24 Eanáir 2010

bróga Chinín


léaráid le Arthur Rackham

Iar mbeith don óinmhid achar éigin ar chaoi mheisce agus mhearaidhe ro chuireastair péire do bhrógaibh bláithe buinntiugha agus iad nua neamharsanta fóna cheann gur thuit ’a thoirchim suain; agus ro éirigh duine éigin don chóisir agus ro chuireastair péire do bhrógaibh preabánacha buinnbhriste in ionadh na mbróg mbuinntiugh mbláithleabhair ag Cinín. Iar n-éirghe do Chinín as a chodladh ar na mhárach gur chuir a lámh fón adhart go hiomathlamh agus go iomuaimneach gur tharraing an dá leathanchúarán láinbhriste sin chuige; gur ghabh sé dá mídheamhain agus dá móirfhéachain achar fada gur labhair go himshníomhach, “m’ulc is m’urbhchóide riom féin,” ar sé, “is mór an barr donais agus docharaigh dhamh gurab fearra do chaitheas mo cheann do bhrógaibh ináid mo chosa.” - cuid de chrosántacht le Tadhg Mac Dáire, in An Chrosántacht, le Alan Harrison

Tá ceist agam oraibh, a chairde. Ar chóir dom:
  1. an scéilín seo a fhágáil mar atá; nó
  2. gluais a chur leis; nó
  3. Gaeilge an lae inniu a chur air?
Thug mé leagan gairid den scéilín daoibh anseo dhá sheachtain ó shin.

23 Eanáir 2010

an méid a dúirt Fionn faoi cheol



Foilsíodh Irish Fairy Tales le James Stephens den chéad uair sa bhliain 1920. Sa chaibidil “The Boyhood of Fionn” chuir Stephens an abairt seo a leanas i mbéal Fhinn:

“The music of what happens,” said great Fionn, “that is the finest music in the world.”

Bhí clú is cáil i ndán don chéad chúig fhocal sin! Tá The Music of What Happens mar theideal ar chúig leabhar (ar a laghad), le: Helen Vendler, John Straley, Annie Coyle Martin, Andy White, agus John J. Ó Ríordáin; ar albam ceoil le Cathie Ryan; agus chuir Seamus Heaney i ndán iad:

“And that moment when the bird sings very close
To the music of what happens.”

Tá go maith agus níl go holc. Ansin chuir duine fiosrach ceist ar Old-Irish-L: “Cad é go díreach a dúirt Fionn i nGaeilge, agus cén áit?” As go brách liom ag cíoradh is ag cuardach, ag ransú is ag siortú. Agus ... tomhaisigí céard a fuair mé. Faic-all. Bhuel, ní faic a fuair mé, ach ní bhfuair mé na focail ghonta seo ach oiread. Is léir go raibh meas ag Fionn ar cheol an imshaoil:
Is binn liom foghar na bhfaoileán, coigeadal na gcorr, fuaim toinne le trá, guth na gcuach sa Bhealtaine, sceamhaíl na muc ar Mhaigh Eithne, nuallán seilge Dhoire Nóis, scolgháire loin Leitreach Néid, monabhar na nglas-sreabh, amhrán triúr iníonacha Bhig mhic Bhuain agus amhrán triúr mac Eathach. Is binne liom fós tonn faoi thír amach is isteach.  Feis Tigh Chonáin, Darach Ó Scolaí
Ach maidir leis “an gceol dá bhfuil ag tarlú”, is rí-dhócha nár chum Fionn an nath sin riamh, bíodh is go raibh grá aige don cheol a chuala sé timpeall air. Bhí ar James Stephens é sin a dhéanamh.

22 Eanáir 2010

bosca ceoil Phandora


Fonn a fhanann, blagmhír ar “Anuas den tSeilf”, a spreag an freagra seo, a nocht ar an New Yorker an tseachtain seo. Roz Chast a tharraing é.


21 Eanáir 2010

Ní mhúintear Sean-Ghaeilge in Éirinn!


Die lesenden Mönche Ernst Barlach 1932

“Ní mhúintear Sean-Ghaeilge a thuilleadh sa tír seo,” arsa Siobhán. “Aisteach go leor. Caithfidh daoine a chuireann spéis inti dul go Meiriceá, nó Cambridge i Sasana, de réir dealraimh.”

Sin paragraph as úrscéal bleachtaireachta (nó “cérinneachán” mar a thugann Aonghus air) le hÉilís Ní Dhuibhne, Dún an Airgid, a foilsíodh i 2008. Níl an méid a dúirt “Siobhán” fíor ar chor ar bith, agus baineadh stangadh ... bhuel, geit bheag ... asam nuair a léigh mé é. Ach bhí mé ag smaoineamh air ina dhiaidh sin. An féidir gur leag an t-údar a méar ar fhírinne de shaghas éigin eile: go gcreideann pobal na hÉireann nach bhfuil spéis dá laghad ag éinne i léann na Sean-Ghaeilge ach eachtrannaigh? I mean, seo mise, an Meiriceánach in bhur measc, a bhíonn de shíor ag filleadh ar theanga agus litríocht na meánaoise! Oh well, is obair dhuaisiúil í, ach caithfidh duine éigin í a dhéanamh.
;-)

An Fhrainc, mar a fheiceann...


Fuair mé iad seo agus dosaen eile cosúil leo ó chara liom a bhfuil post aige le hAir France. Ba bhreá liom leagan Éireannach de seo a fheiceáil!





20 Eanáir 2010

kenning quiz



Seo dornán kennings daoibh, idir shean agus nua:
  1. graí Mhic Lir = ?
  2. mac snámha = ?
  3. cailleach oíche = ?
  4. iníon gaoithe = ?
  5. adhbha rón = ? (NB: seal rookery atá air in FGB, ach bhíodh ciall i bhfad níos fileata leis)

19 Eanáir 2010

kenning



Kenning. Seo focal nach bhfuil againn i nGaeilge. Níl sé ag focal.ie ar aon nós. Ní raibh sé againn i mBéarla go dtí an naoú haois déag. Ní raibh ainm air i Sean-Ghaeilge ach oiread, cé go raibh an rud féin ann. Sampla de a mhair go dtí an lá inniu ná “mac tíre”. Kenning do “faol” atá ann, ar ndóigh. (Is téarma noa é freisin, ach sin scéal eile.)

Seo seancheann eile a thaitníonn liom: “melg n-etha” .i. bainne arbhair .i. leann nó beoir.

Tagann "melg" agus "milk" ón bhfréamh Ind-Eorpach chéanna, *melg- . Ginideach den ainmfhocal “ith” is ea “etha”. Tá “ith” = “arbhar” beo fós san fhocal “iothlainn” = arbhar-áit = “garraí cois an tí ina gcoinnítear cruacha féir agus scácaí arbhair”. Is suimiúil an rud é, dála an scéil, go bhfuil “iothlainn” againn taobh le “leabharlann, otharlann, cartlann, spórtlann, etc. etc.” agus an “lann” chéanna iontu uilig. Ach sin scéal -- nó gearán, nó ábhar pléite -- eile.

Tá macalla deas de “melg n-etha” againn fós, kenning eile. An gá dom é a lua?
:-)