11 Iúil 2010

logainm gáirsiúil eile



Seanchárta poist é seo. Tá Rooster Rock ann fós, ar ndóigh. Is cuid de Rooster Rock State Park anois é. Deir an t-alt seo ag Wikipedia faoi Rooster Rock gur “iwash” a tugadh air sa Chinook Jargon, ach níl mé cinnte faoi sin. “Wootlat” a chuala mé riamh. Seo an méid a deir Gill:


Ach tá an ceart ag Wikipedia gur babhdlaráil (bowdlerization) atá san ainm Rooster Rock. “Cock Rock” a bhíodh air.

10 Iúil 2010

La Pine



Bhí mé ag caint le Max i bPáras an lá cheana faoin gcuairt a thug mé ar Oregon ar na mallaibh.

“Ansin thiomáin mé ó Fort Rock go dtí La Pine ...”

Phléasc mo dhuine amach ag gáire!

Thuig mé ansin, cé nár rith sé liom go dtí an nóiméad sin, agus thosaigh mé ag gáire freisin. Tá La Pine suite i lár Deschutes National Forest. Tá an talamh clúdaithe le crainn ghiúise sna ceithre hairde. Is cosúil gur shíl na daoine a chuir fúthu san áit sin sa naoú haois déag go mbeadh ainm Fraincise (nó Spáinnise?) níos galánta ná “Pine” leis féin. Mar sin chuir siad an t-alt leis. Bhí ainm Fraincise acu ansin ceart go leor. An rud nár thuig siad ansin agus nach dtuigeann an mhórchuid acu fós ná gur focal sách gáirsiúil é “la pine” a chiallaíonn “an bod”!

Dála an scéil, bheidís ceart go leor dá mbeadh “Le Pin” nó "El Pino” mar ainm acu: ceart, sábháilte agus leadránach. Tá áthas orm gur thogh siad “La Pine”.

Fort Rock


Mt. Bachelor, in aice le La Pine. Bolcán atá ann.

07 Iúil 2010

seanfhocal i Sean-Ghaeilge


Cliceáil le méadú.

Seo seanfhocal ársa eile daoibh. Tá sé scríofa sa Leabhar Breac ar leathanach 46. Tosaíonn an téacs sa pictiúr thuas leis an nod ‘7’ (= agus) thuas, ach ní cuid den seanfhocal é sin dáiríre. Tá ‘7’ eile ann i lár na líne, áfach, ar cuid den seanfhocal é. Níl ach nod amháin eile ann: líne thonnach os cionn na litreach ‘i’ a fheictear faoi dhó anseo. Is ionann an ‘i + líne thonnach’ seo agus “im”.

Leideanna:

1. Tosaíonn an seanfhocal le briathar agus críochnaíonn sé le foirm eile den bhriathar céanna.

2. Is coimpléasc briathartha é an dara ceann. Is é sin le rá, tá an forainm “-t-” dingthe isteach i lár an bhriathair. Is abairt iomlán é an coimpléasc briathartha: tá an t-ainmní, an briathar agus an cuspóir uilig ann. Níl aon rud mar sin againn i nGaeilge an lae inniu.

3. Tá an briathar seo sa teanga fós, bíodh is nach bhfuil an litriú ceannann céanna air.

4. Is ainmfhocal é an dara focal thuas, ní an réamhfhocal “ag”.

06 Iúil 2010

05 Iúil 2010

sean-nath simplí


Cliceáil le méadú.

Is ó Leabhar na hUidhre, a scríobhadh sa dóú haois déag, a thóg mé an rá seo.
Féach, níl fiú is nod amháin ann!

03 Iúil 2010

nod, nod eile...



Quiz beag dóibh siúd a bhfuil suim acu sna rudaí seo: cén focal atá i bhfolach faoi na noda seo uilig? Tá an focal seo le fáil i leabhar úrnaí lámhscríofa ón ochtú haois déag. Nuair a scaoiltear na noda - ta dá - tá litriú caighdeánach an lae inniu ar an bhfocal.

02 Iúil 2010

“Fire and Ice”



Spreag Myles an Nissan Micra mé le hiarracht a thabhairt ar Ghaeilge a chur ar an dán Fire and Ice le Robert Frost.

Faoi dheoidh an mbeidh an domhan ag dó?
Nó fillt' i reo?
De réir mo thaithí féin ar dhrúis,
Is léir go ndéanfadh dóiteán cúis.
Dá mbeadh air bás a fháil faoi dhó,
Is leor a bhfaca mé de ghráin
le rá gur scriostóir maith an reo
mar mhaor an dáin
a dhéanfas gnó.