Thug mé cuairt ar Powell's Books, siopa leabhar ollmhór i bPortland, Oregon, Dé Máirt, mar a bhfuair mé seoid bheag ar bheagán airgid. Le bheith cruinn, is leabhar beag é (4" X 6", 84 lch.) agus níor thug mé ach $19.95 air, níos lú ná leabhar nua faoi chlúdach crua.

Mar a fheiceann sibh, foilsíodh beagán níos mó ná céad bliain ó shin é agus tá inscríbhinn ón údar ann.
Pidsean nó nasctheanga is ea Chinook Jargon, a bhíodh in úsáid ar fud an Phacific Northwest sa naoú haois déag mar nasc idir na bundúchasaigh (a raibh a lán teangacha éagsúla acu), na trádálaithe Ceanadacha (a raibh Fraincis mar phríomhtheanga acu) agus na Meiriceánaigh. Ní teanga chríochnaithe a bhí inti, ach creatlach gharbh nach raibh ach ± 600 focal agus gramadach an-simplí aici *. Chuir mé suntas di den chéad uair fiche bliain ó shin nuair a tháinig mé go Seattle ó Chalifornia. Cé nach gcloistear í níos mó, tá sí le feiceáil ar fud na háite ar an léarscáil. Mar shampla, thrasnaigh mé an abhainn Skookumchuck ar an mbealach go Portland. Is ionann “skookum” agus "cumhachtach” agus ciallaíonn “chuck” “uisce” **.
* “A grotesque jargon called Chinook is the lingua-franca of the whites and Indians of the Northwest. It is a jargon of English, French, Spanish, Chinook, Kallapooga, Haida, and other tongues, civilized and savage.”
- Theodore Winthrop, 1863
** skookum [skúkǝm] = “cumhachtach, láidir; osnádúrtha agus contúirteach” ó [skᵂəkᵂúm] = “diabhal” sa teanga Lower Chehalis
** chuck [čək] = “uisce” ó [č’aʔak] = “uisce, abhainn” sa teanga Nootka (Nuu-chah-nulth)














