09 Márta 2010

aistriúcháin le Google



Tá alt sách suimiúil sa New York Times inniu ar Google translate anseo.

Agus tá samplaí de na haistriúcháin a dhéantar leis anseo. Déanann sé jab maith ag aistriú Fraincise go Béarla, de réir dealraimh. Ní éiríonn leis chomh maith sin le Rúisis is Araibis. Rinne mé triail anois díreach le cúpla abairt a scríobh mé féin ar maidin sa bhlagmhír roimhe seo:

Ach tá an miotas céanna le feiceáil sna scéalta seo uilig: cruthú nua as baill chorpartha an fhir a híobraíodh. Ní cruthú na cruinne iomláine atá i gceist sa scéal Éireannach, ar ndóigh, toisc go raibh scéal eile i réim ó theacht na Críostaíochta i leith. Séard atá againn i scéal Mhiach ná leagan caolaithe den seanscéal, macalla de.

Seo é an t-aistriúchán a fuair mé ón suíomh:

But the same miotas seen in all these stories: the creation of new members from the men who híobraíodh physical. Not causing the whole world involved in the story of Ireland, of course, because that was another story in the scope of the coming of Christianity in particular. What we have in Mhiach story is diluted version of seanscéal, echo de.

Hmmm.

Miach: macalla mhiotas an chruthaithe?


पुरुष

Bhí Puruṣa, nó Purusha, an Fear Cosmach, beo sa mhiotas Véadach. Mharaigh na déithe é agus rinne siad an chruinne as baill a choirp: an ghrian as a dhá shúil, an t-aer as a anáil, agus mar sin de.

Bhí Pangu beo sa tSín. Scar sé an spéir ón talamh. Faoi dheireadh fuair sé bás. D'fhás an ghrian as a shúil chlé agus an ghealach as a shúil dheas, an ghaoth as a anáil, agus mar sin de.

Bhí Ymir beo i nGinnungagap, Anord príomhordúil na miostaseolaíochta Lochlannaí. Saolaíodh Odin agus a bheirt deartháireacha (sin scéal eile!) agus mharaigh siad Ymir. Chruthaigh siad Midgard, an talamh s'againne, as a chorp: na sléibhte as a chuid cnámh, na locha as a fhuil, agus mar sin de.

Fir ollmhóra a bhí sa triúr seo, fathaigh, murab ionannn agus Miach. Cruthaíodh an domhan uile as a gcorp. Cruthaíodh na luibheanna íce as corp Mhiach, sin an méid. Ach tá an miotas céanna le feiceáil sna scéalta seo uilig: cruthú nua as baill chorpartha an fhir a híobraíodh. Ní cruthú na cruinne iomláine atá i gceist sa scéal Éireannach, ar ndóigh, toisc go raibh scéal eile i réim ó theacht na Críostaíochta i leith. Séard atá againn i scéal Mhiach ná leagan caolaithe den seanscéal, macalla de.

08 Márta 2010

cruthú na luibheanna leighis



Íar sin roadhnocht lia Díen Cécht Míoach ⁊ ásaid cóic lube sescut ar trí cétuib tresin athnocul fo líon a altai ⁊ féthe. Is íar sen scarais Airmedh a prat ⁊ decechlaid na lube-sin íarna téchtai. Tosárluid Díen Cécht ⁊ conmesc-side na lube cona fesai a frepthai córi manis-tecaisceth an Spirut íar tain.

Bhí an lia Dian Céacht tar éis Miach, a mhac, a mharú le teann éada toisc go raibh scil ag Miach nach raibh ag a athair.

Ansin d'adhlaiceadh Miach le Dian Céacht agus d'fhás trí chéad seasca cúig luibh tríd an adhlacadh, líon a alt agus a fhéitheacha. Ansin scar Airmheadh, deirfiúr an fhir mhairbh, a brat agus stoith sí na luibheanna sin de réir a dtréithe. Tháinig Dian Céacht agus mheasc sé na luibheanna le chéile ionas nach bhfuil fios ar na buanna íce atá iontu, murar theagasc an Spiorad Naomh ina dhiaidh sin é.

Tá an scéal seo le léamh in Cath Maige Tuired. Rinneadh iarracht ar phágántacht an chuntais a mhaolú leis an tagairt don Spiorad Naomh ag an deireadh.

07 Márta 2010

3 D


Saltair Albanach

“Dywes

Histoire de l’ornementation des manuscrits, Ferdinand Denis, 1857

leabhar beag a bhfuil litreacha áille ann





Tá an tsaltair bheag seo ón aonú haois déag ar taispeáint i nDún Éideann faoi láthair, den chéad uair riamh, go dtí 5 Aibreán, 2010. Tá íomhánna eile de le feiceáil anseo. Is iontach chomh geal agus atá na dathanna ann. Tapaigh an deis má tá tú in Albain!


05 Márta 2010

inscríbhinn ar Ardchros Bhéal Linne



OROIT AR TUATHGAIL LAS DERNATH IN CHROSSA

Tá an inscríbhinn seo le fáil ar an gcros a bhfuil an an seilgaire, a chú, agus an fia le feiceáil uirthi. Leid: dernath = dearnadh.

04 Márta 2010

comhleá Haida-Ceilteach



Dúileamh le Don Yeomans (thíos)



Tá ról lárnach ag an bhfiach dubh i miotaseolaíocht an Phacific Northwest, mar chruthaitheoir agus mar chleasaí. De réir scéil ó Phuget Sound (mar a bhfuil Seattle suite), bhí Fiach Dubh dubh dóite dá shaol i dTír na nÉan. As go brách leis lá amháin le cloch ina ghob. Nuair a bhí sé tuirseach den chloch, lig sé di titim as a ghob. Thit sí san fharraige agus thosaigh sí ag fás, agus tá muid uilig beo uirthi anois.