Is maith an rud é go bhfuil cos i dtaca fós againn, mar Ghaeil, ar Oileán Mhanann. Ach caithfidh mé a admháil go gcuireann litriú a dteanga aoibh an gháire orm go minic. Doolish an t-ainm sa tuiseal ainmneach.
Dála an scéil, fuair an Béarla an focal “ghoul” go díreach ón Araibis: غول :
Samhradh agus geimhreadh. Tá bile dheas oighir ar an bpota. Bheadh an t-uisce ina leac oighir murach an pumpa a bheith ag obair lá is oíche. 7° / 26° atá sé amuigh ansin anois díreach ag leathuair tar éis a haon déag ar maidin.
“Einige Kreise” le Wassily Kandinsky / Василий Кандинский, 1926
Cúpla mí ó shin rinne mé aistriúchán de shliocht as In Tenga Bithnuaanseo, a thosaigh leis an abairt “Is i gcruinne a cumadh gach dúil de réir chruthanna an domhain.” Inniu, fuair mé alt ar an gcéad leathanach den Science Times de chuid an New York Times leis an teideal The Circular Logic of the Universe le Natalie Angier. Bhí Angier díreach tar éis cuairt a thabhairt ar thaispeántas de phéintéireacht Kandinsky sa Ghuggenheim.
Is amhlaidh a thit Kandinsky i ngrá leis an gciorcal mar mhóitíf. Mhínigh sé tábhacht an chiorcail mar seo: “[It] is a link with the cosmic ... a synthesis of the greatest oppositions. It links the concentric with the eccentric in a form of equilibrium. Of the three primary forms [triantán, ciorcal, cearnóg] it is the clearest turning toward the fourth dimension.”
Scríobh Dubhaltach faoin gclár seo Who Was Jesus?,ar a bhlag inniu, agus dúirt Aonghus “[B]íonn leagan nua den Íosa stairiúil ann gach caoga bliain nó mar sin.”
Nocht an cartún seo sa Los Angeles Free Press sa bhliain 1967. Thaitin sé riamh liom.