07 Nollaig 2009
06 Nollaig 2009
05 Nollaig 2009
Chanukah glas

Bhíodh coinnleoir craobhach, meanóra, ar lasadh de shíor sa Teampall in Iarúsailéim nuair ab ann dó. De réir an scéil sa Talmud, nuair a fuair na Maccabees an Teampall ar ais ó arm Antiochus IV, ní raibh ach pota amháin ola coisricthe le fáil. Ba leor an méid sin le lampaí an mheanóra a choinneáil ag dul ar feadh lá amháin, sin an méid. Ach, ionadh na n-ionadh, mhair na lampaí ar lasadh ar feadh ocht lá. Is dá bhrí sin atá ocht solas, móide ceann breise ar a dtugtar an shamash, an seirbhíseach, sa mheanóra a úsáidtear le Chanukah a cheiliúradh. Tá Giúdaigh ann inniu a mhaíonn, idir shúgradh is dáiríre, gur sampla luath de chaomhnú fuinnimh a bhí sa “mhíorúilt” seo. Níl meanóra níos fearr ann leis an smaoineamh seo a thaispeáint ná an ceann beag álainn seo atá déanta as lampaí LED.
Tosaíonn Chanukah Dé hAoine seo chugainn le luí na gréine.

03 Nollaig 2009
“athrach”

Seo dhá cheann de na samplaí faoi “athrach” in FGB:
- Tá athrach ar an aimsir.
- Tá athrach saoil ann.
Téann an grianghraf thuas (kudos don duine a rinne an photoshopáil) thar fóir, ar ndóigh. Ach tá oighearshruthanna ar fud an domhain ag cúlú ó bhliain go bliain. Tosaíonn aibhneacha móra na hÁise go léir sna Himiléithe. Soláthraíonn na hoighearshruthanna seo an t-usice atá ag teastáil ón tSín, ón India, ó Bhangladesh, ó Vietnam, etc. le cruithneacht agus rís a thógáil. Má théann na hoighearshruthanna seo i ndísc, ní bheith siad in ann na barra seo a uisciú mar a dhéantar anois. Agus ansin?
02 Nollaig 2009
abstinence

Nuair a bhaintear úsáid as an bhfocal “abstinence” anseo i Meiriceá, séard atá i gceist beagnach i gcónaí ná staonadh ó bhualadh craicinn. Chuaigh mé chuig an bhfoclóir Béarla-Gaeilge anois díreach. Fuair mé:
abstinence, s. (a) Tréanas m. (b) Total abstinence, lánstaonadh m (ón deoch mheisciúil).
Tá go maith. Is sa bhliain 1959 a foilsíodh an foclóir. Chuaigh mé go focal.ie. Fuair mé “tréanas” ansin, agus “Cumann na Réadóirí”. Agus sin a méid.
An bhfuil an ceart ag an T-léine thuas? Nach bhfuil an focal seo ag teastáil ar chor ar bith in Éirinn leis an gciall Mheiriceánach?
:-)
Subscribe to:
Posts (Atom)







