03 Eanáir 2010

Lasciate ogni speranza, voi ch'entrate.


Crosbhealach in Ifreann


“Ní raibh teannadh ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam!”

blaisféim



Tá an dlí ar thug Mise Áine tagairt dó i Mí na Bealtaine i bhfeidhm anois. Ceist: cén teideal atá air i nGaeilge? An bhfuil an leagan oifigiúil (i nGaeilge) ar fáil ar an idirlíon?

02 Eanáir 2010

Colm Cille


Spreag dán a chuir Aonghus ar a bhlag inniu mé leis na pictiúir seo den naomh le Clare Melinsky a aimsiú dó.



(Dála an scéil, a Aonghuis, is féidir liom nasc a chur le do bhlag, ach ní féidir liom nasc a chur le halt ar leith.)

teoiric na bpónairí



Seo é an bia a bhí ar na plátaí aréir, dinnéar Lá Caille. Tá traidisiún ann a deir go mbeidh rath agat sa bhliain nua má itheann tú pónairí black-eyed ar Lá Caille. Tá an traidisiún seo an-láidir sa Deisceart, ach tá sé ag leathnú ar fud na tíre de réir a chéile. An teoiric atá taobh thiar de na pónairí ná gur cheart an bhliain a thosú le béile umhal neamhchostasúil. Níl aon rud níos umhla ná pónairí agus rís. Hoppin John a thugtar ar an dá rud le chéile, agus tá na mílte leagan de seo ann. Tá giota beag bagúin sa leagan thuas, in éindí le hoinniún agus piobar dearg. Rís dhonn atá ar an bpláta taobh leis. Is béile umhal é seo, ach ní béile gortach é ar chor ar bith. Bíonn a lán de ann i gcónaí agus tá sé an-bhlasta!

01 Eanáir 2010

Siva ag CERN



Is cosúil go mbeidh an chéad rith eile den Large Hadron Collider (Imbhuailteoir Mór Hadrónanna) de chuid CERN i Mí Feabhra. Tá súil ag na fisicithe go gcuideoidh an t-imbhuailteoir ollmhór seo leo cuid de cheisteanna bunaidh na fisice a réiteach, ceisteanna a bhaineann leis an dá mhíniú mór atá againn ar oibriú na cruinne, mar atá meicnic chandamach, agus teoiric ghinearálta na coibhneasachta. I bhfocail eile, ceisteanna a bhaineann le damhsa mór na cruinne.

Tá íomhá ag CERN a léiríonn an damhsa seo go meafarach, i dtéarmaí a thagann ó mhiotaseolaíocht na hIndia, íomhá de Shiva Nataraja (शिव नटराज), Tiarna an Damhsa. Thug Rialtas na hIndia an íomhá seo do CERN sé bliana ó shin.

Mar is gnách leis an ealaíon seo, tá ciall fhileata ag chuile chuid den íomhá, ón abhac (.i. aineolas) aníos go dtí an tine a thimpeallaíonn an damhsóir (.i. an cosmas follasach).

Tá druma beag ina láimh dheas uachtarach. Fuaim an chruthaithe is ea é seo.

Tá tine ina láimh chlé. Léirscrios na cruinne is ea í seo.

Déanann sé an abhaya mudra lena láimh dheas eile. “Ná bíodh eagla ort” is ciall leis seo.

Díríonn sé a lámh chlé eile ar a chos thógtha. Ciallaíonn sé seo go bhfuil saoirse ó aineolas ar fáil.


Tá cur síos an-deas ar an íocónagrafaíocht seo le léamh anseo.

“Na Buanaithe” le Pieter Bruegel


Nuair a bhíonn na seacht sraith ar an iomaire agat...
... déan spás le do dhroim a dhíriú
agus do scíth a ligean.

Cliceáil ar an íomhá len í a mhéadú.

31 Nollaig 2009

Go raibh an fórsa leat sa bhliain 2010!



  • an fórsa imtharraingthe
  • an fórsa lártheifeach
  • an fórsa inmheánach

  • an fórsa saothair
  • an fórsa neamhghníomhach geilleagrach
  • an fórsa geilleagrach gníomhach tionscnaimh

  • an fórsa frithghnímh mhear
  • an fórsa comhbhách póilíneachta
  • agus an bhriogáid dóiteáin.
Gan trácht ar Lady Luck, an Eilifint-is-Dia agus Muire na nGael.