22 Bealtaine 2010

20 Bealtaine 2010

breithlá Nótaí Imill



Thosaigh mé ag blagadóireacht anseo bliain ó shin, ar 21 Bealtaine 2009. Chuir mé StatCounter ag obair cúpla seachtain ina dhiaidh sin. Seo barraghraf na seachtaine seo caite.

19 Bealtaine 2010

Iníonra ar an Áirc


Deir na focail gurb iad seo “iníonra na háirce”. Feicim dhá cheann gan cholainn ar dheis.


Ach céard é seo ar clé? Ceann le colainn? Agus colainn le cíocha?


Do bharúil, led thoil?

Áirc Naoi: lipéid eile


Seo íomhánna níos fearr de dhá cheann de na lipéid ar an léaráid a thaispeáin mé daoibh arú inné. Do Neil McLeod go háirithe atá siad anseo, le go mbeidh deis aige iad a iniúchadh.


ingeanraid
na hairci

iníonra
na háirce



And
seo do
bi nae
i mailli re
[a] mhacaibh isin airc

Anseo a
bhí Naoi
maille lena
mhic san áirc

18 Bealtaine 2010

urnaí nó bruscar?


64 x 64 mm

Fuair mé an píosa páipéir seo sa phost an tseachtain seo caite ó chara liom atá ag obair sa tSín. Bhí sí in iarthar Sichuan ar na mallaibh, mar a bhfuil a lán Tibéadach ina gcónaí. “Bratach urnaí” bheag is ea é, clóite ar pháipéar garbh. Dúirt sí liom go caitheann daoine na “bratacha” seo amach as an bhfuinneog agus iad ag trasnú na sléibhte ag Litang (4,718 m) le “good karma” a chosaint. Níl a fhios agam an bhfuil dea-kharma le fháil as a bheith ag caitheamh bruscair ar an mbóthar sa lá atá inniu ann. Ach bíodh acu. Is bruscar in-bhithmhillte é.

Séard atá scríofa air, dála an scéil, ná mantra-nna Sanscraite san aibítir Thibéadach, ag tosú le “oṃ amidheva hrīḥ ~ oṃ āgīśvare muṃḥ ~ oṃ maṇi padme hūṃ”. Is é an lungta an créatúr i lár na brataí.

ól


Mura féidir leat a bheith i do dhea-shampla ...




... bí i do rabhadh.