28 Eanáir 2010
“Gearr an scéal seo!”
26 Eanáir 2010
“Na Naoi bhFuath”
Is dócha gur léir daoibh faoin am seo go bhfuil suim thar chuimse agam i seandálaíocht liteartha na Gaeilge. Agus go bhfuil luí agam le greann áiféiseach. Bliain go leith ó shin cheannaigh mé leabhrán i gConnolly Books a dtagann an dá rud le chéile ann go seoigh!
Cartúnaí / ealaíontóir / “crosán” darb ainm Giselbertus a chuir an chef d'œuvre beag seo i dtoll a chéile. Thosaigh sé le scéilín uafáis as an bhFiannaíocht agus d'fheistigh a shamhlaíocht é le léaráidí a chuireann psychedelica na seascaidí i gcuimhne dom.
Seo Fionn ag tús an scéil. Is breá liom an tam-o'-shanter atá air. Is maith an sampla é seo den pheannaireacht atá le fáil tríd síos ann, beoga agus quasi-Ghaelach.
Seo cuid de leathanach amháin: Caoilte agus Fionn ag tabhairt aghaidh ar an bhFathach Liath. Is deacair a rá an é crógacht nó iatacht atá le feiceáil ar aghaidh Fhinn.
Agus seo agaibh ceathrar de na Naoi bhFuath. Tá triúr eile ar an leathanach eile. Cliceáil len é seo a mhéadú. Is fiú é!Tá an leabhar ar fáil ó Litríocht.com (ar ndóigh). Tá mórán an leagan céanna den scéal seo le fáil ar leathanaigh 41-42 in Seanchas na Féinne le Niall Ó Dónaill (leabhar a bhfuil ardmheas agam air) ... ach gan na léaráidí!
24 Eanáir 2010
trí mhionn is maith liom
bróga Chinín

léaráid le Arthur Rackham
Iar mbeith don óinmhid achar éigin ar chaoi mheisce agus mhearaidhe ro chuireastair péire do bhrógaibh bláithe buinntiugha agus iad nua neamharsanta fóna cheann gur thuit ’a thoirchim suain; agus ro éirigh duine éigin don chóisir agus ro chuireastair péire do bhrógaibh preabánacha buinnbhriste in ionadh na mbróg mbuinntiugh mbláithleabhair ag Cinín. Iar n-éirghe do Chinín as a chodladh ar na mhárach gur chuir a lámh fón adhart go hiomathlamh agus go iomuaimneach gur tharraing an dá leathanchúarán láinbhriste sin chuige; gur ghabh sé dá mídheamhain agus dá móirfhéachain achar fada gur labhair go himshníomhach, “m’ulc is m’urbhchóide riom féin,” ar sé, “is mór an barr donais agus docharaigh dhamh gurab fearra do chaitheas mo cheann do bhrógaibh ináid mo chosa.” - cuid de chrosántacht le Tadhg Mac Dáire, in An Chrosántacht, le Alan Harrison
Tá ceist agam oraibh, a chairde. Ar chóir dom:
- an scéilín seo a fhágáil mar atá; nó
- gluais a chur leis; nó
- Gaeilge an lae inniu a chur air?
23 Eanáir 2010
an méid a dúirt Fionn faoi cheol

Foilsíodh Irish Fairy Tales le James Stephens den chéad uair sa bhliain 1920. Sa chaibidil “The Boyhood of Fionn” chuir Stephens an abairt seo a leanas i mbéal Fhinn:
“The music of what happens,” said great Fionn, “that is the finest music in the world.”
Bhí clú is cáil i ndán don chéad chúig fhocal sin! Tá The Music of What Happens mar theideal ar chúig leabhar (ar a laghad), le: Helen Vendler, John Straley, Annie Coyle Martin, Andy White, agus John J. Ó Ríordáin; ar albam ceoil le Cathie Ryan; agus chuir Seamus Heaney i ndán iad:
“And that moment when the bird sings very close
To the music of what happens.”
Tá go maith agus níl go holc. Ansin chuir duine fiosrach ceist ar Old-Irish-L: “Cad é go díreach a dúirt Fionn i nGaeilge, agus cén áit?” As go brách liom ag cíoradh is ag cuardach, ag ransú is ag siortú. Agus ... tomhaisigí céard a fuair mé. Faic-all. Bhuel, ní faic a fuair mé, ach ní bhfuair mé na focail ghonta seo ach oiread. Is léir go raibh meas ag Fionn ar cheol an imshaoil:
Is binn liom foghar na bhfaoileán, coigeadal na gcorr, fuaim toinne le trá, guth na gcuach sa Bhealtaine, sceamhaíl na muc ar Mhaigh Eithne, nuallán seilge Dhoire Nóis, scolgháire loin Leitreach Néid, monabhar na nglas-sreabh, amhrán triúr iníonacha Bhig mhic Bhuain agus amhrán triúr mac Eathach. Is binne liom fós tonn faoi thír amach is isteach. Feis Tigh Chonáin, Darach Ó ScolaíAch maidir leis “an gceol dá bhfuil ag tarlú”, is rí-dhócha nár chum Fionn an nath sin riamh, bíodh is go raibh grá aige don cheol a chuala sé timpeall air. Bhí ar James Stephens é sin a dhéanamh.
Subscribe to:
Posts (Atom)







.jpg)
