Bhí mé ag caint le Max i bPáras an lá cheana faoin gcuairt a thug mé ar Oregon ar na mallaibh.
Phléasc mo dhuine amach ag gáire!
Thuig mé ansin, cé nár rith sé liom go dtí an nóiméad sin, agus thosaigh mé ag gáire freisin. Tá La Pine suite i lár Deschutes National Forest. Tá an talamh clúdaithe le crainn ghiúise sna ceithre hairde. Is cosúil gur shíl na daoine a chuir fúthu san áit sin sa naoú haois déag go mbeadh ainm Fraincise (nó Spáinnise?) níos galánta ná “Pine” leis féin. Mar sin chuir siad an t-alt leis. Bhí ainm Fraincise acu ansin ceart go leor. An rud nár thuig siad ansin agus nach dtuigeann an mhórchuid acu fós ná gur focal sách gáirsiúil é “la pine” a chiallaíonn “an bod”!
Dála an scéil, bheidís ceart go leor dá mbeadh “Le Pin” nó "El Pino” mar ainm acu: ceart, sábháilte agus leadránach. Tá áthas orm gur thogh siad “La Pine”.








