04 Márta 2010

Croí an Bhaincéara



“Transcendence” an t-ainm oifigiúil ar an dealbh seo le Masayuki Nagare atá suite i gcroílár an Financial District i San Francisco. Ach tugann chuile dhuine “The Banker's Heart” air.

Mar a dúirt Alan Titley in alt ar an Irish Times inniu, “Bucaeid d’allas an tsaoil a chaitear anois ag iarraidh a chruthú gurb ionann baincéirí agus an chuid eile againn maidir le daonnacht de, ach ní léir gur fíor é.”

Dúirt sé freisin, “Táthar ar fad ag caint, ach is beag atáthar á rá.” An seanchas gearr, an seanchas is fearr.

03 Márta 2010

Brendan & Tomm Moore





Déarfainn gur lena “athair” atá Brendan óg ag dul, go háirithe sna súile.

súile móra



An cuimhin libh an kitsch seo le Margaret Keane? Tá a fhios agam anois cá bhfuair sí na súile móra.


Ó Leabhar Cheanannais! Agus tá na súile céanna beo fós san ionchollú is nua de mhystique an leabhar úd, Brendan and the Secret of Kells :


Plus ça change, plus c'est la même chose.

02 Márta 2010

Baí rí amra... (cuid a trí)



Maith ale or in rí cia cocert ro boí etroibsi arráir. Is ed so amne ro imraidsem. Cia cumachta is moo forsin talmain. Asrubartsa or in laech do Romanchaib. cumachta fina. Asrubartsa or in laech do Grecaib. cumachta ríg. Asrubartsa ar in tEbraide. cumachta mná Ro baí ind rigan for lethlaim ind ríg. A mind óir ar cind in ríg. Is tressiu in fín ar indara fer. Is tressiu cumachta in rig ar araile. Cid ane cen chumachta limsa or ind rigan. la tabairt béimme dia baiss fora chathbarr ind ríg. co mboí for lár in taige. A mmarbad or cách nos déccai in rí sechae. Tibid ind rigan la sodain Tibid dano in rí fo chetóir. Ni lotfider in ben ol in rí A sein ane or Nemiasserus is tren a chumachta sin. Is fir or in rí is tressiu cumachta mná oldás cech cumachta.

“Maith go leor,” arsa an rí. “Cén réiteach a bhí eadraibh aréir?”

“Is é seo an cheist a phléigh muid: cad é an chumhacht is mó ar an talamh? Séard a dúirt mise,” arsa an laoch Rómhánach, “ná cumhacht an fhíona.”

“Dúirt mise,” arsa an laoch Gréagach, “cumhacht an rí.”

“Dúirt mise,” arsa an tEabhrach, “cumhacht mná.”

Bhí an bhanríon le taobh an rí. Bhí a mhionn óir ar cheann an rí.

“Is treise an fíon,” arsa an dara fear.

“Is treise cumhacht an rí,” arsa fear eile.

“Cén chumhacht atá agamsa in aon chor?” arsa an bhanríon, agus í ag tabhairt béime dá bos ar chafarr an rí, ionas gur thit an cafarr ar an urlár.

“Maraigh í!” arsa cách.

Déanann an bhanríon gáire ansin. Déanann an rí gáire in éineacht léi.

“Ní dhéanfar dochar don bhean,” arsa an rí.

“Sin é go díreach!” arsa Nemiasserus. “Is mór an chumhacht sin.”

“Is fíor,” arsa an rí. “Tá cumhacht mná níos treise ná gach cumhacht.”

An Deireadh

01 Márta 2010

Baí rí amra... (cuid a dó)


Is degdul or in fer de Grecaib.

Ceist cid immeraidfem. ni handsa. dús cumachta as tressiu fil for talmain. Rofetarsa ar in laech do Romanchaib .i. fín. Ar is fín ro medair in slúag co mbátar cen chond cen chéill. & comtar mera mesca con darala i súan fo chossaib a mbidbad. Is degdul or in fer de Grecaib. acht ba dóchu lim ba tressiu cumachta na flatha dia tardad in fín. Tressiu flaith feraib. sruithiu dúilib duine. Is a chumachtaside fonrignine cen mescai cen chotlud cia taam oc ól fina. Maith or in laech do Ebríb it mathi na dula dorata and. Nemiasserus a ainmside. Ba dóchu limsa or seside ba moo cumachta banscále. Noco n-ingnad dano acht bad chuman lat imbarach. Bít and co matin.

“Bhuel, céard a phléfidh muid?”

“Ní hansa. Cén chumhacht is treise ar talamh?”

“Tá a fhios agam,” arsa an laoch Rómhánach. “Fíon. Óir is fíon a chuir an slua ar meisce go raibh siad gan chiall gan chonn, go raibh siad caoch ar meisce agus a chuir ina gcodladh iad faoi chosa a naimhde.”

“Ceann maith é sin,” arsa an Gréagach. “Ach is dóigh liom go raibh níos mó cumhachta ag an bhflaith a thug an fíon dóibh. ‘Tá an flaith níos treise ná na fir. Tá an duine níos críonna ná na dúile.’ Is é a chumhacht-san a rinne muid gan mheisce gan chodladh cé go bhfuil muid ag ól fíona.”

“Bhuel,” arsa an laoch Eabhrach, “Is maith iad na dúile a cuireadh ann!” Nemiasserus an t-ainm a bhí air. “Feictear domsa,” ar seisean, “go bhfuil cumhacht na mná níos mó. Ní ionadh é seo ach bíodh cuimhne agat air amárach.”

D'fhan siad ann go maidin.

níos mó le teacht

Lá 'le Pádraig na mBreatnach



Dydd Gŵyl Dewi Hapus!

Dewi Ddyfrwr (Dáiví Óltóir Uisce) a thugtar ar éarlamh na Breataine Bige freisin, toisc gur staon sé ón ól. Ach tóg gloine dó mar sin féin inniu!

28 Feabhra 2010

Baí rí amra... (cuid a haon)


Acadamh Ríoga na hÉireann, LS 1339, lch 282

BAÍ rí amra de Grecaib Salemon a ainm. Doronad dī cobled mór do la ríg dia thuathaib. Ros gab mesca mor. Ro batar etairise ocon ríg. Mo arise duib innocht ol se fri triar cáem dia muntir. Dogentar or seat. Is amlaid dī ro batar ocond aire & sesra fína ina farrad. & gilla oc gabail chaindle friu. Baí cach díb oc airiuc thuile di arailiu. Maith tra or in tres fer. Is maith dún atlochomar diar tigerna. Maith siansa in chuirp acht oenrét. It failte na cossa inna roguth cen gluasacht. Fáilti na lláma ic tairbirt in chuirp. Failte na súle oc descin in tuara. Failti na sróna fria bolud. Failti na béoil fria blassacht. Atá ní nad failid and .i. ar n-estecht ar ní chluinethar cách úan parabuil mbind fri araile.

Bhí rí clúiteach ag na Gréagaigh, Salemon a ainm. Rinneadh fleá mhór dó le rí dá chuid tuatha. Bhí siad ar deargmheisce. Ní raibh na daoine seo le trust ag an rí.

“Is fúibhse mo chosaint anocht,” ar seisean le triúr dá chuid compánach.

“Déanfar é,” ar siad.

Is amhlaidh a bhí siad ag faire agus flaigín fíona leo agus giolla ag coinneáil coinnle leo. Bhí gach aon díobh ag déanamh siamsa don chuideachta.

“Tá go maith,” ars an treas fear. “Is maith dúinn buíochas a ghabháil lenár dtiarna. Is aoibhinn don chorp, diomaite d'aon rud amháin. Is sona iad na cosa ina síneadh gan ghluaiseacht. Sona na lámha ag freastal ar an gcorp. Sona na súile ag breathnú ar an mbia. Sona an tsrón á bholú. Sona an béal á bhlaiseadh. Tá rud éigin ann nach bhfuil sona, .i. ár n-éisteacht, óir ní chloiseann muid seanrá binn óna chéile.”