12 Eanáir 2010
11 Eanáir 2010
punchline eile

AARRRGGHHHH!!! Bhí fonn orm Alan Harrison a thachtadh an lá cheana, bíodh is go bhfuil sé ar shlí na fírinne le cúpla bliain anuas. Fear an-deas a bhí ann, dé réir dealraimh, agus scoláire fiúntach. Ach mo chreach, bhí sé thar a bheith coy maidir le cúlra an scéilín Gaeilge seo a bhfuil suim agam ann... agus a bhfuil dornlíne / buafhocal / focal scoir ceart aige.
Tá tagairt ag Harrison dó, faoi dhó, sa leabhar The Irish Trickster (1989), leabhar nach bhfuil fáil éasca air, dála an scéil. Seo creatlach an scéil:
Bhí bróga deasa nua ag Cinín, an t-óinmhid. Nuair a bhí sé ólta, chuir sé faoina cheann iad mar philiúr agus thit sé ina chodladh. Bhain duine den chomhluadar amach faoina cheann iad agus chuir seanphéire caite ina n-áit. Nuair a dhúisigh Cinín ar maidin chuir sé a lámh faoina cheann agus tharraing amach na bróga. “Bad cess to me,” a dúirt sé, “my head wears shoes out faster than my feet.”
Ní thugann Harrison dúinn ach leagan Béarla den scéilín. Agus níos measa fós, ní deir sé cá bhfuil an bunleagan le fáil. Séard a deir sé ná gur “late text” atá ann, agus go raibh an Cinín seo “in the court of Cormac MacCarthy the chief of Muskerry who is described as the protector of the jesters’ profession.”
Tá a fhios agam cúpla áit nach bhfuil an scéilín seo ann, mar atá an dá chrosántacht le Dáibhí Ó Bruadair agus an ceann le Fearghal Óg Mac an Bhaird. Agus is dócha nach bhfuil sé in Imtheacht na nÓinmhideadh, cé nach bhfuil mé iomlán cinnte faoi sin.
Is féidir, áfach, go bhfuil an leagan Gaeilge le fáil ina thráchtas ollscoile, a foilsíodh faoin teideal An Chrosántacht (An Clochomhar, 1979). Ach tá sé cuibheasach daor ag €20 móide postas. Soooo... dá mbeadh fáil ar an leabhar sin ag éinne anseo ... agus má bhíonn aga agat ar an leabhar a oscailt agus a scimeáil ... :-)
trí chloch
Chuir cuma thriarach an fhir sneachta seo dán beag i gcuimhne dom, ceann a chum mé na blianta ó shin:Altóir
Cuirim clocha
ar mhuin a chéile.
Trí chloch,
sin altóir,
sin ofráil,
sin beannacht.
Gonta, beagán mistiúil, beagán Zenach: dáinín lán-dáiríre, faraor.
Ach fan fóill! Is íomhá í seo a bhfuil féidearthachtaí tráchtála ag baint léi, rud a thuig an dearthóir Woody Hsieh, bail ó dhia air.
10 Eanáir 2010
éoliennes

Éoliennes. Tuirbíní gaoithe i nGaeilge. Is breá liom fileatas an fhocail Fraincise, a thagann ón ainm Æolus ~ Αἴολος , Coimeádaí na nGaoithe. Agus is breá liom na tuirbíní féin, a gcruth agus a bhfeidhm. Is dóigh liom go bhfuil na trí lann i riocht triscéile agus an gas ard caol thar a bheith cuanna.

Agus is dóigh liom go bhfuil siad níos áille fós nuair a bhíonn a lán acu ann, tréad mór acu ag innilt na gaoithe le chéile.

Tá a fhios agam, áfach, nach bhfuil chuile dhuine ar aon intinn liom anseo. Nuair a mhol mé áilleacht an fhocail éolienne, séard a dúirt cara Francach liom fúthu ná « Ça n'a pas de rendement, et c'est moche ! »
08 Eanáir 2010
greann Éireannach ón séú haois déag

Leabhar Aifrinn Stowe
Tháinig an patter éadrom seo ó chrosántach a scríobh Fearghal Óg Mac an Bhaird do Uilleam Búrc sa dara leath den séú haois déag (ca. 1580-1585). Chuir Pádraig Ó Macháin an téacs seo, meascán de rainn agus prós, in eagar in Celtica 25 (féach Prose 15 ar leathanach 189). Rinne mé cúpla mionathrú sa litriú ach níor athraigh mé aon rud eile anseo:
Agus is greannmhar do fhiafraigh an sagart ó Ghleann Chon Chaidhin de phríomhfháidh na hÉireann an den dá aspal déag Fionn mac Cumhaill.
Agus is sultmhar do fhiafraigh an sagart céanna, agus é iar gceannach leabhair aifrinn ó cheannaí sa Srádbhaile, “Fa do mhionnaibh anois, a cheannaí, an é an leabhar aifrinn féin do cheannaíos uait?”
Subscribe to:
Posts (Atom)





