14 Bealtaine 2010

Leabhar Breac, lch. 152


Seo nóta imill ó dhuine darbh ainm Eoghan Óg:


misi mac in fir mairbh



ac triall a tir na mbeo

D'aistrigh Charles Plummer an dara líne mar “who is passing to the land of the living” in “On the Colophons and Marginalia of Irish Scribes” in Proceedings of the British Academy (1926).

Deir sé gur féidir Tír na mBeo a thuiscint mar ainm eile ar Pharthas na Críostaíochta, bíodh is go bhfaightear é go minic mar ainm eile ar Thír na n-Óg (aliter Mag Mell, Tír Tairngire, Emain Ablach) sna seanscéalta. Is fíor dó, ar ndóigh.

Ach is féidir go bhfuil fadhb amháin le haistriúchán Plummer: an focal beag “a”. D'aistrigh sé é leis an réamhfhocal “to”. Má tá cuspóir nó ceann scríbe i gceist, is gnách leis an teanga “go” nó “do” a chur ar lorg “triall”. Nuair a fhaightear “a” mar réamhfhocal sna lámhscríbhinní is ionann é agus “i” beagnach i gcónaí. Is féidir go bhfuil an ceart ag Plummer anseo, go raibh a cheann scríbe i gceist ag Eoghan Óg. Ach bheadh sé an-nádúrtha na línte seo a thuiscint mar seo:

“mise mac an fhir mhairbh, ag triall i dtír na mbeo”

I bhfocail eile, “tá m'athair marbh. Beidh mé féin marbh. Ach tá mé anseo anois, san áit a bhfuil daoine beo. Ní bhíonn sé éasca i gcónaí a bheith ag triall: na droch-bhóithre, an droch-bhia, an chontúirt. Tá an bheatha mar sin. Tabuir bennacht do raith m'anma, a duine trocairig eigin.

11 Bealtaine 2010

“An Triúr Manach” in Albainis


The haly semmit?

Tá an t-aistriúchán nua seo le Matthew Fitt ar fheabhas! Ní chuirfeadh “in the name o ma haly semmit” mar aistriúchán ar “toingim fom aibit” ach crosán den chéad scoth.

Níl ag teastáil uainn anois ach leagan in Albainis Uladh. Nach bhfuil éinne amuigh ansin in ann aige sin?

NB: Tá an scéilín ar fáil in Albainis agus in Albáinis.

10 Bealtaine 2010

builder's tea?



Cad é an Ghaeilge air?

09 Bealtaine 2010

Níl aon cheann ag SAM ach oiread.


Tá 25 cinn acu ag an tSín, 16 ag an tSeapáin, 7 ag an gCróit, 3 ag an bhFrainc, ceann amháin ag Tonga agus ceann amháin ag Poblacht na Bealarúise*. Céard atá i gceist agam? Dá mbeadh ceann ag Éirinn, céard go díreach a bheadh ann?

Seo leid daoibh:


* Dála an scéil, tá leagan Bealarúisise de An Triúr Manach anseo anois. Fuair muid an tseachtain seo caite é ó Mark Ó Fionnáin atá ina chónaí sa Pholainn mar a múineann sé Gaeilge.

08 Bealtaine 2010

“higgledy-piggledy”


An Ghaeilge atá ag de Bhaldraithe ar “higgledy-piggledy” ná “ar fud a chéile”. Tá go maith agus níl go dona.


Ach tháinig mé ar leagan eile an lá cheana, teilgean cainte a thaitin go mór liom, mar atá “ar mhuin mhairc a chéile”. “Thrown on top of one another, higgledy-piggledy” an sainmhíniú a thugann FGB air.

Fuair mé an teilgean seo i bhfonóta le Tomás Ó Floinn ina aistriúchán den scigaithris Aisling Mhic Conglinne:

“Tá caite ar muin marc a chéile anseo bailiúchán ráite a gheibhtear coitianta ar ‘chóireacha catha’ na scéalaíochta, tagairtí liteartha, pisreoga, foirmlí folamha -- nithe nach ceart a dhéanamh nó a mba dheacair a dhéanamh -- baothántaíocht agus cuma na céille uirthi.”

Séard atá i gceist aige ná an carn de ráite -- 39 acu -- a chuireann an téacs faoi bhráid an léitheora in aon gheábh amháin. Ráite ar nós an chinn seo:


07 Bealtaine 2010

ar shlí na fírinne nó ar fionraí?



Cé acu ceann a thiocfaidh as ais níos luaithe, an punt Éireannach nó an eilc Éireannach? Leis an dul chun cinn uilig atá á dhéanamh i gclónáil agus in eastóscadh DNA ar na mallaibh ar láimh amháin, agus leis an amhras faoin euro atá ag fás go fóill ar an láimh eile, níl mé cinnte.

scamaill



Na scamaill seo atá fada féitheach: an bhfuil ainm orthu i nGaeilge?