05 Lúnasa 2010

Tá spíosra nua agam!



Tá cara ar cuairt againn ó Pháras anois díreach. Rinne sé béile mór Liobánach dúinn cúpla oíche ó shin, le tabouleh, hummus, agus rudaí eile nach bhfuil ainmneacha agam orthu. Bhí sé an-bhlasta.

Bhí mias amháin ar an mbord ar thug sé “patates au sumac” air: prátaí bruite brúite, ola olóige, salann, ilspíosra, agus sumach. Níor bhlais mé an spíosra seo riamh roimhe. Séard atá ann ná caora cosúil leis na cinn thuas, triomaithe agus meilte. Tá dath corcra air agus blas liomóideach. Tá sé an-deas agus is féidir a lán de a úsáid. Tá sé ar intinn agam triail a bhaint as anois i sailéid, ar rís, agus mar sin de.


Agus murab ionann agus cróch, spíosra eile a bhfuil dath álainn air, níl an ceann seo daor!

03 Lúnasa 2010

Imchasann sé.



Tá cathaoir sclóine agam. D'fhoghlaim Michael, an cat, go rachaidh sí thart uair nó dhó má léimeann sé uirthi i gceart. Uair amháin thug mé brú don chathaoir le go rachadh sí níos tapa. Bhí sceitimíní ar Mhichael! Is é seo an cluiche is ansa leis anois.

Tá go maith agus níl go dona. Ach tá fadhb agam, fadhb Ghaeilge-Béarla agus Béarla-Béarla. Séard atá ag Michael anseo ná “carousel” beag dá chuid féin. Anseo i Meiriceá deir muid “merry-go-round” in ionad “carousel” go minic.

Maidir leis an nGaeilge anois, níl an focal “carousel” in de Bhaldraithe, ná in Collins, ná ag focal.ie, cé go bhfuil “luggage carousel = timpeallán bagáiste” acu.

Tá "merry-go-round = áilleagán intreach” ag de Bhaldraithe agus Collins. “Intrinsic toy”?? Agus tá “merry go round = roithleagán ró” ag focal.ie, focal a chiallaíonn “whirligig” de réir FGB.

Céard atá ag Michael thuas, i nGaeilge?

01 Lúnasa 2010

Líon an bhearna.





Ní comhfhada fhasas gach ___.
Ní hionann bhíos gach aonmhac.

Chomh fada sin, gan bhréag gan áibhéil?!?

26 Iúil 2010

ceist is freagra


Cliceáil le méadú.

Ocus dála na fáilti
im thenid is im lebaid;
inann digsed do Róim
ar slige Póil is Petair.

Do bhallra Old-Irish-L é seo. Tá muid díreach tar éis comhrá eile idir na daoine seo, Comgan Mac Da Cherda agus Cummain Fota - comhrá níos faide agus i bhfad níos diamhra - a phlé ansin. Is i riocht rann amháin atá an ceann seo.

23 Iúil 2010

leadán úcaire



Cúpla lá ó shin dúirt John an méid seo: “Tá na feochadáin sa tríú pictiúr cosúil le crainn mhóra ó phlainéad eile.” Chuir sé sin ag smaoineamh mé. An feochadáin iad seo dáiríre? Teasel an t-ainm a bhí agam orthu, ach ní raibh mé cinnte faoi sin, agus ní raibh aon Ghaeilge agam orthu. Cheadaigh mé focail.ie agus d'fhoghlaim mé ainm nua: leadán úcaire.

Tá go maith, ach cén fáth “úcaire”? Is ar éigin atá a fhios againn anois céard is úcaire ann. Fuller? Tuillleadh taighde le déanamh.


Is cosúil gur barr margaidh (cash crop) a bhí sa phlanda seo go dtí le déanaí. Baineadh úsáid as na cinn le bruth a chur ar éadach olla. Tá cur síos maith ar an obair sin ar fáil anseo ón Trowbridge Museum.


Tá úcairí ag obair le “hanlaí leadán” sa léaráid seo ó Yorkshire. Is preemer (focal nach bhfuil againn i nGaeilge, de réir dealraimh) é an lead óg sa tulra.

22 Iúil 2010

seanfhocal Gàidhlig



“Taigh gun chù gun chat gun leanabh beag, taigh gun ghean gun ghàire.”

Is breá le Michael dul i bhfolach faoi na rugaí. Níor chuidigh mé leis anseo ar chor ar bith.

21 Iúil 2010

Ocht leathanach...


... nach bhfuil mé i gcumas iad a léamh: