29 Nollaig 2009

“solas agus teas gan smúit”



Fuair lucht an tuaiscirt solas agus teas gan smúit leis an qulliq. Tá físeán iontach faoina úsáid ag: Qulliq (Oil Lamp) | IsumaTV .


27 Nollaig 2009

Newton Stone, an script


Beagán níos mó eolais dóibh siúd a bhfuil spéis acu san inscríbhinn seo.

Cliceáil ar an gclár len é a mhéadú.


Sanas Donnchaid



fiaclóir .i. duine a bhíonn ag obair ar fhiacla .i. dentist

altóir .i. duine a bhíonn ag obair ar ailt nó altanna .i. iriseoir .i. journalist; aliter ortaipéidí .i. joint specialist .i. duine a dhíolann marachuan

cainteoir .i. duine a dhéanann caint .i. speaker

éagóir .i. duine a dhéanann éag .i. feallmharfóir .i. hit man; aliter duine atá ag fáil bháis .i. circling the drain; aliter duine a fuair bás .i. deader; aliter duine atá ag tuar báis .i. trú .i. a gone pecan

26 Nollaig 2009

tréimhsí na beatha



  1. Leanabaíocht
  2. Óige
  3. Meánaois
  4. “Tá tú níos áille ná riamh!”

Newton Stone


Tá an Newton Stone á phlé ar an liosta Old-Irish-L faoi láthair. Seo pictiúir den téacs atá i gceist, nár aistríodh riamh. Deir cúpla scoláire gur “debased Roman letters” atá san inscríbhinn, ach níl siad ar aon intinn ar chor ar bith maidir le brí na litreacha





Ar aghaidh linn...


... suas go dtí an mullach (cibé ar bith atá air) agus nár thite an lug ar an lag orainn ...


... ná an bhó ach oiread!

25 Nollaig 2009

aimsir leadránach



Tá crios ardbhrú ina shuí orainn anseo i gceantar Puget Sound faoi láthair. Tá scamaill ísle ina luí ar gcuid mhaith den réigiún dá dheasca, mar atá le feiceáil sa ghrianghraf seo a rinne Reid Wolcott, mac léinn in Atmospheric Sciences san Ollscoil anseo. Is iad na Sléibhte Olympic a fheiceann tú sa chúlra. An chéad rud a rinne mé ar an ríomhaire ar maidin ná dul go dtí suíomh Puget Sound Clean Air Agency le fáil amach an bhfuil burn ban i bhfeidhm sa chontae seo. Ní bhaineann muid a lán úsáide as an tinteán -- níl sé éifeachtach ná “glas” -- ach tá an tine go hálainn agus an-chairdiúil ar ócáidí speisialta, agus beidh cairde chunn dinnéir againn anocht. Ar an dea-uair dúinn, cé go bhfuil cosc ar thinte sna contaetha máguaird, tá an ghrian ag dealramh ar Sheattle agus tá cead againn bloc na Nollag a lasadh.

Go raibh solas agus teas gan smúit agaibh uilig anois agus san athbhliain!