30 Márta 2010

Uit mo chrob!


Uit mo chrob

Och, mo lámh!

Scríobhaí Éireannach a “dúirt” é seo timpeall 845 AD, á bhreacadh síos ar imeall leabhair a fágadh i leabharlann Sankt Gallen, mainistir san Eilvéis.

Agus is Sasanach darbh ainm Eadberct a bhreac an méid seo síos i leabhar eile atá arna chaomhnú sa leabharlann chéanna:

(Cliceáil...)

Qui nescit scribere non putat esse laborem. Tres enim digiti scribunt totum corpus laborat.

Ní dóigh le duine nach bhfuil scríobh aige gur obair atá ann. Cé nach scríobhann ach trí mhéar oibríonn an corp ar fad.

Tá a lán leaganacha den ghearán seo le fáil i leabhracha ón Meánaois. Tá níos mó sonraí i gcuid de na leaganacha, mar atá:

oculus gravat = tuirsíonn [an cheird seo] na súile
renes frangit = briseann sí na duáin
costas in ventrem mergit = sánn sí na heasnacha isteach sa bholg
dorsum inclinat = cromann sí an droim

Och, mo lámh... agus mo dhroim agus mo shúile agus...

na hiolair vs. na corra glasa


Bhlagáil mé ar na mallaibh faoi na hiolair atá le feiceáil sa chomharsanacht seo. Éan eile a fheicim go minic anseo ná an chorr ghlas.


Is cosúil nach comharsana maithe iad na héin seo ar chor ar bith. De réir an ailt seo ar an Seattle Times, tá na hiolair, atá ag dul i líonmhaireacht, ag creachadh neadacha na gcorr anois. Is éan mór an chorr, ach is loimirceach í i gcomórtas leis an iolar. Tá líon na gcorr ag laghdú.


Réiteach a mhol duine amháin: áitiú ar na hiascairí coirneacha (ospreys) neadacha a dhéanamh in aice le coilíneachtaí na gcorr. Fanann an t-iolar fíréan glan ón iascaire coirneach de ghnáth, agus ní dhéanann an t-iascaire coirneach aon dochar don chorr.

29 Márta 2010

lámhscríbhneoireacht reatha


Seo cúpla sampla de lámhscríbhneoireacht i nGaeilge ón aois seo caite, a fuair mé ón IVRLA. (Is cosúil nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh seo ar fáil. ) Is le Seán Ó Dálaigh an chéad cheann, agus le Tomás Ó Criomhthain an dá cheann eile.

(Cliceáil air etc.)

Feicfidh tú gur cheartaigh duine éigin cuid de na focail.


Tá sé ar intinn agam peann a thógáil agus triail a bhaint as an script seo!

27 Márta 2010

Sanctus Comgallus



Puer quidam discebat scribere; set nemo potuit eum docere, quia quod scribebat vix agnosci poterat, vtrum manus hominis aut vngula auis illud depinxerat. Et ita erat multis diebus. Postremo autem veniens ad Comgallum, vir sanctus benedixit oculos eius et manus; et ilico scripcio eius meliorata est, ut ceteros scriptores precelleret. Et in ipsa arte auctor et doctor in vita sua fuit.

Vita Sancti Comgali xxix in VITAE SANCTORUM HIBERNIAE, Charles Plummer eag.

Bhí an buachaill seo ag foghlaim scríbhneoireachta. Ach ní raibh aon duine ábalta é a mhúineadh, mar is ar éigean a bhí a fhios acu an é lámh an duine nó crúb an éin a rinne an méid a scríobh sé. Is mar seo a bhí sé go ceann i bhfad. Tháinig sé go Comhghall faoi dheireadh agus bheannaigh an fear naofa a shúile agus a lámha. Tháinig feabhas ar a scríbhneoireacht ar an toirt agus rug sé barr ar na scríobhaithe eile. Agus bhí scil aige sa cheird seo ar feadh a shaoil.

Naomh Comhghall, Éarlamh na Lámhscríbhneoireachta, abú!

26 Márta 2010

An rud a scríobhann an púca...


... léann sé féin é.

Cliceáil air leis an íomhá a mhéadú.

Dhá rann a bhreac duine éigin i seanleabhar (1921) atá agam. Is cosúil go bhfuil an bunleagan le fáil i LS de chuid Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad (LS M 14, nach bhfuil ar fáil ó ISOS, faraor).

1. Cé atá sásta é seo a athscríobh (agus a cheartú)?

2. An bhfuil samplaí eile de lámhscríbhneoireacht reatha i nGaeilge ón aois seo caite ag éinne / ar an idirlíon?

3. Cén fáth an mbeadh Comhghall Naofa úsáideach anseo?

an focal “ionchlannán”



Is focal úrnua é an ceann seo, de réir dealraimh. Níl “ionchlannán” nó “inchlannán” le fáil in Ó Dónaill ar aon nós. Thochais mé mo cheann nuair a fuair mé é ag focal.ie. Ansin -- le chor cainte eile a úsáid -- las an bolgán solais! Focal leathLaidine é seo. Cá bhfuil an Laidin? Ní hansa: san fhocal “clann”.

implant = in+plant > in+clann = ionchlann

Tháinig an focal “clann” isteach sa teanga ón Laidin “planta”. Ní raibh an consan “p” sa Ghaeilge ag an am sin. Rinneadh /kᵂ/ den fhuaim /p/ in iasachtaí an-luatha ón Laidin i mbéal na nGael. Mar shampla:

pascha > *kᵂāska > cásc > Cáisc
planta > *kᵂlanda > cland > clann
pallium > *kᵂallian > caille (agus “cailleach”, bean a raibh caille nó fial uirthi, .i. bean rialta; agus ansin “seanbhean”)

An cúis imní iad?


Scéal a hAon

Tá Apple tar éis fógairt go mbeidh an táirge is nua acu ar an margadh go luath: slis ríomhaire a sheinnfidh ceol ó ionchlannán cíche.

$499 agus $599 a bheidh ar an iTit, ag brath ar mhéid an stórais agus méid an challaire.

Meastar gur forbairt an-tábhachtach é seo. Is fada mná ag gearán go mbíonn fir ag stánadh ar a gcíocha gan a bheith ag éisteacht leo.

Scéal a Dó

Tá imní ar shaineolaithe go mbeidh sceimhlitheoirí in ann eitleán a scriosadh le pléascán in ionchlannán cíche. Is féidir go bhfuil máinlianna ag obair ar a leithéid i Yemen nó i bPakistan anois díreach, a deir siad.