19 Nollaig 2009

Tá an saol ró-ghairid le bheith ag ól droch-fhíona.



“Mmmm. Breochlochach agus beagáinín spíosrach. Braithim dair, fanaile agus soupçon de chnó cócó ann. Srón dheas. Áiméan.”

Tá an ghloine seo...



  1. leathlán.
  2. leathfholamh.
  3. dhá uair chomh mór lena a bhfuil ag teastáil.
  4. Hoigh! Cá bhfuil an bheoir?
Do fhreagra?

17 Nollaig 2009

an chruinne go léir



Tháinig mé ar an bpictiúr seo, le Joey Fauerso, de thimpiste an lá cheana. Chuir sé scéilín i gcuimhne dom, scéilín ón India faoin “Leanbh is Dia” eile. Balakrishna .i. Krishna an Páiste, atá mé a rá.

Nuair a bhí Krishna ina thachrán, i bhfad níos óige ná an fear óg thuas, bhí sé ag súgradh sa chlós lena dheartháir mór agus leis na páistí eile. Chuir an leaidín píosa créafóige ina bhéal. Rith na páistí eile chuig Yashoda, a bhuime, agus dúirt siad léi, “Tá Krishna ag ithe créafóg!”
“O, nach ndúirt mé leat gan rudaí a chur i do bhéal, a mhaicín?”
“Níor chuir,” a dúirt Krishna faoina fhiacla.
“Oscail do bhéal mar sin le go bhfeicfidh mé.”
D'oscail.
Baineadh an anáil de Yashoda. Chonaic sí an chruinne go léir sa bhéal sin: sléibhte, aibhneacha, pláinéid, grianta, réaltraí, spás agus am, neacha saolta agus neamhshaolta, gan chríoch gan stad! Do chuir a meabhair thar maoil agus thit sí i meirfean.

Sin é mo scéal agus más bréag uaim é, ba bhréag chugam é, ní mise a chum ná a cheap.


Sciath Dhearg, etc.


péintéireacht aicrileach le Jim Nelson

Sciath Dhearg
Dath na Spéire
Mac an Fhaolchú
Fear Ionúin

Tá na sloinnte seo uilig á n-úsáid inniu, ina dteanga féin, ag an bpobal seo:

  1. Lakota (Sioux)
  2. Cherokee (Tsalagi)
  3. Svan
  4. uile thuas
  5. eile

15 Nollaig 2009

dúshlán


Tá sceach i mo scornach!


Tugaim dúshlán lucht Photoshop (Ormondo agus Dubhaltach, mar shampla!) an leagan Gaeilge den chor cainte seo a léiriú.

13 Nollaig 2009

“Tá sé ag tabhairt an fhéir.”



(Cliceáil ar an íomhá mura féidir leat na focail a léamh.)

Seo dhá leathanach as leabhar dar teideal Les Idiomatics, leabhar a tháinig amach sa Fhrainc fiche bliain ó shin. Tá dhá chor cainte is daichead ann, an leagan Fraincise ar leathanach amháin agus a leathbhreac Béarla ar an leathanach eile. Is iad na léaráidí le Nestor Salas a chuireann beocht is greann sa leabhrán seo ... agus a ghreamaíonn na cora cainte i gcuimhne an fhoghlaimeora. An bhfuil aon rud mar seo againn i nGaeilge/Béarla?

11 Nollaig 2009

“chilly bidet”



Tá an donut oighir ar bhéal an phota scairdeáin seo ag fás go fóill. Bhaist cara liom an chilly bidet air. Meas tú an mbeadh áit dó in óstán oighir mar an gceann seo sa tSualainn?