09 Nollaig 2009

ciorcal na bliana




Samhradh agus geimhreadh. Tá bile dheas oighir ar an bpota. Bheadh an t-uisce ina leac oighir murach an pumpa a bheith ag obair lá is oíche. 7° / 26° atá sé amuigh ansin anois díreach ag leathuair tar éis a haon déag ar maidin.

08 Nollaig 2009

cruinne & an chruinne, arís


“Einige Kreise” le Wassily Kandinsky / Василий Кандинский, 1926

Cúpla mí ó shin rinne mé aistriúchán de shliocht as In Tenga Bithnua anseo, a thosaigh leis an abairt “Is i gcruinne a cumadh gach dúil de réir chruthanna an domhain.” Inniu, fuair mé alt ar an gcéad leathanach den Science Times de chuid an New York Times leis an teideal The Circular Logic of the Universe le Natalie Angier. Bhí Angier díreach tar éis cuairt a thabhairt ar thaispeántas de phéintéireacht Kandinsky sa Ghuggenheim.

Is amhlaidh a thit Kandinsky i ngrá leis an gciorcal mar mhóitíf. Mhínigh sé tábhacht an chiorcail mar seo: “[It] is a link with the cosmic ... a synthesis of the greatest oppositions. It links the concentric with the eccentric in a form of equilibrium. Of the three primary forms [triantán, ciorcal, cearnóg] it is the clearest turning toward the fourth dimension.”

07 Nollaig 2009

Is é an draoi an t-éadach.







Ceist ag éinne?

“Cérbh é Íosa?”


Scríobh Dubhaltach faoin gclár seo Who Was Jesus?, ar a bhlag inniu, agus dúirt Aonghus “[B]íonn leagan nua den Íosa stairiúil ann gach caoga bliain nó mar sin.”

Nocht an cartún seo sa Los Angeles Free Press sa bhliain 1967. Thaitin sé riamh liom.

Tagairt don chlár teilifíse To Tell the Truth is ea é seo.

osréalachas miotaseolaíoch


06 Nollaig 2009

Grianstad an Gheimhridh



Má chaill tú Oíche Shamhna, ná bíodh brón ort.
Beidh deis eile agat i gceann coicíse!


05 Nollaig 2009

Chanukah glas



Bhíodh coinnleoir craobhach, meanóra, ar lasadh de shíor sa Teampall in Iarúsailéim nuair ab ann dó. De réir an scéil sa Talmud, nuair a fuair na Maccabees an Teampall ar ais ó arm Antiochus IV, ní raibh ach pota amháin ola coisricthe le fáil. Ba leor an méid sin le lampaí an mheanóra a choinneáil ag dul ar feadh lá amháin, sin an méid. Ach, ionadh na n-ionadh, mhair na lampaí ar lasadh ar feadh ocht lá. Is dá bhrí sin atá ocht solas, móide ceann breise ar a dtugtar an shamash, an seirbhíseach, sa mheanóra a úsáidtear le Chanukah a cheiliúradh. Tá Giúdaigh ann inniu a mhaíonn, idir shúgradh is dáiríre, gur sampla luath de chaomhnú fuinnimh a bhí sa “mhíorúilt” seo. Níl meanóra níos fearr ann leis an smaoineamh seo a thaispeáint ná an ceann beag álainn seo atá déanta as lampaí LED.

Tosaíonn Chanukah Dé hAoine seo chugainn le luí na gréine.