30 Meitheamh 2010

Hotei


cadás - mála
Ho - Tei


Cliceáil le méadú.

Is firín beag áthasach é an Hotei seo, greanta as séad ó Bhritish Columbia. Cónaíonn sé i mo thruiclín de ghnáth, ach chuaigh sé go hOregon in éindí liom an tseachtain seo caite sa Phrius a fuair mé ar cíos.

gramadach



Cé acu ceann is fearr:

1. an oifig an phoist is gaire duit

2. an oifig phoist is gaire duit

3. (rud éigin eile)

29 Meitheamh 2010

Crack in the Ground


Ó thaitin na pictiúir eile libh, seo cúpla radharc eile.








Agus seo an cnuasach beag a rinne mé sa Chrack: canna beorach, buidéal vódca, buidéal uisce, agus cleite seabhaic, ina luí ar an bPrius deannachúil, sagebrush agus crainnte aitil máguaird. Sin an méid bruscair a chonaic mé. Ní raibh éinne eile ann ag an am sin. Thiomáin mé deich míle ar bhóthar gairbhéil, ruball coiligh de dheannach i mo dhiaidh an t-achar ar fad, le Scoilt sa Talamh a bhaint amach, ó bhaile beag darb ainm Christmas Valley atá suite i lár Lake County, Oregon. I bhfocail eile, ar chúl éaga.



“Ná tóg ach pictiúir, ná fág ach coiscéimeanna,” an mana sna páirceanna náisiúnta, cé nach páirc náisiúnta an áit seo ar chor ar bith. Thóg mé an bruscar liom... agus tá an cleite agam fós.

basalt, sean agus nua


Dhoirt basalt na Binne Báine i gCo. Aontroma amach as an talamh 60 milliún bliain ó shin. Basalt réasúnta sean atá ann.


Tá an basalt atá le feiceáil ar fud na háite in Oirthear Washington agus Oregon i bhfad níos óige, idir 17 agus 6 milliún bliain d'aois. Chlúdaigh na Columbia River Flood Basalts thart faoi 63,000 míle cearnach sa taobh sin tíre. Tá 32,599 míle cearnach in Éirinn (an t-oileán ar fad). Seo cúpla pictiúr a thóg mé ansin an tseachtain seo caite. Tig leat iad a mhéadú, mar is iondúil.

Os cionn Picture Gorge


Gearradh nua le taobh an bhóthair

28 Meitheamh 2010

neamhspleáchas?



Is cosúil go bhfuil an tAoire Gearmánach den bharúil go bhfuilimid beo fós sa mheánaois. Tá fearg air anois toisc nár thug póilíní na Beilge ómós dá laghad don Eaglais mar eagraíocht speisialta a bhfuil dlí dá cuid féin aici. Ach ní aithníonn rialtas na Beilge dlí canónta na hEaglaise. Bhí an Eoraip faoi smacht ag an Eaglais agus ag a dlí tráth den saol, ach tá an ré sin thart. Tig leis an bPápa a bheith ag rámhaille faoi reciprocal specificity and autonomy” an dá chórais, an córas cléiriúil agus an córas sibhialta, ach is finscéal é sin. Níl stádas speisialta ag an Eaglais a thuilleadh. Tá sí cosúil le corparáid ar bith eile. Tig le corparáid rialacha dá cuid féin a bheith aici, cinnte, ach má dhéantar coir (agus is coir éigniú agus mí-úsáid leanaí ar fud an domhain), ní mór do na póilíní (an Belgian Crown Prosecution Office sa chás seo) imscrúdú coiriúil a dhéanamh. Ní raibh a lán póilíní in a lán tíortha sásta é sin a dhéanamh go dtí le déanaí. Bhí an iomarca - i bhfad an iomarca - ómóis acu don Eaglais. Ach is léir don saol mór agus a mháthair anois nach bhfuil an Eaglais le trust.

Na Manaigh sa Bhéarlagair Chinook



Tá mé díreach tar éis Béarlagair Chinook a chur ar scéilín an Triúir Manach. Mar a dúirt mé cheana, is pidsean nó nasctheanga é an béarlagair seo, meascán de theangacha dúchasacha (Chinook, Chehalis, Clackamas, Calapooia, Clallam, Bellabella, Nootka, Klickitat, Wasco, Salish), de Fhraincis agus de Bhéarla. Seo iad na focail Eorpacha sa scéilín:

leplet = sagart ~ le prêtre

mahsh = fág, imigh ~ marche / marcher = siúil

lemolo = fiáin ~ le marron = sclábhaí ar teitheadh, ainmhí fiáin

town = baile mór ~ town

cole = geimhreadh, bliain ~ cold

spose = má ~ suppose

27 Meitheamh 2010

an taobh tirim agus an taobh fliuch

Tá Washington agus Oregon roinnte i dhá leath, an trian fliuch ar an taobh thiar, agus an dá thrian eile atá tirim. An fáth leis seo ná an Cascade Range, an sliabhraon atá le feiceáil ar an léirscéail seo. Tagann “an aimsir” aniar as an Aigéan Ciúin agus tá na sléibhte seo chomh hard agus go bhfáisceann siad cuid mhaith den uisce as na scamaill. Tá an tír ar an taobh thoir den sliabhraon i bhfad níos tirime. Sagebrush country is ea a lán de.


Thug mé cuairt ar an taobh tirim an tseachtain seo caite. Ní i mo phickup (“an gairdín gluaiseachtach”), ar ndóigh, ach i bPrius beag tíosach a fuair mé ar cíos. Bhí an t-earrach seo an-fhliuch sa Phacific Northwest agus bhí an taobh tirim an-ghlas fós. Agus bhí a lán bláthanna fiáine le feiceáil! Ní luibheolaí mé ar chor ar bith, ach bhí sé éasca grianghrafanna a thógáil díobh. Seo cuid acu: