02 Eanáir 2010

teoiric na bpónairí



Seo é an bia a bhí ar na plátaí aréir, dinnéar Lá Caille. Tá traidisiún ann a deir go mbeidh rath agat sa bhliain nua má itheann tú pónairí black-eyed ar Lá Caille. Tá an traidisiún seo an-láidir sa Deisceart, ach tá sé ag leathnú ar fud na tíre de réir a chéile. An teoiric atá taobh thiar de na pónairí ná gur cheart an bhliain a thosú le béile umhal neamhchostasúil. Níl aon rud níos umhla ná pónairí agus rís. Hoppin John a thugtar ar an dá rud le chéile, agus tá na mílte leagan de seo ann. Tá giota beag bagúin sa leagan thuas, in éindí le hoinniún agus piobar dearg. Rís dhonn atá ar an bpláta taobh leis. Is béile umhal é seo, ach ní béile gortach é ar chor ar bith. Bíonn a lán de ann i gcónaí agus tá sé an-bhlasta!

01 Eanáir 2010

Siva ag CERN



Is cosúil go mbeidh an chéad rith eile den Large Hadron Collider (Imbhuailteoir Mór Hadrónanna) de chuid CERN i Mí Feabhra. Tá súil ag na fisicithe go gcuideoidh an t-imbhuailteoir ollmhór seo leo cuid de cheisteanna bunaidh na fisice a réiteach, ceisteanna a bhaineann leis an dá mhíniú mór atá againn ar oibriú na cruinne, mar atá meicnic chandamach, agus teoiric ghinearálta na coibhneasachta. I bhfocail eile, ceisteanna a bhaineann le damhsa mór na cruinne.

Tá íomhá ag CERN a léiríonn an damhsa seo go meafarach, i dtéarmaí a thagann ó mhiotaseolaíocht na hIndia, íomhá de Shiva Nataraja (शिव नटराज), Tiarna an Damhsa. Thug Rialtas na hIndia an íomhá seo do CERN sé bliana ó shin.

Mar is gnách leis an ealaíon seo, tá ciall fhileata ag chuile chuid den íomhá, ón abhac (.i. aineolas) aníos go dtí an tine a thimpeallaíonn an damhsóir (.i. an cosmas follasach).

Tá druma beag ina láimh dheas uachtarach. Fuaim an chruthaithe is ea é seo.

Tá tine ina láimh chlé. Léirscrios na cruinne is ea í seo.

Déanann sé an abhaya mudra lena láimh dheas eile. “Ná bíodh eagla ort” is ciall leis seo.

Díríonn sé a lámh chlé eile ar a chos thógtha. Ciallaíonn sé seo go bhfuil saoirse ó aineolas ar fáil.


Tá cur síos an-deas ar an íocónagrafaíocht seo le léamh anseo.

“Na Buanaithe” le Pieter Bruegel


Nuair a bhíonn na seacht sraith ar an iomaire agat...
... déan spás le do dhroim a dhíriú
agus do scíth a ligean.

Cliceáil ar an íomhá len í a mhéadú.

31 Nollaig 2009

Go raibh an fórsa leat sa bhliain 2010!



  • an fórsa imtharraingthe
  • an fórsa lártheifeach
  • an fórsa inmheánach

  • an fórsa saothair
  • an fórsa neamhghníomhach geilleagrach
  • an fórsa geilleagrach gníomhach tionscnaimh

  • an fórsa frithghnímh mhear
  • an fórsa comhbhách póilíneachta
  • agus an bhriogáid dóiteáin.
Gan trácht ar Lady Luck, an Eilifint-is-Dia agus Muire na nGael.

páipéarachas?



Tá sí báite i bpáipéarachas.

Dar le FGB, is ionann “páipéarachas” agus “stationery”. Ach deir focal.ie go gciallaíonn sé “paperwork” chomh maith. Ceist: an mbeadh “obair pháipéir” níos fearr anseo?

30 Nollaig 2009

deatú in Inse Ghall & san Oileán Úr




aisean Callaig na mo phòcaid,
Is mòr an ceò thig as an fhear ud.
Chan eil aon gheobh de àile
Nach bi gu bràth de fallain.






Caiseán Cáille i mo phóca,
Is mór an ceo a thiocfaidh as an ceann úd.
Níl éinne a gheobhaidh boladh de
Nach mbeidh go brách folláin de.
-- Carmina Gadelica, lch. 152

Maidir leis an gcaisean Callaig, nó an caisean uchd, seo é an sainmhíniú atá ag Dwelly:

The breast strip of a sheep killed at Christmas, or on New Year's eve, and singed and smelled by each member of the family, as a charm against fairies and spirits.

Is ar Oíche Chinn Bliana (nó Oíche na Coda Móire, ainm eile a thaitníonn liom) a tharla sé seo sa sean-am, nuair a chuaigh na gillean Callaig ó theach go teach. Mmmmm... olann dhóite. Tá mé cinnte gur chuir sé sin an ruaig ar sprid ar bith a bhí ar foscadh faoi na fraitheacha!

Déantar an deatú, nó smudging, abhus anseo le beart beag sáiste thirim de ghnáth, nó uaireanta le féar milis (Hierochole odorata) nó le céadras. Deirtear gur íontóir é an deatach, cibé is ciall leis sin. Tá sé i bhfad níos milse ná olann dhóite ar aon nós.


Pé scéal é, slán le 2009.

29 Nollaig 2009

“suas go dtí mo chluasa”


“Hasta las Narices” le Ivan Puig

Estoy hasta las narices de trabajo.
(lit.) Tá mé go dtí na polláirí d'obair.

Ich stecke bis über die Ohren in Arbeit.

I'm up to my ears in work.

Níl cor cainte a bhaineann úsáid as an íomhá seo ag na Francaigh, áfach, go bhfios dom. Níl aon rud mar sin ag na Gaeil ach oiread. Ach tá ceann an-deas againn mar sin féin, cuimhneachán ar shaol a bhí ann go dtí le déanaí:

Tá na seacht sraith ar an iomaire agam.