11 Meitheamh 2010

pelvic inlet depth index




Pelvic inlet depth index: téarma nach bhfuil ag focal.ie. D'fhoghlaim mé inné é agus mé ag éisteacht* le leabhar nua, Pandora's Seed le Spencer Wells. Píosa deas popular science atá ann. Níl a fhios agam conas é sin a rá i nGaeilge ach oiread. Maidir le popular culture, tá na roghanna seo a leanas ag focal.ie:

cultúr pobail
cultúr coiteann
cultúr na ndaoine
cultúr an phobail

Pé scéal é, is cosúil -- agus ní eolas nua é seo -- go raibh coirp níos folláine ag ár sinsir i bhfad ó shin roimh an réabhlóide neoilití, nuair a bhí chuile dhuine ina fhiagaí/cnuasaitheoir. Scríobh Jared Diamond alt faoi seo, “The Worst Mistake in the History of the Human Race”, fiche trí bliana ó shin.

Bhí a fhios agam ó altanna mar seo go raibh muid níos bige mar fheirmeoirí ná mar a bhí muid mar shealgairí. Ní raibh a fhios agam go raibh breith clainne níos éasca agus níos sábháilte ag an am sin freisin. Tá an cine daonna níos airde arís inniu, faoi dheireadh thiar thall. Ach níl an pelvic inlet depth index chomh hard fós agus a bhí sé 10,000 bliain ó shin.

* Tá an closleabhar níos saoire ($14.95 ó iTunes) ná an leabhar clóite ($26.00, ach $15.21 ó Amazon).

10 Meitheamh 2010

beoir + fíon + meá =



Mar a deir an lipéad, tá an leann seo déanta as eorna, mil, fíonchaora agus cróch. Bhí sé againn ag dinnéar aréir in éindí le polenta le hanlann marinara, cál catach bruite go mall le bagún agus oinniún, agus borsch biatais fuar ón oíche roimhe le daba fial de iógart Gréagach.

Conas a bhí sé? Go hálainn! Leann a bhí ann, gan dabht dá laghad, ach an-mhín agus beagáinín milis. Chuir sé gewürtztraminer Alsáiseach i gcuimhne dom. Fuair na grúdairí ag Dogfish Head an t-oideas ó sheandálaí móilíneach (molecular archaeologist) a rinne anailís ar iarsma den deoch a bhí fágtha i soithí cré ó thuama ón ochtú haois BC i nGordium sa Tuirc.

09 Meitheamh 2010

rune around



Cloch rúnscríbhinne í seo. Tá sí suite i Skåäng, sa tSualainn. Ní raibh mé riamh sa tír sin, ach is cosúil go bhfuil na clocha seo le fáil ar fad na háite. Tá an inscríbhinn seo inléite gan dua. Ach deir Marco Bianchi, saineolaí i dteangacha Nordacha, nach bhfuil ach gibris ar chuid acu.

Uaireanta ní raibh na daoine a ghrean iad in ann scríobh dáiríre, agus ní raibh an gnáth-Víkingr in ann na litreacha a léamh. Ach bhí chuile dhuine sásta mar sin féin toisc go raibh ardghradam ag baint leis an gcloch féin a bheith ann.

Smaoinigh, mar shampla, ar na daoine sa lá atá inniu ann a bhfuil tatú orthu i dteanga/script choimhthíoch nach dtuigeann siad ar chor ar bith, tatúnna atá lochtach nó áiféiseach sách minic. Ach tá na daoine a cheannaigh iad breá sásta leo mar sin féin.

Mar a dúirt mé, tá an ceann seo inléite. Séard atá scríofa air ná:

+ gnubha ÷ liþ : raisa : stain : þinsa : hibtiR : kulaif : bruþur sin han : antaþis : austr : at þikum

.i.

Gnupa let ræisa stæin þennsa æftiR Guðlæif, broður sinn. Hann ændaðis austr at þingum.

.i.

Thóg Gnúpa an chloch seo i gcuimhne Gulleifr, a dheartháir. Fuair sé bás thoir sa Dáil.

07 Meitheamh 2010

Spanglish arís



In alt faoin gcumann seo ar an Wall Street Journal inniu, d'aistrigh siad “Asociación Amigos del Ferrocarril Belgrano” mar “Amigos of the Belgrano Railroad Association”. Ní dóigh liom go bhfuil mórán Béarlóirí abhus anseo i SAM nach dtuigeann na focail amigo, dinero, agus mañana. Is cosúil gur focal Béarla anois é an chéad cheann seo dar leis an WSJ.

Spanglish abú!

íobairt


Seo iad chéad véarsaí an dáin Ένα το χελιδόνι (Ena to khelidoni) le Οδυσσέας Ελύτης (Odysseas Elytis). Bronnadh an Duais Nobel sa Litríocht air sa bhliain 1979. Rinne Mikis Theodorakis amhrán den dán. Tig libh éisteacht le leagan amháin de anseo.


Fáinleog amháin agus an t-earrach daor:
Le go n-éireoidh an ghrian ní mór neart oibre.

Ní mór na mílte marbh ag na rothaí,
Ní mór do na beo a gcuid fola a thabhairt.

In áit eile, ag am eile, shíl na Mexica (na hAstacaigh) go raibh fuil na mbeo riachtanach le “rothaí móra an tsaoil” a choinneáil ag casadh. Gan íobairt na mbeo, .i. gan daoine a chur chun báis -- a lán acu agus go rialta -- ní éireodh an ghrian. Stadfadh chuile rud. Bhí sé chomh simplí sin, dar leo.


Níl a fhios agam an raibh cur amach ag Elytis ar smaointe na nAstacach, nó an bhfuair sé an téama seo óna chultúr féin.

Outremer 7 Israel



Tá comparáid an-suimiúil déanta ag Ross Douthat san alt seo, “Israel and Outremer” ar an New York Times inniu, idir stair Stáit na gCrosáidirí agus stair Israel. Outremer (outre = thar + mer = muir i bhFraincis) an sean-ainm a bhí ar na stáit seo.

06 Meitheamh 2010

na comharsana


Thóg mé na grianghrafanna seo ón deic deich nóiméad ó shin, ag beagnach a sé a chlog ar lá scamallach. Chuaigh mé amach nuair a chuala mé iad ag caint le chéile, an mháthair agus a beirt choileán.