24 Nollaig 2009

Lenin feistithe le haghaidh an tséasúir



Chuir mé Lenin in Fremont in aithne daoibh tamall ó shin. Seo agaibh arís é, ag drithliú i ndúluachair an gheimhridh. :-)

22 Nollaig 2009

Bloc na Nollag mar árachas dóiteáin



Seo mar a oibríonn sé:
  • Faigh píosa adhmaid, giúis más féidir, atá sách mór: chomh mór le do bhróg nó níos mó.
  • Cuir sa tine é Oíche Nollag agus lig dó lasadh.
  • Ansin cuir amach é agus fág amuigh é go mbeidh sé fuar.
  • Tabhair isteach arís é agus fág ansin é go ceann bliana agus le grásta Dé ní rachaidh an teach trí thine agus é ann.
Aon cheisteanna?

20 Nollaig 2009

an t-óltóir agus an leon



Nuair a bhíonn an fíon istigh bíonn an leon amuigh.

Seo pictiúirín ó Leabhar Cheanannais. Is oth liom nach bhfuil ach an líníocht seo agam daoibh. Ní raibh mé in ann grianghraf de a aimsiú ar an idirlíon. Tá mé á chur faoi bhur mbráid toisc go bhfuil teideal nó giota comhrá ag teastáil uaidh. Níl aon rud agamsa fós. Is ag fanacht le hinspioráid --nó le cabhair uaibhse -- atá mé!

Agúisín: Tá mé an-bhuíoch d' Aonghus as ucht an fhoscríbhinne thuas. Feileann an cor a chuir sé sa seanfhocal go hiontach maith don phictiúr!

19 Nollaig 2009

Tá an saol ró-ghairid le bheith ag ól droch-fhíona.



“Mmmm. Breochlochach agus beagáinín spíosrach. Braithim dair, fanaile agus soupçon de chnó cócó ann. Srón dheas. Áiméan.”

Tá an ghloine seo...



  1. leathlán.
  2. leathfholamh.
  3. dhá uair chomh mór lena a bhfuil ag teastáil.
  4. Hoigh! Cá bhfuil an bheoir?
Do fhreagra?

17 Nollaig 2009

an chruinne go léir



Tháinig mé ar an bpictiúr seo, le Joey Fauerso, de thimpiste an lá cheana. Chuir sé scéilín i gcuimhne dom, scéilín ón India faoin “Leanbh is Dia” eile. Balakrishna .i. Krishna an Páiste, atá mé a rá.

Nuair a bhí Krishna ina thachrán, i bhfad níos óige ná an fear óg thuas, bhí sé ag súgradh sa chlós lena dheartháir mór agus leis na páistí eile. Chuir an leaidín píosa créafóige ina bhéal. Rith na páistí eile chuig Yashoda, a bhuime, agus dúirt siad léi, “Tá Krishna ag ithe créafóg!”
“O, nach ndúirt mé leat gan rudaí a chur i do bhéal, a mhaicín?”
“Níor chuir,” a dúirt Krishna faoina fhiacla.
“Oscail do bhéal mar sin le go bhfeicfidh mé.”
D'oscail.
Baineadh an anáil de Yashoda. Chonaic sí an chruinne go léir sa bhéal sin: sléibhte, aibhneacha, pláinéid, grianta, réaltraí, spás agus am, neacha saolta agus neamhshaolta, gan chríoch gan stad! Do chuir a meabhair thar maoil agus thit sí i meirfean.

Sin é mo scéal agus más bréag uaim é, ba bhréag chugam é, ní mise a chum ná a cheap.


Sciath Dhearg, etc.


péintéireacht aicrileach le Jim Nelson

Sciath Dhearg
Dath na Spéire
Mac an Fhaolchú
Fear Ionúin

Tá na sloinnte seo uilig á n-úsáid inniu, ina dteanga féin, ag an bpobal seo:

  1. Lakota (Sioux)
  2. Cherokee (Tsalagi)
  3. Svan
  4. uile thuas
  5. eile