20 Aibreán 2010

braigetóracht


D'aistrigh mé an focal “bragitóracht” sa bhlagmhír roimhe seo mar “abhlóireacht”, toisc nach raibh an focal ceart agam i Nua-Ghaeilge. Séard atá i gceist dáiríre ná ealaín an bhromaire. Ní “bromaireacht” .i. “gaotaireacht, scaothaireacht” atá mé a rá, ach “ceol is ceiliúir a thagannn as an tóin”. Ní ag magadh atá mé!

Cliceáil le méadú.

Ní ag goradh a dtóin atá an bheirt ar dheis sa léaráid chlúiteach seo, ach ag “braigetóracht”. Agus creid é nó ná creid, bhí i bhfad níos mó ar a gcumas acu na fuaimeanna borba a dhéanamh. Tá an cruthú againn a bhuí le Francach darbh ainm Joseph Pujol. Braigetóir nua-aoiseach a bhí ann.


“Le pétomane” an t-ainm stáitse a bhí air agus thuill sé níos mó airgead ná fuirseoir ar bith eile sa domhan nuair a bhí sé ag obair sa Moulin Rouge ag deireadh an naoú haois déag. Bhí Pujol in ann aer a tharraing isteach trína anas agus é a “easanálú” ansin, ag baint feidhm as a pholl tóna mar ghléas ceoil -- mar ghaoth-uirlis le bheith cruinn. “Un cas extraordinaire d'aspiration rectale et d'anus musical an teideal ar alt a scríobh an Dr. Marcel Baudouin sa bhliain 1892. Is de thaisme a fuair Pujol amach go raibh an bua seo aige agus é ina bhuachaill. Bhí air an “ealaín chaillte” seo a fhoghlaim ar a chonlan féin. Maidir leis na braigetóirí meánaoiseacha, is cosúil gur fhoghlaim siad an ealaín ó bhraigetóirí eile. Ní raibh printíseach ag Pujol riamh. Tá níos mó faoi anseo.

Agus maidir leis an bhfocal Nua-Ghaeilge, “braigheadóir” an cruth réamh-Chaighdeánach a bheadh air is dócha. An mbeadh an litriú sin inghlactha sa Chaighdeán freisin?

Agúisín: podicicinist an Béarla a cuireadh ar “braigetóir” in Ancient Laws of Ireland, Vol. V (1901).

19 Aibreán 2010

an crosán



Seo ↗ mar a shamhlaigh Darach Ó Scolaí an crosán darbh ainm An Ceithearnach Caolriabhach ina leagan den scéal sin. Agus seo an cur síos air sa téacs:

Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh nochtaithe taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat, agus bonsach bhonnloiscthe choill ina dheaslámh aige.

Agus seo cur síos ar Mhac Con Glinne, an mórchrosán eile inár litríocht, ag brostú leis chuig teach Phiocháin, mar a ndearna sé “cáintecht 7 bragitóracht 7 duana la filidecht” (.i. aoir is abhlóireacht is duanta le filíocht):

Luid Mac Con Glinne iarum co dedbirech díscir déinmnetach, 7 tócbais a lummain coíc-diabulta cengalta i fán a dá gualand, 7 cenglaid a lénid os mellaib a lárac, 7 cingis dar fiarlaít na faithchi fon samail-sin co tech Pichán meic Moíle Finde.

Chuaigh Mac Con Glinne ansin go deifreach dána mífhoighneach, agus thóg sé a bhrat cúigfhillte (a bhí) ceangailte ar a dhá fhiarghualainn, agus cheangail sé a léine os cionn meallta a thóin, agus shiúil sé trasna na faiche sa riocht sin go dtí teach Phiocháin.

Agus níor tháinig éinne roimhe nó ina dhiaidh a bhí níos fearr ná é mar chrosán (dar leis an scéal).

Aisling Mhic Conglinne



Thug mé sliocht as “Aislinge Meic Con Glinne” daoibh cúpla lá ó shin. Ní raibh a fhios agam ag an am sin gur aistrigh Tomás Ó Floinn an scéal meánaoiseach seo go Nua-Gaeilge thiar sa bhliain 1978. Nocht sé, nó cuid de, in Comhar. Fuair mé cúpla píosa de ar an idirlíon anseo agus anseo. Is cosúil gur foilsíodh an t-aistriúchán mar leabhar freisin. Fuair mé ISBN dó (9917409400) ar shuíomh an Kerry Library. Feicim go raibh suim ag Aonghus sa scéal seo trí bliana ó shin. Ba bhreá liom cóip den leabhar a fháil: an leabhar féin nó fótachóip de. Is cosúil nach bhfuil ann ach 60 leathanach.

18 Aibreán 2010

Scamall luaithrigh os cionn na Vatacáine?



Ba cheart duit níos mó na an NYT a léamh i gcás mar seo, a Dennis ghroí,” a dúirt Aonghus liom cúpla lá ó shin. Rinne mé amhlaidh inniu. Bhí níos mó scannal (trí cinn acu, le bheith cruinn) ar an National Catholic Reporter ná mar a bhí ar an New York Times, in alt leis an teideal “Crisis hangs over pope in Malta like volcanic ash”. Tá moladh ag dul don NCR as a neamhbhailbhe.

17 Aibreán 2010

agúisín leis an mblagmhír roimhe seo


An dóigh is fearr le collaíocht an dé ionchollaithe a chlúdach:

céasadh ó shoiscéal Éireannach ón ochtú haois


Le bindealáin. Nó le bandaí rubair crosfhite?

16 Aibreán 2010

ealaín, collaíocht & an Eaglais, cuid a dó


Níl an píosa ealaíne seo le feiceáil i lár timpealláin i Málta, ach i séipéal in Oklahoma.


Deir cuid den phobal nach bhfeiceann siad dada “neamhghnách” ann. Ach tá an oiread sin feirge ar dhaoine eile gur fhág siad paróiste. Tá daoine eile ann nach bhfuil sásta leis ar chor ar bith ach atá ag fanacht mar a bhfuil siad mar sin féin. Agus scéal cinnte go bhfuil daoine eile ann atá an-tógtha leis an íomhá seo ... ar chúisí éagsúla.

Fomna, fomna...


“Fomna, fomna, a Meic Con Glinne,


beóchail ná ro-t·báda!”

“Fainic, fainic, a Mhic Con Glinne, nár bhá an súlach thú!”

Is é seo an rabhadh a chuala Mac Con Glinne agus é ina chodladh go seascair i leaba an aba -- de réir leagain amháin den scéal. An scéal atá i gceist ná Aislinge Meic Con Glinne, scigaithris chlúiteach a cumadh san aonú haois déag. An féidir go raibh a fhios ag fear a chumtha go mbeadh “spórt” ann míle bliain ina dhiaidh sin ar a dtabharfaí gravy wrestling?