08 Bealtaine 2010

“higgledy-piggledy”


An Ghaeilge atá ag de Bhaldraithe ar “higgledy-piggledy” ná “ar fud a chéile”. Tá go maith agus níl go dona.


Ach tháinig mé ar leagan eile an lá cheana, teilgean cainte a thaitin go mór liom, mar atá “ar mhuin mhairc a chéile”. “Thrown on top of one another, higgledy-piggledy” an sainmhíniú a thugann FGB air.

Fuair mé an teilgean seo i bhfonóta le Tomás Ó Floinn ina aistriúchán den scigaithris Aisling Mhic Conglinne:

“Tá caite ar muin marc a chéile anseo bailiúchán ráite a gheibhtear coitianta ar ‘chóireacha catha’ na scéalaíochta, tagairtí liteartha, pisreoga, foirmlí folamha -- nithe nach ceart a dhéanamh nó a mba dheacair a dhéanamh -- baothántaíocht agus cuma na céille uirthi.”

Séard atá i gceist aige ná an carn de ráite -- 39 acu -- a chuireann an téacs faoi bhráid an léitheora in aon gheábh amháin. Ráite ar nós an chinn seo:


07 Bealtaine 2010

ar shlí na fírinne nó ar fionraí?



Cé acu ceann a thiocfaidh as ais níos luaithe, an punt Éireannach nó an eilc Éireannach? Leis an dul chun cinn uilig atá á dhéanamh i gclónáil agus in eastóscadh DNA ar na mallaibh ar láimh amháin, agus leis an amhras faoin euro atá ag fás go fóill ar an láimh eile, níl mé cinnte.

scamaill



Na scamaill seo atá fada féitheach: an bhfuil ainm orthu i nGaeilge?

06 Bealtaine 2010

gaireas iontach nó abomination?



Freastalaím ar na sacraimintí gach maidin. Ní an tAifreann atá mé a rá ach Searmanas an Tae. Bíonn chuile rud leagtha amach romham: an citeal, an próca a bhfuil na duilleoga ann, an spúnóg leis na duilleoga a bhaint as an bpróca, an taephota, an muga. Tá siad uile tábhachtach. Thogh mé gach ceann acu go cúramach. Déanaim an tae go cúramach. Má tá an searmanas seo inchurtha le haifreann, is é an tAifreann Triontach é. Málaí tae i mbosca cairtchláir? Eiriceacht!

Ach céard atá ann anois? Inneall a dhéanann an rud ar fad go huathoibríoch agus a thugann aire don teocht agus don am a theastaíonn ó gach saghas tae. Níl le déanamh agat ach cúpla cnaipe a bhrú. Agus níl ach $250 atá air. Oh, agus beidh ort é a bhaint as a chéile agus a ghlanadh.

Ceist agam oraibh: cén chanúint atá ag an mbean san fhíseán a mhíníonn an rud ar fad?

03 Bealtaine 2010

ró-stró?




i bhFraincis: pop-corn

i nGearmáinis: Popkorn

i Hindis: पॉपकॉर्न (popkorn)

in Eastóinis: popkorn

in Eabhrais: פופקורן (popkorn)

i Seapáinis: ポップコーン (poppukôn)

i Sualainnis: popcorn

i nGréigis: ποπ κορν (pop korn)

i Rúisis: попкорн (popkorn)

Tá “grán rósta" éasca a rá agus éasca a scríobh. Ach nach bhfuil sé beagán saorga mar sin féin? An gcuireann muid ró-stró orainn féin uaireanta?

míorúilt nó calaois eile?



“Tá sé thar am againn aire na bhfíréan a tharraingt ó na ceannlínte, do Naofacht!”

“Maith an smaoineamh, do Shoilse! Tabhair isteach an magic show !”

“Beannacht ort, a mhic...”


Marcial Maciel Degollado: sagart, creachadóir gnéasach, plagiarist, cara mór le Seán Pól II a thacaigh go díograiseach le Legion of Christ, an cultas a bhunaigh Maciel.


An ceacht anseo? Más fear óg dathúil tú, ná téigh ar do ghlúine roimh sagart. Beidh tú díreach san áit ar fearr leis thú.