16 Eanáir 2010

“Trí Chloch” redux



Cuirim mini pocket breads*
ar mhuin a chéile.
Trí phíota,
sin beatha,
sin sláinte,
sin trí chéad calra.

*déanta as caiscín

tósta


Íosa ar thósta francach.


Íosa ar thósta cáise.


Íosa ar 153 phíosa tósta,

Cén fáth tósta? Tá míniú teicniúil ann, ar ndóigh: arán mar chanbhás + teas = marcanna “donn ar bhán”. A lán tósta = a lán marcanna. Agus a lán tósta = a lán iteoirí a bhfuil súile agus samhlaíocht acu. Et voilà.

Chuir an tósta seo uilig rud a dúirt Gandhi i gcuimhne dom:

“Dá dtiocfadh Dia i láthair daoine a bhí ag fáil bháis den ocras, ní bheadh sé de dhánacht ann é féin a thaispeáint dóibh ach i riocht bia.”

Support Doctors Without Borders in Haiti

14 Eanáir 2010

traein luais na n-anann


Uaireanta tagann abhainn báistí caol díreach ó na hOileáin Háváíocha soir ó thuaidh go dtí an Pacific Northwest. An Pineapple Express a thugann muid air. Tá an traein luais seo ar a gluaiseacht anois, ag iompar aer te agus a lán báistí chugainn. An teocht is ísle a bheas againn anocht de réir na réamhaisnéise ná 46° F. Tá radharc iontach glan ar “traein luais na n-anann” sa ghrianghraf satailíte seo, a tógadh tráthnóna inniu:


13 Eanáir 2010

ealaín?




An ealaín é Nevada Solar One?

Is é an stáisiún grianchumhachta is mó ar domhan a bhaineann úsáid as teicneolaíocht CSP é. Agus is píosa ealaín chomhshaoil é freisin dar liomsa. Is dóigh liom go bhfuil sé go hálainn, chomh hálainn céanna leis an Spiral Jetty a rinne Robert Smithson sa Great Salt Lake thiar sa bhliain 1970:


Agus chomh hálainn céanna leis an Running Fence a thóg Christo agus Jeanne-Claude i gCo. Marin i gCalifornia sa bhliain 1973:


glas

Cad é dath náisiúnta na hÉireann?
Glas, mar atá a fhios ag an saol mór agus a mháthair.

Cad é teanga náisiúnta na hÉireann?
An Ghaeilge, rud a chuireann iontas ar a lán daoine.


An ndearnadh iarracht riamh ar an nGaeilge a bhrandáil mar “an teanga ghlas”? An bhfuil aon chiall leis sin? Aon tairbhe le baint as? Tá an aidiacht sin níos cumhachtaí ná riamh le déanaí. Just saying...

Aguisín: Is ionann la langue verte agus béarlagair nó slang i bhFraincis, cé nach n-úsáidtear an téarma seo go forleathan.

12 Eanáir 2010

11 Eanáir 2010

punchline eile




AARRRGGHHHH!!! Bhí fonn orm Alan Harrison a thachtadh an lá cheana, bíodh is go bhfuil sé ar shlí na fírinne le cúpla bliain anuas. Fear an-deas a bhí ann, dé réir dealraimh, agus scoláire fiúntach. Ach mo chreach, bhí sé thar a bheith coy maidir le cúlra an scéilín Gaeilge seo a bhfuil suim agam ann... agus a bhfuil dornlíne / buafhocal / focal scoir ceart aige.

Tá tagairt ag Harrison dó, faoi dhó, sa leabhar The Irish Trickster (1989), leabhar nach bhfuil fáil éasca air, dála an scéil. Seo creatlach an scéil:

Bhí bróga deasa nua ag Cinín, an t-óinmhid. Nuair a bhí sé ólta, chuir sé faoina cheann iad mar philiúr agus thit sé ina chodladh. Bhain duine den chomhluadar amach faoina cheann iad agus chuir seanphéire caite ina n-áit. Nuair a dhúisigh Cinín ar maidin chuir sé a lámh faoina cheann agus tharraing amach na bróga. “Bad cess to me,” a dúirt sé, “my head wears shoes out faster than my feet.”

Ní thugann Harrison dúinn ach leagan Béarla den scéilín. Agus níos measa fós, ní deir sé cá bhfuil an bunleagan le fáil. Séard a deir sé ná gur “late text” atá ann, agus go raibh an Cinín seo “in the court of Cormac MacCarthy the chief of Muskerry who is described as the protector of the jesters’ profession.”

Tá a fhios agam cúpla áit nach bhfuil an scéilín seo ann, mar atá an dá chrosántacht le Dáibhí Ó Bruadair agus an ceann le Fearghal Óg Mac an Bhaird. Agus is dócha nach bhfuil sé in Imtheacht na nÓinmhideadh, cé nach bhfuil mé iomlán cinnte faoi sin.

Is féidir, áfach, go bhfuil an leagan Gaeilge le fáil ina thráchtas ollscoile, a foilsíodh faoin teideal An Chrosántacht (An Clochomhar, 1979). Ach tá sé cuibheasach daor ag €20 móide postas. Soooo... dá mbeadh fáil ar an leabhar sin ag éinne anseo ... agus má bhíonn aga agat ar an leabhar a oscailt agus a scimeáil ... :-)