
Is rídhócha nach bhfuil an focal “onchú” i do léacsacan reatha. Deir FGB gur focal liteartha é a chiallaíonn:
- Savage beast.
- Banner (depicting wild beast).
- Fierce warrior.
b) a banner or standard, prob. orig. one on which an ‘onchú’ was depicted.
Ní dóigh liom gur gnáth-bhratach a bhí ann, áfach, ach rud eile a bhí an-chosúil le cochall gaoithe (wind sock). Is é an sliocht seo a leanas as leagan Stowe den Táin a thug an smaoineamh seo dom:
“Ro gab Laogh ag griosadh agus ag glámadh Conculainn samlaidh, co ro lion att agus infisi Coinculainn amail linas gaoth onchú óbhél oslaicthi, go n-derna sduaigh n-uathbásaigh n-anaithnidh dhe amail sduaigh nimhi re frais fearthana, agus iondsaigh docum Fir diad mar dremne dreaccan no mar nert n-árcon.”
... gur líon at agus bolgadh Cú Chulainn mar a líonann gaoth onchú bhéal-leathan bhéal-leata...
Séard a fheicim anseo ná cur síos ar an “meirge” atá le feiceáil sa phictiúr thuas (ón Psalterium Aureum, ca. 850). Draco an t-ainm a bhí air. Fuair na Rómhánaigh é ó na Sarmátaigh sa dara haois, de réir an suímh seo. Bhí an ceann béal-leathan déanta as miotal agus an corp draganta as éadach. Líon an ghaoth an corp díreach mar a líonann sí cochall gaoithe. Tá na híomhánna thíos de onchoin le feiceáil ar an gColún Trajana sa Róimh, a críochnadh sa bhliain 113.
Dála an scéil, is féidir leagan nua-aimseartha den onchú a fháil anseo.









