
In ainneoin an ola atá ag síorscairdeadh amach i Murascaill Mheicsiceo agus in ainneoin na fola a doirteadh ar chósta Ghaza, bhí teagmháil gan choinne agam le bluebird of happiness inné. Chuir sé an bhlagmhír seo ó John i gcuimhne dom. Séard ba chúis leis an sonas seo ná scúp reoiteóige, an ceann ar clé thíos le bheith cruinn:
Bhí blas láidir den leann dubh air, agus - iontas na n-iontas - ní raibh sé an-mhilis, rud a thaitin go mór liom. Rud eile a thaitin liom ná go ndéantar é, mar a deirtear thuas, le leann dubh a dhéantar sa ghrúdlann béal dorais. Dála an scéil, bhí mé sa chomharsanacht sin le pónairí caife direct trade / déileáil dhíreach a cheannach ó Stumptown. “Montes de Oro” an cineál is fearr liom dá bhfuil ar fáil uathu anois díreach.








