag an anairt san aeráid fhliuch atá againn anseo in Iarthar Washington. Ní bheidís ró-shásta faoi spéartha báistí na hÉireann ach oiread. Tógadh an pictiúr thuas ar bhruach na hAbhann Columbia in Oirthear Washington (“an taobh tirim”) mura bhfuil dul amú orm. Nomadics Tipi Makers a rinne na pubaill seo.