28 Aibreán 2010

duaisdhán



Tá mé beagán mall. Níor thug mé faoi deara go dtí inniu gur bhuaigh Proinsias Mac a' Bhaird Comórtas Uí Néill 2010 lena dhán “Bróga”. Ba mhaith liom an duais a thréaslú leis agus ceist a chur air. Cá bhfuil an dán le léamh?

an radharc is deireanaí


Chuir mé an gairdín gluaiseachtach ag deireadh Mí Feabhra. Seo dhá ghrianghraf a thóg mé inné. Tá na plandaí ag teacht ar aghaidh go maith, ach is fada ó bhláthú fós iad.



Cliceáil le méadú.


27 Aibreán 2010

Naomh Lúcás, Naomh Marcas & Bart Simpson


Seo dhá íomhá ón scríobhaí anaithnid a scríobh agus a mhaisigh Leabhar Dhéir (Book of Deer), leabhar an-bheag (54 mm X 107 mm) a bhfuil cuid de na Soiscéil i Laidin ann ... agus íomhá amháin ó Mhatt Groening, nach bhfuil anaithnid ar chor ar bith.

Cliceáil le méadú.

Is breá liom Naomh Lúcás ar an leathanach thuas. Is breá liom simplíocht a aghaidh, fantaisíocht a chuid éadaí, agus thar aon rud eile, a chuid gruaige!


Is cosúil go bhfuil gruaig chatach ar an Soiscéalaí Marcas thíos. Murab ionann agus Lúcás, tá cluasa ar an naomh seo freisin: cluasa beaga cruinne díreach mar atá ar Bhart. An féidir go raibh cur amach ag Groening ar na pictiúir seo? Nó an athionchollú é Groening den scríobhaí Gaelach? Mo cheol iad araon, cibé conas a mhínítear na cosúlachtaí seo.



Agúisín. Tá ceist agam oraibh anois maidir leis an nGaeilge. Deir muid “scéalta” san iolra. Cén fáth nach ndeir muid “Soiscéalta”? “Soiscéil” an t-iolra ceart de réir FGB.

26 Aibreán 2010

cáis mahón: an tástáil



Cheannaigh mé canta den cháis a luaigh mé cúpla lá ó shin, an “tirimcháis cheathairthaobhach chomhchruthach”. Tá sí tirim, crua, agus an-ghéar. Parmigiano-Reggiano saghas borb, a déarfainn.

25 Aibreán 2010

Tengwar


Cliceáil le méadú.

Is breá liom an aibítir seo! Tengwar an t-ainm atá uirthi. J. R. R. Tolkien a chum í. Úsáidtear í leis na teangacha Elvish a scríobh. Séard atá thuas ná aistriúchán den scéilín Sean-Ghaeilge faoin triúr manach a thug diúltú don saol.

24 Aibreán 2010

na rudaí a d'ith mé anocht


Anocht d'ith mé an leathbhreac Hawaiiach de arán donn agus stobhach Gaelach: poi agus laulau. Faigheann ollmhargadh anseo i Seattle an dá délice seo caol díreach ó Hawai‘i. Sin buntáiste amháin atá againn anseo ar imeall an Domhain Thiar! Níl a fhios agam ach is féidir nár itheadh ceachtar acu seo riamh in Éirinn.

Tosaíonn an dá bhia seo le kalo (nó taro), planda a fhásann in uisce, cosúil le rís. Itear na duilleoga agus na fréamhacha araon.


laulau beagán casta. Filltear muiceoil nó sicín, duilleoga úra kalo, agus beagán iasc saillte isteach i nduilleoga ki (nó ti) agus bruitear i ngalchorcán an pacáiste seo. Ní itear na duilleoga ki. Tá na duilleoga kalo beagáinín cosúil le spionáiste agus iad bruite -- nó meascán de spionáiste agus samhadh. Laulau le sicín a bhí agam anocht, ach seo pictiúr de laulau le muiceoil díreach tar éis é a oscailt. (Ní dhearna mise an méid seo uilig seo ar chor ar bith. Laulau prêt à manger a cheannaigh mé!)


Agus séard a itear leis an laulaupoi, céard eile? Is rud cuibheasach simplí é an poi seo. Tá sé an-mhín, beagán géar, agus itear le spunóg é na laethanta seo. Bíonn dath liathchorcra air i gcónaí.


Déantar as fréamhacha an kalo é. Bruitear iad, scamhtar iad agus brúitear iad. Sin an méid.


Ceannaíonn beagnach chuile dhuine poi ón ollmhargadh, i mála plaisteach. Seo é an branda a d'ith mé anocht.


Bhí an béile seo chomh blasta agus go raibh orm é a roinnt libh!

23 Aibreán 2010

scrioptúr inite



Sútra an Chroí, scríofa ar mhuisiriúin le Charwei Tsai.


Scríobh sí an téacs céanna ar tofu freisin.