08 Eanáir 2010

greann Éireannach ón séú haois déag


Leabhar Aifrinn Stowe

Tháinig an patter éadrom seo ó chrosántach a scríobh Fearghal Óg Mac an Bhaird do Uilleam Búrc sa dara leath den séú haois déag (ca. 1580-1585). Chuir Pádraig Ó Macháin an téacs seo, meascán de rainn agus prós, in eagar in Celtica 25 (féach Prose 15 ar leathanach 189). Rinne mé cúpla mionathrú sa litriú ach níor athraigh mé aon rud eile anseo:

Agus is greannmhar do fhiafraigh an sagart ó Ghleann Chon Chaidhin de phríomhfháidh na hÉireann an den dá aspal déag Fionn mac Cumhaill.

Agus is sultmhar do fhiafraigh an sagart céanna, agus é iar gceannach leabhair aifrinn ó cheannaí sa Srádbhaile, “Fa do mhionnaibh anois, a cheannaí, an é an leabhar aifrinn féin do cheannaíos uait?”

Alan Rickman / Oscar Wilde




Hmmm? Céard a cheapann sibh?

07 Eanáir 2010

“Be yourself.”



Cárta breithlá is ea é seo. Deir sé “Happy Birthday to an Original” ar an taobh istigh. Tá ceist -- nó dúcheist -- agam oraibh. Conas a déarfadh sibh “be yourself” i nGaeilge? Ní dóigh liom go bhfuil "bí thú féin” inghlactha. Ní féidir "bí fear” nó “bí bean” a rá, tar éis an tsaoil.

Moltaí?

04 Eanáir 2010

“camrann”


Seo rann aisteach ó imeall íochtarach leathanach 101 sa lámhscríbhinn 23 P 16 de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann, .i. An Leabhar Breac. Tosaíonn sé leis an dá líne seo:

Dorigniusa camrand certchoir
.iiii. nanmand xxet fir:

Is ionann an dara líne seo agus “24 ainmneacha fir”. Tá súil agam go mbeidh muid á phlé seo ar Old-Irish-L. Feicfidh muid.

1.

2.

3.

4.

5.

6.

7.

03 Eanáir 2010

Lasciate ogni speranza, voi ch'entrate.


Crosbhealach in Ifreann


“Ní raibh teannadh ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam!”

blaisféim



Tá an dlí ar thug Mise Áine tagairt dó i Mí na Bealtaine i bhfeidhm anois. Ceist: cén teideal atá air i nGaeilge? An bhfuil an leagan oifigiúil (i nGaeilge) ar fáil ar an idirlíon?

02 Eanáir 2010

Colm Cille


Spreag dán a chuir Aonghus ar a bhlag inniu mé leis na pictiúir seo den naomh le Clare Melinsky a aimsiú dó.



(Dála an scéil, a Aonghuis, is féidir liom nasc a chur le do bhlag, ach ní féidir liom nasc a chur le halt ar leith.)