07 Meitheamh 2010

íobairt


Seo iad chéad véarsaí an dáin Ένα το χελιδόνι (Ena to khelidoni) le Οδυσσέας Ελύτης (Odysseas Elytis). Bronnadh an Duais Nobel sa Litríocht air sa bhliain 1979. Rinne Mikis Theodorakis amhrán den dán. Tig libh éisteacht le leagan amháin de anseo.


Fáinleog amháin agus an t-earrach daor:
Le go n-éireoidh an ghrian ní mór neart oibre.

Ní mór na mílte marbh ag na rothaí,
Ní mór do na beo a gcuid fola a thabhairt.

In áit eile, ag am eile, shíl na Mexica (na hAstacaigh) go raibh fuil na mbeo riachtanach le “rothaí móra an tsaoil” a choinneáil ag casadh. Gan íobairt na mbeo, .i. gan daoine a chur chun báis -- a lán acu agus go rialta -- ní éireodh an ghrian. Stadfadh chuile rud. Bhí sé chomh simplí sin, dar leo.


Níl a fhios agam an raibh cur amach ag Elytis ar smaointe na nAstacach, nó an bhfuair sé an téama seo óna chultúr féin.

Outremer 7 Israel



Tá comparáid an-suimiúil déanta ag Ross Douthat san alt seo, “Israel and Outremer” ar an New York Times inniu, idir stair Stáit na gCrosáidirí agus stair Israel. Outremer (outre = thar + mer = muir i bhFraincis) an sean-ainm a bhí ar na stáit seo.

06 Meitheamh 2010

na comharsana


Thóg mé na grianghrafanna seo ón deic deich nóiméad ó shin, ag beagnach a sé a chlog ar lá scamallach. Chuaigh mé amach nuair a chuala mé iad ag caint le chéile, an mháthair agus a beirt choileán.



Fáilte roimh Liz!



Fáilte roimh an mblag nua inár measc, Machnamh Mná Róléannta! Tá beirt againn ag blagadóireacht i nGaeilge i Stát Washington anois.

05 Meitheamh 2010

Spanglish abú!



D'fhoghlaim mé dhá rud tábhachtach ó Suzanne, atá in cónaí i mBoise (Idaho), ag dinnéar aréir.

1) Is é Bueno Cheapo Vino an áit is fearr le fíon a cheannach ansin.

2) Deir na daoine atá ina gcónaí ann Boy-See, murab ionann agus an chuid eile againn a deir Boy-Zee. Is breá liom siobailit mar seo.

03 Meitheamh 2010

Rue McClanahan R.I.P.


Fuair Rue McClanahan, Blanche ar
The Golden Girls, bás inné.


Go raibh míle maith agat, Blanche!

Joel Gibb & The Hidden Cameras


Is leantóir de chuid The Hidden Cameras mé lena trí nó a ceathair de bhlianta anuas. Seo dhá amhráin a cheannaigh mé ón albam is nua a rinne siad anuraidh, “Origin:Orphan”.

Físeán proifisiúnta is ea an chéad cheann, “He Falls to Me”, ach is fíormhaith liom an dara hamhrán, “The Colour of a Man”.



Is trua nach bhfuil an físeán seo a leanas níos fearr. Ach tá an t-amhrán ar fáil ó iTunes ... má thaitníonn sé le haon duine anseo. Agus má bhíonn tú i Leipzig Déardaoin seo chugainn, tig leat iad a fheiceáil agus a chloisteáil ansin!