28 Meitheamh 2010

neamhspleáchas?



Is cosúil go bhfuil an tAoire Gearmánach den bharúil go bhfuilimid beo fós sa mheánaois. Tá fearg air anois toisc nár thug póilíní na Beilge ómós dá laghad don Eaglais mar eagraíocht speisialta a bhfuil dlí dá cuid féin aici. Ach ní aithníonn rialtas na Beilge dlí canónta na hEaglaise. Bhí an Eoraip faoi smacht ag an Eaglais agus ag a dlí tráth den saol, ach tá an ré sin thart. Tig leis an bPápa a bheith ag rámhaille faoi reciprocal specificity and autonomy” an dá chórais, an córas cléiriúil agus an córas sibhialta, ach is finscéal é sin. Níl stádas speisialta ag an Eaglais a thuilleadh. Tá sí cosúil le corparáid ar bith eile. Tig le corparáid rialacha dá cuid féin a bheith aici, cinnte, ach má dhéantar coir (agus is coir éigniú agus mí-úsáid leanaí ar fud an domhain), ní mór do na póilíní (an Belgian Crown Prosecution Office sa chás seo) imscrúdú coiriúil a dhéanamh. Ní raibh a lán póilíní in a lán tíortha sásta é sin a dhéanamh go dtí le déanaí. Bhí an iomarca - i bhfad an iomarca - ómóis acu don Eaglais. Ach is léir don saol mór agus a mháthair anois nach bhfuil an Eaglais le trust.

Na Manaigh sa Bhéarlagair Chinook



Tá mé díreach tar éis Béarlagair Chinook a chur ar scéilín an Triúir Manach. Mar a dúirt mé cheana, is pidsean nó nasctheanga é an béarlagair seo, meascán de theangacha dúchasacha (Chinook, Chehalis, Clackamas, Calapooia, Clallam, Bellabella, Nootka, Klickitat, Wasco, Salish), de Fhraincis agus de Bhéarla. Seo iad na focail Eorpacha sa scéilín:

leplet = sagart ~ le prêtre

mahsh = fág, imigh ~ marche / marcher = siúil

lemolo = fiáin ~ le marron = sclábhaí ar teitheadh, ainmhí fiáin

town = baile mór ~ town

cole = geimhreadh, bliain ~ cold

spose = má ~ suppose

27 Meitheamh 2010

an taobh tirim agus an taobh fliuch

Tá Washington agus Oregon roinnte i dhá leath, an trian fliuch ar an taobh thiar, agus an dá thrian eile atá tirim. An fáth leis seo ná an Cascade Range, an sliabhraon atá le feiceáil ar an léirscéail seo. Tagann “an aimsir” aniar as an Aigéan Ciúin agus tá na sléibhte seo chomh hard agus go bhfáisceann siad cuid mhaith den uisce as na scamaill. Tá an tír ar an taobh thoir den sliabhraon i bhfad níos tirime. Sagebrush country is ea a lán de.


Thug mé cuairt ar an taobh tirim an tseachtain seo caite. Ní i mo phickup (“an gairdín gluaiseachtach”), ar ndóigh, ach i bPrius beag tíosach a fuair mé ar cíos. Bhí an t-earrach seo an-fhliuch sa Phacific Northwest agus bhí an taobh tirim an-ghlas fós. Agus bhí a lán bláthanna fiáine le feiceáil! Ní luibheolaí mé ar chor ar bith, ach bhí sé éasca grianghrafanna a thógáil díobh. Seo cuid acu:




26 Meitheamh 2010

Chinook Jargon


Thug mé cuairt ar Powell's Books, siopa leabhar ollmhór i bPortland, Oregon, Dé Máirt, mar a bhfuair mé seoid bheag ar bheagán airgid. Le bheith cruinn, is leabhar beag é (4" X 6", 84 lch.) agus níor thug mé ach $19.95 air, níos lú ná leabhar nua faoi chlúdach crua.


Mar a fheiceann sibh, foilsíodh beagán níos mó ná céad bliain ó shin é agus tá inscríbhinn ón údar ann.


Pidsean nó nasctheanga is ea Chinook Jargon, a bhíodh in úsáid ar fud an Phacific Northwest sa naoú haois déag mar nasc idir na bundúchasaigh (a raibh a lán teangacha éagsúla acu), na trádálaithe Ceanadacha (a raibh Fraincis mar phríomhtheanga acu) agus na Meiriceánaigh. Ní teanga chríochnaithe a bhí inti, ach creatlach gharbh nach raibh ach ± 600 focal agus gramadach an-simplí aici *. Chuir mé suntas di den chéad uair fiche bliain ó shin nuair a tháinig mé go Seattle ó Chalifornia. Cé nach gcloistear í níos mó, tá sí le feiceáil ar fud na háite ar an léarscáil. Mar shampla, thrasnaigh mé an abhainn Skookumchuck ar an mbealach go Portland. Is ionann “skookum” agus "cumhachtach” agus ciallaíonn “chuck” “uisce” **.

* “A grotesque jargon called Chinook is the lingua-franca of the whites and Indians of the Northwest. It is a jargon of English, French, Spanish, Chinook, Kallapooga, Haida, and other tongues, civilized and savage.”
- Theodore Winthrop, 1863

** skookum [skúkǝm] = “cumhachtach, láidir; osnádúrtha agus contúirteach” ó [skᵂəkᵂúm] = “diabhal” sa teanga Lower Chehalis

** chuck [čək] = “uisce” ó [č’aʔak] = “uisce, abhainn” sa teanga Nootka (Nuu-chah-nulth)

21 Meitheamh 2010

r rotunda



Chuir “Anonymous” (Fearn?) ceist orm maidir leis an ‘r’ seo seachtain nó dhó ó shin. “R rotunda” an t-ainm atá ag na clóghráfóirí air. Bhíodh sé sách coitianta i lámhscríbhinní ar fud na hEorpa tráth den saol, ní hamháin i LSS Gaelacha. Tagann sé ar lorg na litreach ‘o’ de ghnáth, ach faightear é freisin ar lorg litreacha eile a bhfuil an taobh deas díobh cruinn: p, b, etc.

“Gormlaith glórda”, sampla as an Leabhar Laighneach



Bhí an r rotunda le fáil i gcúpla clófhoireann luath freisin. Seo thuas leathanach as Lochrann na gCreidmheach, a cuireadh i gCló Gaeilge na Róimhe i lár an tseachtú haois déag. Tá an r le feiceáil faoi dhó ag deireadh an chéad pharagraf:

7 ór nolc féin do gheibhimid na fiachasa do bheith oraind.

NB: ór nolc = ónár n-olc

19 Meitheamh 2010

tré ársa



“Trí rud a thagann le haois:
dearmad agus ...
ní cuimhin liom an dá cheann eile.”


“Old Merlin” le Richard Svensson

ag cur thar maoil




Tógadh na pictiúir seo seachtain ó shin nuair a bhí an ghrian ag taitneamh. Tá craobh fhliuch ar an lá inniu agus deirtear nach mbeidh aon athrú ar an aimsir amárach. Tá sé 13°/55F anois díreach ag 4:45 i.n. *osna*