18 Bealtaine 2010

urnaí nó bruscar?


64 x 64 mm

Fuair mé an píosa páipéir seo sa phost an tseachtain seo caite ó chara liom atá ag obair sa tSín. Bhí sí in iarthar Sichuan ar na mallaibh, mar a bhfuil a lán Tibéadach ina gcónaí. “Bratach urnaí” bheag is ea é, clóite ar pháipéar garbh. Dúirt sí liom go caitheann daoine na “bratacha” seo amach as an bhfuinneog agus iad ag trasnú na sléibhte ag Litang (4,718 m) le “good karma” a chosaint. Níl a fhios agam an bhfuil dea-kharma le fháil as a bheith ag caitheamh bruscair ar an mbóthar sa lá atá inniu ann. Ach bíodh acu. Is bruscar in-bhithmhillte é.

Séard atá scríofa air, dála an scéil, ná mantra-nna Sanscraite san aibítir Thibéadach, ag tosú le “oṃ amidheva hrīḥ ~ oṃ āgīśvare muṃḥ ~ oṃ maṇi padme hūṃ”. Is é an lungta an créatúr i lár na brataí.

ól


Mura féidir leat a bheith i do dhea-shampla ...




... bí i do rabhadh.



17 Bealtaine 2010

Áirc Naoi



Tá an scéimléaráid seo de Áirc Naoi le fáil sa lámhscríbhinn G 3 i Leabharlann Náisúnta na hÉireann. Is féidir, cé nach bhfuil sé cinnte, gurbh é Ádhamh Ó Cianáin an scríobhaí a tharraing í sa 14ú haois. Tá teideal na léaráide le feiceáil ar thaobh na láimhe deise ag barr an leathanaigh:



Denam na hairce andseo
sliabh armenía fuithe

Déanamh na háirce anseo;
Sliabh Armenía faoi

Tá lipéid eile ann a mhíníonn úsáid na spásanna san áirc. Mar shampla, tá lipéad faoin díon ar an taobh deas a deir:

Andseo
do badar en
laith na hairce

Anseo
do bhíodar éan-
laith na háirce

Tá dhá éan le feiceáil ar in aice leis an áirc ar an taobh clé: an coruus (.i. préachán nó fiach) agus an columba (.i. colm) os a chionn. Ní féidir liom ach cuid den lipéad atá buailte leis an gcolm a léamh:

Aig sin mar d(t)ainig
in colaim didiu (?)
isin sgel 7 a
craebh na
bel

Tá a fhios againn, ar ndóigh, go raibh craobh úr olóige i mbéal an choilm nuair a tháinig sé ar ais an dara huair. B'fhéidir go mbeidh duine éigin eile in ann na focail seo a dhéanamh a mach.

Is dóigh liom, ar an láimh eile, go bhfuil an lipéad seo, atá suite i mbolg na háirce, réasúnta éasca a léamh:

15 Bealtaine 2010

WolframAlpha


Cliceáil le méadú.

Mise mall mar is iondúil. Ní raibh a fhios agam go dtí aréir go raibh an t-inneall cuardaigh seo ann ar chor ar bith. Seoladh é bliain cothrom ó shin. Bhain mé triail as leis an gceist sa bhosca beag thuas, ceist chonspóideach a bhfuil an iliomad freagra uirthi. Ansin d'fhiafraigh mé “Who was Myles na Gopaleen?” Chuir sé sin mearbhall ar an gcréatúr. Shíl sé gurbh é WHO (World Health Organization) a bhí i gceist agam. Tig leat do cheisteanna féin a chur air anseo. Má tá suim agat sa togra seo, tig leat éisteacht le Stephen Wolfram ag caint air anseo.

14 Bealtaine 2010

Leabhar Breac, lch. 152


Seo nóta imill ó dhuine darbh ainm Eoghan Óg:


misi mac in fir mairbh



ac triall a tir na mbeo

D'aistrigh Charles Plummer an dara líne mar “who is passing to the land of the living” in “On the Colophons and Marginalia of Irish Scribes” in Proceedings of the British Academy (1926).

Deir sé gur féidir Tír na mBeo a thuiscint mar ainm eile ar Pharthas na Críostaíochta, bíodh is go bhfaightear é go minic mar ainm eile ar Thír na n-Óg (aliter Mag Mell, Tír Tairngire, Emain Ablach) sna seanscéalta. Is fíor dó, ar ndóigh.

Ach is féidir go bhfuil fadhb amháin le haistriúchán Plummer: an focal beag “a”. D'aistrigh sé é leis an réamhfhocal “to”. Má tá cuspóir nó ceann scríbe i gceist, is gnách leis an teanga “go” nó “do” a chur ar lorg “triall”. Nuair a fhaightear “a” mar réamhfhocal sna lámhscríbhinní is ionann é agus “i” beagnach i gcónaí. Is féidir go bhfuil an ceart ag Plummer anseo, go raibh a cheann scríbe i gceist ag Eoghan Óg. Ach bheadh sé an-nádúrtha na línte seo a thuiscint mar seo:

“mise mac an fhir mhairbh, ag triall i dtír na mbeo”

I bhfocail eile, “tá m'athair marbh. Beidh mé féin marbh. Ach tá mé anseo anois, san áit a bhfuil daoine beo. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí a bheith ag triall: na droch-bhóithre, an droch-bhia, an chontúirt. Tá an bheatha mar sin. Tabuir bennacht do raith m'anma, a duine trocairig eigin.

11 Bealtaine 2010

“An Triúr Manach” in Albainis


The haly semmit?

Tá an t-aistriúchán nua seo le Matthew Fitt ar fheabhas! Ní chuirfeadh “in the name o ma haly semmit” mar aistriúchán ar “toingim fom aibit” ach crosán den chéad scoth.

Níl ag teastáil uainn anois ach leagan in Albainis Uladh. Nach bhfuil éinne amuigh ansin in ann aige sin?

NB: Tá an scéilín ar fáil in Albainis agus in Albáinis.

10 Bealtaine 2010

builder's tea?



Cad é an Ghaeilge air?