23 Samhain 2009

à chacun ses goûts














Rogha an Dá Chat

Is maith le Michael
pinn, tairní, agus
cipíní itheacháin:
slender stiff objects
de réir rangú
an bhriathair Navajo.
“Nítįįh,” a deir sé,
“tabhair rud atá
tanaí dolúbtha.”

Is maith le Molly
péisteoga, seilidí,
is bandaí rubair:
rudaí a dtéann
an focal rangaithe
tiáo (条) leo i Sínis,
toisc iad a bheith
fada, tanaí, solúbtha
ar nós eascainne.

22 Samhain 2009

Sauve qui peut.



Faichill a thóna féin ar gach fear!

(Is breá liom an nath seo.)

20 Samhain 2009

comhartha an chait



D'fhág Michael nó Molly, níl a fhios agam cé acu, a c(h)omhartha i bpaiste plástair arú aréir. Thóg mé an pictiúr seo sular scrios an tógálaí rian na gcrúcaí is na “méar”. Is maith liom go mór tréanna mar seo. Chum mé an grianghraf thíos i nDeath Valley san earrach:


Agus rinne mé cárta cuairte den íomhá ina dhiaidh sin:



ceist




Más fíor gurb é an dóigh is fearr le blagadóir a chur ina thost ná duais a thabhairt dó, cad é an dóigh is fearr len é a ghríosú chun scríofa arís?

“Is álaind cech nderg.”



Ithim pomagránait,

síol i ndiaidh síl,
gach síol ina sheoid,
gach seoid acu
milis agus géar.

Is leor síol amháin
ar feadh meandair.



Grianghraf den phomagránait atá á ithe agam thuas.

19 Samhain 2009

scéal an dá chaor


Tá caor againn in iarthuascairt Mheiriceá agus Cheanada a dtugtar saskatoonserviceberry uirthi. Tá sí an-chosúil le fraochán, ach tá níos mó síolta inti agus tá blas péitseoga agus fanaile le brath uirthi. Bhí ard-mheas ag na hIndiaigh orthu mar bhia. Cnuasaím cúpla cárt díobh de ghnáth i Mí an Mheithimh. Ar an drochuair ní raibh an toradh go maith i mbliana, ach sin scéal eile.


Tá caor eile ann atá dúchasach don tír seo a dtugtar snowberry uirthi. Tuigtear dom go bhfuil sí le feiceáil i bhfálta ar fud Éireann anois freisin. Is aisteach an planda é. Tá a chaora chomh bán le sneachta, tá siad searbh, agus fanann siad ar na géaga ar feadh an gheimhridh tar éis do na duilleoga titim ar lár. Tá cúpla tom ag fás anseo taobh thiar den teach agus tá na caora an-fheiceálach.


Tá ainm eile ar an gcaor seo: corpse berry. De réir scéalta na ndaoine dúchasach sna bólaí seo, tá gach uile rud bunoscionn san alltar, sa saol eile. Bíonn na daoine thall ina gcodladh de ló agus ina ndúiseacht d'oíche. Tá caora sascatún sa tír sin, ceart go leor. Ach is bán atá siad. Is caora sneachta iad. An t-ainm atá ar na caora sneachta i scéal St'át'imc ná “caora sascatún na ndaoine i dTír na Marbh”. Is maith liom an t-ainm sin. Is álainn na caora iad, ach tá mílí an bháis orthu san am céanna.

16 Samhain 2009

Banbh bocht!



Tráth den saol in Éirinn, bhíodh “setting adrift” in úsáid mar phionós. Seo sliocht as Corpus Iuris Hibernici (v. ii, 744.32-35) :

Duine seo curtar a cliab aenluaiste amach for muir ina cintaib anfoit no inndethbiri torba in airet is leir geilsciath for muir; lon menaidhe aenaidhce lais, 7 geann orda tri ndornd ina laim ac dingbail aithide in mara de.


Cuirtear an duine seo amach ar muir chomh fada agus atá sciath gheal infheicthe, i gcurach le céaslach amháin, de bharr coireanna nó damáiste a rinne sé le faillí. Bíonn lón bia¹ aon oíche leis, agus casúr² ina láimh le héin na mara a ruaigeadh.


1. menadach, praiseach déanta as min agus uisce, le bheith cruinn

2. rud éigin cosúil le casúr, de réir dealraimh; níl an cur síos air ró-shoiléir