26 Márta 2010

an focal “ionchlannán”



Is focal úrnua é an ceann seo, de réir dealraimh. Níl “ionchlannán” nó “inchlannán” le fáil in Ó Dónaill ar aon nós. Thochais mé mo cheann nuair a fuair mé é ag focal.ie. Ansin -- le chor cainte eile a úsáid -- las an bolgán solais! Focal leathLaidine é seo. Cá bhfuil an Laidin? Ní hansa: san fhocal “clann”.

implant = in+plant > in+clann = ionchlann

Tháinig an focal “clann” isteach sa teanga ón Laidin “planta”. Ní raibh an consan “p” sa Ghaeilge ag an am sin. Rinneadh /kᵂ/ den fhuaim /p/ in iasachtaí an-luatha ón Laidin i mbéal na nGael. Mar shampla:

pascha > *kᵂāska > cásc > Cáisc
planta > *kᵂlanda > cland > clann
pallium > *kᵂallian > caille (agus “cailleach”, bean a raibh caille nó fial uirthi, .i. bean rialta; agus ansin “seanbhean”)

An cúis imní iad?


Scéal a hAon

Tá Apple tar éis fógairt go mbeidh an táirge is nua acu ar an margadh go luath: slis ríomhaire a sheinnfidh ceol ó ionchlannán cíche.

$499 agus $599 a bheidh ar an iTit, ag brath ar mhéid an stórais agus méid an challaire.

Meastar gur forbairt an-tábhachtach é seo. Is fada mná ag gearán go mbíonn fir ag stánadh ar a gcíocha gan a bheith ag éisteacht leo.

Scéal a Dó

Tá imní ar shaineolaithe go mbeidh sceimhlitheoirí in ann eitleán a scriosadh le pléascán in ionchlannán cíche. Is féidir go bhfuil máinlianna ag obair ar a leithéid i Yemen nó i bPakistan anois díreach, a deir siad.

25 Márta 2010

“Just say no.”


Toradh Tragóideach na hAoise
Bíodh ciall agaibh, a pháistí!

NÁ TÉIGÍ IN AOIS!!

Uair an Chloig na Talún


Níl “Uair an Chloig na Talún” chomh gonta* le Earth Hour, ach tá sí ag teacht! Níl le déanamh le dea-ghuí don talamh (agus dúinn féin) a thaispeáint ach na soilse a mhúchadh ó 8:30 go 9:30 Dé Sathairn. Tá solas na gcoinnle an-deas, agus nach bhfuil beagán fíona is beagán comhrá níos fearr ná an bosca sa chúinne (nó an scáileán ar an mballa)?

mar a bhfuil na soilse

Canberra, An Astráil

Má tá dearcadh eile ó twit Sasanach uait, áfach, féach seo.

* Is beag teanga atá chomh gonta leis an mBéarla, ar ndóigh: La Hora de la Planeta, L'Heure de la Terre, etc. Níl a fhios agam an bhfuil leagan Gearmáinise ann ar chor ar bith.

24 Márta 2010

365



Níos luaithe an mhí seo, phléigh mé an abairt seo as Cath Maige Tuired:

Íar sin roadhnocht lia Díen Cécht Míoach ⁊ ásaid cóic lube sescut ar trí cétuib tresin athnocul fo líon a altai ⁊ féthe.

Ansin d'adhlaiceadh Miach le Dian Céacht agus d'fhás trí chéad seasca cúig luibh tríd an adhlacadh, líon a alt agus a fhéitheacha.

Ansin, léigh mé an méid seo inné ar an Wall Street Journal san alt “Decoding an Ancient Theory” :

“Many of the 365 acupuncture points correspond to nerve bundles or muscle trigger points.”

Ansin rinne mé cuardach Google le “ar trí cét” agus fuair mé an sliocht seo as Auraicept na nÉces:

... ar ita coic alta sescat ar tri cet i nduine, a coic sescat ar tri cet aisti archetail, 7 coic laithi sescat ar tri cet isin bliadain 7 a coic sescat ar tri cet du luibib tre thalmain ...

... óir tá trí chéad seasca cúig alt i nduine, trí chéad seasca cúig meadaracht i bhfilíocht, agus trí chéad seasca cúig lá sa bhliain agus trí chéad seasca cúig luibh as an talamh ...

Uabh! Tá 365 ar fud na háite... i ndomhan na smaointeoireachta draíochtúla ar aon nós.

seanrá



Ní cleas é go ndéantar trí huaire é.

23 Márta 2010

Google abú!



Tá comhghairdeas agus buíochas mór ag dul do Ghoogle as an bhfód a sheasamh in aghaidh cinsireachta sa tSín. Mo cheol thú, Sergey Brin!

“Thuig muid, de réir a chéile, go raibh muid ag déanamh dochair, ní hamháin dúinn féin, ach do phobal na Síne.”

“Séard atá i gceist, dar liomsa, ná stair a chaomhnú agus a chur ar fáil do chách.”