28 Feabhra 2010

Baí rí amra... (cuid a haon)


Acadamh Ríoga na hÉireann, LS 1339, lch 282

BAÍ rí amra de Grecaib Salemon a ainm. Doronad dī cobled mór do la ríg dia thuathaib. Ros gab mesca mor. Ro batar etairise ocon ríg. Mo arise duib innocht ol se fri triar cáem dia muntir. Dogentar or seat. Is amlaid dī ro batar ocond aire & sesra fína ina farrad. & gilla oc gabail chaindle friu. Baí cach díb oc airiuc thuile di arailiu. Maith tra or in tres fer. Is maith dún atlochomar diar tigerna. Maith siansa in chuirp acht oenrét. It failte na cossa inna roguth cen gluasacht. Fáilti na lláma ic tairbirt in chuirp. Failte na súle oc descin in tuara. Failti na sróna fria bolud. Failti na béoil fria blassacht. Atá ní nad failid and .i. ar n-estecht ar ní chluinethar cách úan parabuil mbind fri araile.

Bhí rí clúiteach ag na Gréagaigh, Salemon a ainm. Rinneadh fleá mhór dó le rí dá chuid tuatha. Bhí siad ar deargmheisce. Ní raibh na daoine seo le trust ag an rí.

“Is fúibhse mo chosaint anocht,” ar seisean le triúr dá chuid compánach.

“Déanfar é,” ar siad.

Is amhlaidh a bhí siad ag faire agus flaigín fíona leo agus giolla ag coinneáil coinnle leo. Bhí gach aon díobh ag déanamh siamsa don chuideachta.

“Tá go maith,” ars an treas fear. “Is maith dúinn buíochas a ghabháil lenár dtiarna. Is aoibhinn don chorp, diomaite d'aon rud amháin. Is sona iad na cosa ina síneadh gan ghluaiseacht. Sona na lámha ag freastal ar an gcorp. Sona na súile ag breathnú ar an mbia. Sona an tsrón á bholú. Sona an béal á bhlaiseadh. Tá rud éigin ann nach bhfuil sona, .i. ár n-éisteacht, óir ní chloiseann muid seanrá binn óna chéile.”

biochar


Ceist: Cad é an Ghaeilge ar biochar? D'fhoghlaim mé an focal seo ar maidin in alt in OnEarth, iris de chuid an Natural Resources Defense Council. Is féidir gur dóigh eile é seo le dé-ocsaíd charbóin a bhaint den atmaisféar.


An freagra: gualach. Ach le bheith cruinn, tugtar “gualach” ar an rud a dhóitear mar bhreosla. Má úsáidtear é le haghaidh carbon sequestration, is biochar é. Ceist eile anois: cén Ghaeilge atá ag Matt Hussey ar carbon sequestration?

27 Feabhra 2010

an duine agus na dúile


dúil b2 ceann de na heilimintí; aon rud a cruthaíodh, créatúr ( - de dhúile Dé)



Sruithiu dúilib duine.

Tá an duine níos críonna ná na dúile.

Tá an seanrá seo le fáil i scéilín (Leabhar Laighneach 282b 4) ar Rómhánach, Gréagach agus Eabhrach atá ag díospóireacht faoin gcumhacht is mó ar domhan (as tressiu fil for talmain).

Tá ceann eile atá cosúil leis sa díolaim seanfhocal Bríathra Flainn Fhína maic Ossu:

Ferr duine dúilib.

Tá an duine níos fearr ná na dúile.

Dar le Colin A. Ireland, an fear a chuir an díolaim seo in eagar, “We may read this maxim as a statement implying that mankind stands at the center of Creation.”

Ach tá leagan eile den nath seo le fáil sa dán “Aithbe damsa bés mora”, ar a dtugtar “The Lament of the Old Woman of Beare” i mBéarla:

Doíriu dúilib in duine.

Tá an duine níos daoire* ná na dúile.
* servile, unfree, ignoble anseo

Is minic a bhréagnaíonn seanfhocal seanfhocal eile.

25 Feabhra 2010

ar meisce agus ina gciall




Sliocht as Leabhar a hAon (Clio 133) de Startha Herodotus, ina chuireann sé síos ar chinnteoireacht na bPeireach. Cloíonn an t-aistriúchán seo go dlúth leis an mbuntéacs:

Is nós leo na cúrsaí is tromchúisí a phlé agus iad ar meisce. Rud ar bith a thaitin leo nuair a phléigh siad é, cuireann fear an tí ina bhfuil siad faoina mbráid é an chéad lá eile nuair nach bhfuil siad ar meisce, agus má thaitníonn sé leo nuair nach bhfuil siad ar meisce, glacann siad leis; mura dtaitníonn, ligeann siad uathu é. Agus rud ar bith a bheartaíonn siad nuair nach bhfuil siad ar meisce, pléann siad arís é ar meisce.

Céard a cheapann sibh faoin modus operandi seo?

24 Feabhra 2010

ní curach atá ann



Mise ag foghlaim céaslóireachta i Maui. Cad é an Ghaeilge ar “outrigger canoe”?

(Agus geallaim daoibh gurb í seo an bhlagmhír dheireanach faoi Mhaui!)

23 Feabhra 2010

ar an mbord aréir



Stobhach déanta as buabhall (nó bíosún) agus meacain (meacan bán, meacan dearg, tornapa, oinniún, práta, agus soiliriac) a bhí ar an mbord anseo aréir. Ní raibh an fheoil seo ar fáil ar chor ar bith nuair a bhí mé ag teacht aníos, ach anois faighim san ollmhargadh í ar phraghas an-réasúnta: $7.99/lb. inniu. Tá an t-ainmhí grass-fed go hiomlán, murab ionann agus an mhórchuid d'eallach mairteola sa tír seo. Tá an fheoil an-chosúil le mairteoil, ach tá i bhfad níos lú geire agus colaistéaróil inti.

21 Feabhra 2010

an bandia triarach


Wāhine o Wailea
(Mná Wailea)

le Ken Shutt
cré-umha le paitean bán





Chuir an dealbh seo i bplásóg lárnach an óstáin an bandia triarach Ceilteach i gcuimhne dom: na Trí Bhríd agus na Matres agus Matrones.